CATHAL MAC COILLE: An ‘Trumpapacailipis’ chugainn sa Teach Bán?

Donald Trump sa Teach Bán? Ní raibh a leithéid riamh ann, a deir ár gcolúnaí

CATHAL MAC COILLE: An ‘Trumpapacailipis’ chugainn sa Teach Bán?

Rinne Larry Donnelly ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh cur síos gonta ar thábhacht agus ar thionchar thoghadh Donald Trump mar uachtarán nuair a labhair sé ar RTÉ go moch ar maidin.

“Crith talún,” a thug Larry ar thoradh an toghcháin a spreag imní ar fud an domhain. ‘Réabhlóid’ a thug an Sydney Morning Herald ar bhua Trump. D’úsáid Libération na Fraince focal nuachumtha ‘Trumpocalypse’ sa cheannlíne a cuireadh ar eagrán speisialta ar-líne den nuachtán sin.

Thall i Washington, chuir an scéal alltacht chomh mór ar ambasadóir na Fraince gur nocht sé tuairim ar Twitter a tharraing sé siar tar éis cúpla uair an chloig.

“Léiríonn Brexit agus an toghchán seo nach féidir rud ar bith a chur as an áireamh anois,” a dúirt an t-ambasadóir Gérard Araud*. “Tá an saol ag titim as a chéile os ár gcomhair,” ar sé.

Ní féidir an ré nua a mheá i gceart inniu. Ach seo leanas deich n-ábhar suntais a spreagann machnamh i ndiaidh bhua Trump.

1. Tá fíor-amaitéarach tofa mar uachtarán ag vótóirí Mheiriceá, fear nach raibh post ná gradam polaitiúil aige riamh.

2. Tá toghadh Trump ag teacht le claonadh leanúnach polaitiúil. Níor toghadh uachtarán a raibh taithí pholaitiúil i Washington aige ó toghadh Richard Nixon i 1972.

3. B’ionann teachtaireacht Trump agus teachtaireacht gach uachtarán eile a toghadh le 44 bliain. D’áitigh siad go léir ar an bpobal duine ón taobh amuigh a thoghadh seachas ball den élite i Washington.

4. Fearacht seisear uachtarán eile mar sin, níl aon taithí ag Trump ar an idirbheartaíocht a theastaíonn chun gach beartas polaitiúil (seachas beartais mhíleata) a chur i gcrích sna Stáit.

5. Níl téagar ná substaint shoiléir sa chuid is mó dá ndúirt Trump go dtí seo. Is léir mar sin an dainséar atá ag bagairt air murar féidir leis a gheallúint dhoiléir (‘America’s going to be great again, i promise you’) a chomhlíonadh.

6. Níl córas daonlathach ar bith slán ón bhfearg ná ón míshásamh a léirigh bua Trump. Ní foláir don aos polaitiúil i ngach tír (a) fáth an mhíshásaimh a mheá agus (b) freastal go héifeachtach agus go cothrom ar an bpobal uilig.

7 Ceist: an féidir le vótóirí, le polaiteoirí, agus le hiriseoirí i ngach tír cúl a thabhairt le raiméis réamhthoghcháin, le hargóintí áiféiseacha, le geallúintí seafóideacha agus le tairiscintí páistiúla? B’fhéidir go léireoidh toghadh Trump laigí an chur chuige seo. Ní léir aon chúis mhór dóchais, áfach.

8. Ceist eile: Cén tionchar a bheadh ag an laghdú atá geallta aige ar cháin chorparáideach (go dtí 15 faoin gcéad) ar mheon na mórchomhlachtaí Meiriceánacha atá lonnaithe abhus?

9 Agus ceist eile: An dtabharfar cuireadh d’Enda Kenny dul go dtí an Teach Bán ar an 17 Márta, ainneoin a ndúirt an Taoiseach sa Dáil faoina ‘chaint chiníoch agus chontúirteach’? Ar ndóigh, má éiríonn Enda as roimhe sin, is féidir an deacracht seo a sheachaint.

10. Tuar dóchais amháin, cé nach mór é. Ainneoin gach focal garbh, gránna a dúirt Donald Trump le bliain, bhí dínit agus mórchroí ina bhriathra nuair a labhair sé lena lucht leanúna i Nua-Eabhrac tar éis deimhniú a bhua.

Tá imní ort mar sin féin, a léitheoir dhil?

Ormsa leis.

* Tuairim an ambasadóra ar Twitter, i bhFraincis: ‘Après Brexit et cette élection, tout est désormais possible. Un monde s’effondre devant nos yeux. Un vertige.’

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i lathair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: An ‘Trumpapacailipis’ chugainn sa Teach Bán?'

  • Fearn

    Alt stuama. treise leat/