Tá Cathair Saidhbhín i gCiarraí aitheanta ar an ochtú Baile Seirbhíse Gaeltachta agus plean teanga don bhaile seolta inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta.
Tá ciste ar fiú breis is leathmhilliún euro le cur ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun an plean a chur i bhfeidhm.
Tá pleananna teanga ceadaithe cheana do Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Caisleán an Bharraigh agus Dún Garbhán agus 37 plean ar fad ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga go dtí seo, idir Limistéir Phleanála Teanga, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge.
Chun tacú le cur i bhfeidhm phlean Chathair Saidhbhín, beidh ciste €80,000 in aghaidh na bliana á chur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta trí Fhoras na Gaeilge. Bainfear leas as roinnt den mhaoiniú sin chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú ar mhaithe leis an bplean a chur i bhfeidhm.
Comhairle Contae Chiarraí a chuir an plean le chéile agus ghabh an tAire Stáit Patrick O’Donovan buíochas leo as an obair a rinne an Chomhairle agus an Foras chun an plean a réiteach.
“Tá moladh tuillte ag gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a thabhairt go dtí an pointe go bhfuil sé á sheoladh go hoifigiúil anois,” a dúirt an tAire Stáit agus é i gCathair Saidhbhín inniu chun an plean a sheoladh. “Táthar ag súil go mbeidh Oifigeach Pleanála Teanga lonnaithe sa bhaile seo go gairid chun díriú isteach ar ghníomhaíochtaí an phlean agus staid na teanga i gCathair Saidhbhín a threisiú.”
Tá pleananna teanga á n-ullmhú i dtrí Bhaile Seirbhíse Gaeltachta eile faoi láthair – Cathair Chorcaí, Baile an Róba i Maigh Eo agus An Clochán i gConamara.
Fág freagra ar 'Cathair Saidhbhín aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta'