Cathair ‘gheal’ Bhéal Feirste

Cé nach raibh méadú ar an bpobal eitneach i mBéal Feirste ó rinneadh daonáireamh 2011 tá ardú mór tagtha ar líon na gcoireanna ciníocha sa chathair

Pictiúr: Photocall Ireland
Pictiúr: Photocall Ireland

“Nach bhfuil an chathair an-gheal,” arsa ógánach de bhunadh Bhéal Feirste a d’fhill abhaile ar saoire le gairid. Ní faoi phéint ná solas a bhí sé ag caint ach faoi dhath cnis.

I gcomparáid le Londain, Páras nó Baile Átha Cliath, is den chine gheal móramh ollmhór an phobail. Mhaithfí don té a cheapfadh a mhalairt, áfach, nuair a chloistear na ceannlínte faoi ionsaithe ciníocha nó coireanna fuatha mar a thugtar orthu.

Tá níos lú ná 2% de mhionlach eitneach i dTuaisceart Éireann ar fad ach tá líon na n-ionsaithe ciníocha ag fás go seasta.

Ag deireadh na seachtaine seo a chuaigh thart, ionsaíodh teach agus carr fir ón bPacastáin don chúigiú huair i gcaitheamh sé seachtaine. Tháinig an fear óg, a bhean agus a leanbh chun cónaithe i mBéal Feirste ó Londain i mí Iúil seo caite nuair a fuair sé post anseo.

Tar éis an tríú hionsaí ar an teach atá ar cíos aige i gceantar na Seanchille, chuaigh a bhean abhaile go dtí an Phacastáin lena leanbh. Chinn an lánúin go bhfanfadh seisean anseo féachaint le teach a fháil in áit a mbeadh sé sábháilte ag a bhean agus an leanbh filleadh air.

Is i ndorchadas na hoíche a rinneadh na hionsaithe. Sa gceann deiridh, briseadh fuinneoga an tí agus briseadh fuinneoga an chairr a bhfuil uimhirphláta Bhaile Átha Cliatha air. Bhí cónaí ar an bhfear sa Phoblacht ar feadh breis is deich mbliana agus is saoránach Eorpach é. I bhfianaise a thaithí ar an saol ó dheas agus i Londain ní raibh aon choinne aige leis an gciníochas abhus.

Ní cás aonair é. Cé nach raibh méadú ar an bpobal eitneach ó rinneadh daonáireamh 2011, nuair a bhí 32,400 eachtrannach ann, as daonra 1.7 milliún, tá lion na gcoireanna ardaithe. Áiríonn an PSNI go dtarlaíonn dhá eachtra nó ionsaí ciníoch gach lá i mBéal Feirste anois. De réir staitisticí, tharla 1,132 eachtra anuraidh agus tháinig méadú 153 ar an líon sin ó thús Aibreáin.

Is i gceantair dhílseacha is mó a tharla na hionsaithe, i dtuaisceart agus in oirthear Bhéal Feirste. Nuair a ruaigeadh Polannaigh as oirthear na cathrach, mhaígh mionghrúpa nach raibh baint aige sin le cine ach le ganntanas tithe do dhaoine áitiúla. B’éigean a chur san áireamh freisin gur Chaitlicigh iad na Polannaigh ‘i gceantar Protastúnach.’

Cuireadh cuid den mhilleán ar pharaimíleataigh dhílseacha; maíodh go raibh baint ag an UVF leis na hionsaithe ar dhaoine as oirthear na hEorpa mar a bhí i gceantar dílseach an ‘Village’. Sa chás is deireanaí i gceantar na Seanchille, áfach, cháin an PUP (a bhfuil nasc aige leis an UVF) na hionsaithe agus thairg cabhair don íobartach Pacastáineach.

Níor tuairiscíodh ach dornán eachtra i gceantair phoblachtánacha in iarthar na cathrach ach maítear go mb’fhéidir gur tharla eachtraí nár deineadh gearán fúthu. Údar imní é sin sa mullach ar an mbuairt faoi chiníochas a bheith ag fás i ndeisceart na cathrach, áit a bhfaigheadh daoine dídean tar éis ionsaithe.

Seans nach mór an t-iontas é an ráig chiníochais in áit atá basctha le fada ag a leathchúpla, an seicteachas, ach ní mór gníomhú go haibéil chun a chinntiú nach mbuanaítear é. Dúshlán do pholaiteoirí, póilíní agus an tsochaí fré chéile.