Cath na seanfhondúirí – an Bheilg ag tabhairt aghaidh ar an gCróit d’áit sa chéad bhabhta eile

B’fhéidir go bhfuil a ndeis caillte ag seanfhondúirí na Beilge gaisce a dhéanamh ag Corn an Domhain ach beidh Roberto Martinez ag iarraidh iad a spreagadh uair amháin eile anocht

Cath na seanfhondúirí – an Bheilg ag tabhairt aghaidh ar an gCróit d’áit sa chéad bhabhta eile

Cluichí

An Chróit v An Bheilg – 3.00in (Grúpa F)
Ceanada v Maracó – 3.00in (Grúpa F)
An tSeapáin v An Spáinn – 7.00in (Grúpa E)
Cósta Ríce v An Ghearmáin – 7.00in (Grúpa E)

Rogha an Lae

3.00in (Grúpa F)

D’fhéadfadh go gcuirfí deireadh le ré órga na Beilge tráthnóna agus go mbeidh foireann Roberto Martinez ag fágáil slán leis an gCatar mura mbuafaidh siad ar an gCróit. Tháinig glúin iontach imreoirí chun cinn sa Bheilg le deich mbliana anuas ach tá na cúlfhiacla curtha go maith ag leithéidí Toby Alderweireld, Jan Vertonghen, Axel Witsel, Eden Hazard, Kevin de Bruyne agus Romelu Lukaku, fiú.

Seans gurb é Corn an Domhain 2018, inar bhain siad amach na babhtaí leathcheannais, an deis is fearr a bhí ag an ngrúpa seo imreoirí gaisce a dhéanamh. Deir de Bruyne féin go bhfuil an fhoireann anois róshean.

Bhí an t-ádh leo Ceanada a bhualadh sa chéad chluiche i mbliana ach tháinig Maracó aniar aduaidh orthu agus bhí a mbua 2-0 tuillte go maith ag na hAfracaigh.

Tháinig Lukaku isteach don cheathrú uaire dheireanach sa chluiche sin ach, agus gortuithe ag cur as dó le roinnt míonna anuas, is léir nach bhfuil an tosach tagtha chuige féin ar fad fós. Mar sin féin agus an crú ar an tairne agus bua de dhíth anocht, d’fhéadfadh Martinez é a chaitheamh isteach ón tús agus tosú ag guí.

Ní haon gharsúin iad cuid mhaith d’fhoireann na Cróite ach oiread, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil jab níos fearr déanta acu scaoileadh le cuid de na seanfhondúirí.

Ní rabhadar ró-iontach sa chéad chluiche in aghaidh Mharacó, cluiche a chríochnaigh gan cúl ar bith, ach bhíodar i bhfad níos fearr sa dara babhta i gcoinne Cheanada. D’éirigh leo teacht ar ais ó bheith cúl chun deiridh agus an cluiche sin a bhuachan 4-1.

Tá an tosach Andrej Kramaric ar dhuine acu siúd atá ar fhoireann na Cróite le fada ach bhí sé ar fheabhas in aghaidh Cheanada agus beidh an choimhlint idir é féin agus leithéidí Alderweireld agus Vertonghen na Beilge an-tábhachtach.

Bainfidh an Chróit an chéad bhabhta eile amach chomh fada is nach gcaillfidh siad anocht.

Fág freagra ar 'Cath na seanfhondúirí – an Bheilg ag tabhairt aghaidh ar an gCróit d’áit sa chéad bhabhta eile'