Cath na gclubanna Gaeltachta romhainn i gcraobh Chorcaí

Casfaidh dhá fhoireann as Múscraí, Naomh Abán agus Béal Átha an Ghaorthaidh, ar a chéile sa chéad bhabhta craoibhe agus imreoidh Cill na Martra, curaidh idirmheánacha 2018, i gcoinne Éire Óg

Cath na gclubanna Gaeltachta romhainn i gcraobh Chorcaí

Comhrac Gaeltachta a bheidh i bpríomhghrád idirmheánach peile Chorcaí i mbliana agus Naomh Abán agus Béal Átha an Ghaorthaidh ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa chéad bhabhta.

Rinneadh an tarraingt do chraobhacha peile agus iomána Chorcaí aréir agus tarraingíodh foirne Mhúscraí in aghaidh a chéile.

Ní hé an rath céanna a bhí ar na foirne sin anuraidh. Chuaigh Naomh Abán chomh fada leis an gcluiche leathcheannais, áit ar chaill siad in aghaidh Mhainistir Fhear Maí le haon phointe amháin. B’éigean d’fhir Bhéal Átha an Ghaorthaidh tabhairt faoi na babhtaí dícháilithe ach d’éirigh leo na cosa a thabhairt leo.

Imreoidh an tríú foireann as Múscraí, Cill na Martra, i gcoinne Éire Óg sa chéad bhabhta. Ba iad Cill na Martra a bhuaigh Craobh Idirmheánach Peile Chorcaí in 2018 agus is cinnte go mbeidh rún acu tús maith a chur lena bhfeachtas sa bpríomhghrád idirmheánach i mbliana.

Rachaidh na buaiteoirí i mBabhta 1 ar aghaidh go dtí Babhta 3 agus imreoidh na foirne a chaill sa chéad bhabhta in aghaidh a chéile i mBabhta 2.

I gCraobh Shinsir Peile Chorcaí, imreoidh comhfhoireann Mhúscraí agus Abhainn Dhubh in aghaidh a chéile sa réamhbhabhta.

Níl aon dátaí socraithe do na cluichí go fóill.


An tarraingt do Phríomhghrád Idirmheánach Peile Chorcaí 2018

Réamhbhabhta

Beanntraí v Raonaithe Nemo

Babhta 1

Naomh Abán v Béal Átha an Ghaorthaidh

Naomh Micheál v Maigh Chromtha

Cill na Martra v Éire Óg

Beanntraí/Raonaithe Nemo v Naomh Uinsionn

Baile Chaisleáin Bhéarra v Ceann Toirc

Droichead na Bandan v Áth Trasna

Áth Fhada v Na Piarsaigh

Fág freagra ar 'Cath na gclubanna Gaeltachta romhainn i gcraobh Chorcaí'