Cath ceart romhainn idir Luimneach agus Corcaigh

Bíonn gach foireann ar a mbionda ag iarraidh na seaimpíní a shárú agus is amhlaidh a bheidh i gcás Chorcaí

Cath ceart romhainn idir Luimneach agus Corcaigh

Bhí deireadh seachtaine thar a bheith gaofar againn seachtain ó shin agus comórtas Mhic Giobúin ag teacht go ceann scríbe. Ba é Mikey Kiely ó Ollscoil Luimnigh a ghnóthaigh na ceannlínte i gcomórtas Chorn Mhic Giobúin na bliana seo agus cúl an bhua faighte aige in am breise sa chluiche leathcheannais agus in am cúiteamh gortaithe sa chluiche ceannais. Bhí ainm Chian Lynch, laoch Luimnigh agus imreoir na bliana, i roinnt de na ceannlínte freisin. I dtreo dheireadh an chluiche taispeánadh cárta dearg d’imreoir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, cinneadh a bhí thar a bheith dian i mo thuairimse.

Tá comórtas na sraithe ar ais ar an mbóthar an deireadh seachtaine seo agus cúpla cluiche againn a mbeidh spéis mór go leor iontu.

Um thráthnóna i Staid Semple beidh an fhoireann baile i gcoinne Átha Cliath, agus an dá chontae ar lánphointí agus iad an-dáiríre faoin gcomórtas. 

Bhíos an-tógtha le hÁth Cliath i gcoinne Phort Láirge sa chéad babhta, iad ag obair an-dian agus ag úsáid na liathróide go stuama tomhaiste. D’fhéadfá an rud céanna a rá faoi Thiobraid Árann ina gcluiche dara babhta i gcoinne Chill Chainnigh. Dar ndóigh, tá an bainisteoir nua Colm Bonner faoi mhíbhuntáiste agus beirt de mhórlaochra na ndeich mbliana seo caite éirithe as. Braithfidh siad uathu ceannaireacht Brendan agus Paudie Maher i mbliana. Níl mórán rogha anois ag Bonner ach roinnt imreoirí nua a thriail agus sin atá á dhéanamh aige agus toradh sásúil go leor ar chúrsaí go dtí seo. Déarfainn go mbeidh dianchoimhlint ann um thráthnóna agus go mbeidh léargas breise againn ar an dá champa roimh thosach chomórtas na craoibhe i gceann seacht seachtaine.

Caithfidh go bhfuil Kieran Kingston agus lucht bainistíochta Chorcaí sásta go leor le cúrsaí i ndiaidh a gcéad dá chluiche freisin. Cuirfear scrúdú i bhfad níos déine orthu i Luimneach tráthnóna amárach, go háirithe agus Luimneach fágtha dealbh ó thaobh pointí agus iad míshásta lena dtaispeántais go dtí seo. Scríobh mé cheana anseo go bhfuil gach freasúra a théann amach i gcoinne fhoireann seo Luimnigh ag iarraidh iad féin a thástáil i gcoinne na foirne is fearr sa tír. Ciallaíonn sé sin go mbíonn siad ar a mbionda ag iarraidh na seaimpíní a shárú. Go dtí seo bhí cuma mheirgeach go leor ar imirt Luimnigh ach ní dóigh liom go bhfuil mórán  traenála déanta acu. Nuair a bheidh foireann iomlán agus iad aclaí acu beidh siad níos fearr agus le himeacht ama beidh buntáiste na traenála le feiceáil. Tuigeann gach foireann eile conas a imríonn Luimneach. Go dtí seo sa chomórtas sraithe níor thug Loch Garman ná an Ghaillimh dóthain ama ná spáis do churaidh na hÉireann le smacht a fháil ar an imirt. Agus tá feabhas ar na foirne eile ó thaobh fisiciúlachta freisin.

Is cuimhin linn go maith cad a rinne Luimneach do Thiobraid Árann sa dara leath de chluiche ceannais na Mumhan anuraidh agus do Chorcaigh don chuid is mó de chluiche ceannais na hÉireann.

Tuigeann Corcaigh nach féidir leo ligint do Luimneach smacht a fháil ar an imirt amárach. Tuigeann siad má thugann siad spás agus am do Luimneach go mbeidh an toradh céanna ar chúrsaí is a bhí i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Is cluiche tábhachtach é don dá chontae. Beidh cath ceart againn agus é beo ar TG4 freisin.

Is dócha go mbeidh an cluiche is suimiúla i roinn 1 i Staid an Phiarsaigh agus Loch Garman ar cuairt (TG4 iarbheo). Tá lánphointí ag an dá chontae agus na bainisteoirí nua, Henry Shefflin agus Darragh Egan, fós ag bailiú fianaise faoina bhfoirne roimh thús na craoibhe. 

Sna cluichí eile i roinn a haon beidh Port Láirge in Aontroim, an Clár in Uíbh Fhailí agus Laois ar cuairt ar a gcomharsana i gCill Chainnigh.

Fág freagra ar 'Cath ceart romhainn idir Luimneach agus Corcaigh'