Cath an Chnoic – An lá ar thug Maigh Eo a ndúshlán do lucht ‘Hill 16 is Dublin only!’

Casfaidh Maigh Eo agus Baile Átha Cliath ar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann amárach, naoi mbliana ón lá a ndeachaigh siad in adharca a chéile os comhair Chnoc 16…

Foireann Mhaigh Eo ag téamh suas os comhair an Chnoc. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Foireann Mhaigh Eo ag téamh suas os comhair an Chnoc. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

‘Hill 16 is Dublin only!’ Sin an teachtaireacht a bhíonn ag lucht leanúna Bhaile Átha Cliath ar Chnoc 16 d’fhoirne eile agus a lucht tacaíochta a thagann chuig Páirc an Chrócaigh. Tá cáil ar lucht leanúna Bhaile Átha Cliath a bhíonn taobh thiar de chúl Chnoc 16 as an atmaisféar a chothaíonn siad agus, den chuid is mó, fágtar an taobh sin den pháirc faoin bhfoireann ‘baile’ agus iad ag prapáil roimh an gcluiche.

I gcluiche leathcheannais 2006, áfach, rinne peileadóirí Mhaigh Eo cinneadh droim láimhe a thabhairt leis an traidisiún sin.

Bhí cúpla eisceacht ann roimhe sin chomh maith. I 1984, tháinig Tír Eoghain chuig Páirc an Chrócaigh chun Baile Átha Cliath a imirt agus rinne na hUltaigh iarracht seilbh ar an bpaiste féarach os comhair chúl Chnoc 16.

Nuair a tháinig foireann Bhaile Átha Cliath amach ó na seomraí feistis, thug siad aghaidh ar an taobh céanna den pháirc agus bhí ar an dá fhoireann téamh suas i mullach a chéile. Seans gur mó spreagadh a thug an eachtra d’fhoireann Kevin Heffernan ná mar a thug sí do Thír Eoghain mar, ar deireadh thiar, bhí bua éasca go maith, 2-11 i gcoinne 0-8, ag buachaillí Bhaile Átha Cliath.

I 1999, rinne Ard Mhacha iarracht an rud céanna a dhéanamh i gcluiche leathcheannais na sraithe ach arís ní raibh mórán ratha orthu ach an oiread. Seacht mbliana ina dhiaidh sin, chrom Maigh Eo ar thriall eile a bhaint as an tseift.

Ba iad Maigh Eo a tháinig amach ar dtús ar an lá sin agus, tar éis dóibh seasamh do na ghrianghrafadóirí, síos leo i dtreo Chnoc 16 agus lucht leanúna Bhaile Átha Cliath ag béiceadh agus búireadh orthu. Thuas i stiúideo an Sunday Game, ní raibh mórán measa ag lucht na hainilíse ar phlean Mhaigh Eo. “Amaidí” a bhí ann dar le Colm O’Rourke agus dúirt Joe Brolly gur chuir sé Willie Anderson i gcuimhne dó, imreoir rugbaí na hÉireann a sheas in éadan imreoirí na Nua-Shéalainne agus iad i mbun an ‘haka’ i 1989. Chaill Éire an cluiche sin le 17 bpointe, agus ní 57 pointe mar a mhaígh Brolly.

Chomh luath is a chonaic sé Maigh Eo ag dul síos i dtreo Chnoc 16, rinne a mbainisteoir, Mickey Moran, iarracht tabhairt orthu dul go dtí an taobh eile den pháirc. Níor éist a chuid imreoirí leis, áfach, agus bhí an t-ionadaí David Brady go háirithe ar a dhícheall ag iarraidh a chur in iúl dó nach bhféadfaí géilleadh anois.

“Dá gcúlódh muid ansin, bheadh muid inár gceap magaidh. Bhí sé chomh maith dúinn farasbarr ceithre phointe a thabhairt uainn ón tús,” a deir Brady faoin eachtra sa leabhar House of Pain le Keith Duggan. “Ní timpiste a bhí ann [go ndeachaigh siad an taobh sin den pháirc] ach ní raibh sé beartaithe againn roimh ré ach an oiread.”

Deir Brady gur bhraith Maigh Eo nach raibh meas ag daoine orthu agus go raibh siad ag iarraidh an fód a sheasamh an lá sin.

Rinne siad é sin ach ní raibh Baile Átha Cliath chun géilleadh ach an oiread. D’fhan na himreoirí tamall sa tollán sula ndeachaigh siad chun páirce, ag socrú cén freagra a bheadh orthu ar Mhaigh Eo. Amach leo agus, i gceann de na radharcanna is aitheanta ó chraobh na bliana sin, shiúil an fhoireann uile in uillinn a chéile i dtreo an Chnoic.

Foireann Bhaile Átha Cliath in uillinn a chéile ag dul i dtreo an Chnoic i 2006. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Foireann Bhaile Átha Cliath in uillinn a chéile ag dul i dtreo an Chnoic i 2006. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Ní hiad na himreoirí agus an slua amháin a tháinig corraí orthu. Agus é ag siúl i measc an tslua a bhí bailithe os comhair an chúil, thug bainisteoir Bhaile Átha Cliath, Paul Caffrey ruathar faoi John Morrison agus thug gualainn sa droim do chóitseálaí Mhaigh Eo, (cuireadh Caffrey ar fionraí d’aon chluiche amháin ina dhiaidh).

Agus an oiread ruaille buaille ann, ba bhaolach go mbeadh timpiste éigin ann agus sin a tharla nuair a buaileadh bia-eolaí Mhaigh Eo, Mary McNicholas, sa cheann le liathróid, rud a d’fhág comhtholgadh uirthi.

Agus garchabhróirí bailithe timpeall ar McNicholas, a bhí sínte ar an bpáirc, maolaíodh ar an teannas agus dhírigh na himreoirí níos mó ar an gcoimhlint a bhí le teacht.

Bhí an t-ádh ar an slua chomh maith mar bhí an 70 nóiméad peile chomh taitneamhach céanna is a bhí an 10 nóiméad roimhe drámatach. Dhealraigh sé go raibh ciall le cleasaíocht Mhaigh Eo nuair a chur siad tús lasrach leis an gcluiche ach thóg Baile Átha Cliath ceannas ar an gcoimhlint ansin. Dhealraigh sé go raibh sé buaite acu, iad seacht bpointe chun cinn le 20 nóiméad fágtha, ach ar ais le Maigh Eo. D’aimsigh an t-ionadaí Andy Moran cúl agus, gan ach nóiméad nó dhó fágtha, sheol Ciaran McDonald pointe glórmhar thar an trasnán chun an cluiche a bhuachan do Mhaigh Eo.

Fiú dá mbeadh Maigh Eo ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh agus seilbh a ghlacadh an athuair ar thaobh Chnoc 16 den pháirc, ní bheadh an cead acu. I ndiaidh an chluiche i 2006, d’fhógair CLG go mbeadh taobh ar leith den pháirc leagtha amach don dá fhoireann. Is é an feall é!

Fág freagra ar 'Cath an Chnoic – An lá ar thug Maigh Eo a ndúshlán do lucht ‘Hill 16 is Dublin only!’'