Cásanna cúirte curtha ar athló in Habháí agus cearta teanga á n-éileamh ag cainteoirí Habháise

Trí chás cúirte curtha ar athló in Habháí faoi láthair toisc gur éiligh daoine go dtabharfaí éisteacht dóibh ina dteanga dhúchais - an Habháis

maxresdefault.jpg
Kaho’okahi Kanuha

Tá triúr a gabhadh ar shliabh beannaithe Habháí, Mauna a Wākea, os comhair na cúirte mar gheall ar bhóthar a bhlocáil roimh oibrithe tógála a bhí le teileascóp a thógáil ar bharr an tsléibhe. Tá cás an triúir curtha ar athló, áfach, toisc gan aon Habháis a bheith ag an mbreitheamh.

Tá an cás sin ar cheann de thrí chás cúirte atá curtha ar athló in Habháí faoi láthair toisc gur éiligh daoine go dtabharfaí éisteacht dóibh ina dteanga dhúchais – an Habháis. Tá na cásanna curtha ar athló go dtí go bhfaighfear ateangaire don bhreitheamh, nach bhfuil an teanga ar a thoil aige.

Gabhadh Kaho’okahi Kanuha in éineacht le 30 duine eile i mí Aibreáin na bliana seo as an mbóthar a bhlocáil roimh oibrithe tógála a bhí le teileascóip tríocha méadar a thógáil ar bharr Mauna a Wākea, an sliabh is airde (4,207m) san oileán. Sliabh beannaithe is ea Mauna a Wākea i seanchas na Habháíoch agus tá grúpaí agóide ag cur bac ar an obair thógála le hocht mí anuas.

Labhair Kanuha, a bhfuil Béarla líofa aige, leis an stáisiún raidió NPR One faoi cheist na teanga sa chás cúirte. Dúirt sé gurb í an Habháis a rogha teanga agus an teanga ina bhfuair sé a chuid oideachais ón naíonra go dtí an coláiste. Teastaíonn uaidh, a dúirt sí, a léiriú gur teanga bheo i gcónaí í.

“Más mall is mithid aitheantas ceart a thabhairt don Habháis, í a chur ar comhchéim leis an mBéarla ar a laghad. Bealach amháin chun é sin a dhéanamh ná í a úsáid sna cúirteanna agus nach gcaithfidh mise ateangaire a iarraidh.

Sin an fáth a bhfuil an cás curtha ar athló, mar gheall ar an mbreitheamh nach féidir leis mo rogha teanga a labhairt, ar teanga oifigiúil de chuid an Stáit í,” a dúirt Kanuha.

Dúirt sé go bhfuil nasc idir ábhar an cháis cúirte féin agus éileamh na gcosantóirí go n-éistfí leo ina dteanga féin. Dúirt sé go bhfuil cultúr na Habháí ‘á chur faoi chois’ sa dá chás.

Níor aontaigh Kanuha leis an tuairim go ndéanfadh a sheasamh ar son a theanga níos mó dochair ná sochair dá chás.

“Cuireann sé le mo chás i mo thuairimse mar is féidir liom, mar Habháíoch atá ag seasamh an fhóid do mo dhúchas Habháíoch, mo náisiúntacht Habháíoch, agus m’fhéiniúlacht Habháíoch, mé féin a chosaint i mo theanga Habhaíoch freisin,” a dúirt sé.

Níor múineadh an Habháis i scoileanna an Stáit go dtí lár na 1980idí agus dúirt an tOllamh Puakea Nogelmeier ó Ollscoil Habháí gur léiriú an cás cúirte seo ar athbheochan teanga nach raibh ach 50 cainteoir dúchais á labhairt 30 bliain ó shin. Tuairim is  8,000 atá á labhairt anois.

Anuraidh, labhair Faye Hanohano, feisire don cheantar Puna ar phríomhoileán Habháí, an Habháís i dtionóil an Stáit, rud a chuir mearbhall ar chuid de na feisirí eile cé go raibh sé de cheart aici an teanga sin a úsáid ann.

Beidh Kaho’okahi Kanuha agus an bheirt eile a gabhadh ar Mauna a Wākea os comhair na cúirte go luath arís.

Fág freagra ar 'Cásanna cúirte curtha ar athló in Habháí agus cearta teanga á n-éileamh ag cainteoirí Habháise'

  • tony birtill

    Cén tír atá i gceist san alt seo?