Casadh eile i scéal litir Ghaeilge an Phiarsaigh a díoladh ar ceant ar €5,500

Mheas an saineolaí an Dr Séamas Ó Buachalla gur i Músaem Poiblí Chorcaí a bhí an bhunchóip de litir de chuid an Phiarsaigh a díoladh ar ceant le déanaí, litir atá fós i seilbh na hiarsmalainne sin

Casadh eile i scéal litir Ghaeilge an Phiarsaigh a díoladh ar ceant ar €5,500

Tá casadh nua sa scéal faoi litir an Phiarsaigh a díoladh ar ceant ar €5,500 an tseachtain seo caite.

Bhí sé ráite agus an litir ar díol gur chuig an seanchaí agus poblachtach Micheál Mac Ruairí as Tuaisceart Mhaigh Eo a seoladh an litir ar an 19 Deireadh Fómhair 1904 agus gur ó theaghlach Mhic Ruairí a fuair an díoltóir an litir.

Ach dúirt Cuan Ó Seireadáin, a bhí i mbun tionscnamh a rinne digitiú ar An Claidheamh Soluis, nach raibh “amhras ar bith” air agus é “100% cinnte” gur seoladh an litir a bhí i gceist chuig Colm Ó Gaora i Ros Muc. Mheas an t-iarchraoltóir agus colúnaí le Tuairisc.ie Seosamh Ó Cuaig chomh maith gur chuig an nGaorach, sean-uncail leis féin, a seoladh litir an Phiarsaigh.

Ach tá sé deimhnithe ag Músaem Poiblí Chorcaí do Tuairisc.ie anois go bhfuil an litir chéanna fós i seilbh na hiarsmalainne sin.

Thug an Dr Séamas Ó Buachalla, an scoláire aitheanta a bhásaigh anuraidh, le fios i bhfonóta ina leabhar údarásach The Letters of P.H.Pearse, a foilsíodh i 1979, gur i seilbh Mhúseum Poiblí Chorcaí a bhí an litir.

Dúirt coimeádaí Mhúsaem Poiblí Chorcaí, Daniel Breen, le Tuairisc.ie go bhfuil an litir a bhí i gceist ag Ó Buachalla fós sa mhúsaem agus go bhfuil an t-ábhar ar fad á fhiosrú acu.

€5,500 íoctha ar litir lámhscríofa Ghaeilge ó pheann an Phiarsaigh ag ceant

Thug Breen le fios gur bhronn an Bráthair Alphonsus ó Scoil Chríost Rí i gCorcaigh an litir ar Mhúseum Poiblí Chorcaí i 1963 agus go bhfuil sí “ar iasacht” ag an mhúsaem ó shin.

Admháil atá i litir an Phiarsaigh go raibh scéal de chuid Choilm Uí Ghaora ‘Scolb Glas Mac Rí in Éirinn’, faighte aige agus go gcuirfí i gcló é “chomh luath agus a bheas áit agam dó”.

Dúirt an Dr Séamas Ó Buachalla ina leabhar go raibh sé ráite faoin litir gur seoladh í chuig daoine difriúla in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ach gur léir ó théacs na litreach gur chuig Colm Ó Gaora a cuireadh í.

Chuig Colm Ó Gaora as Ros Muc a scríobh an Piarsach litir a díoladh ar €5,500

Dúirt sé go raibh Ó Gaora ar dhuine acusan ar chuir Pádraig Mac Piarais scrúdú orthu i Ros Muc le deimhniú go raibh siad cáilithe le ceapadh mar theagascóirí Gaeilge agus gur spreag sé é le scríobh don Chlaidheamh Soluis.

This letter has been presented as having been written by Pearse to various people in different parts of the country…The multiple copies of the letter and their dispersal over time were responsible for confusion as to the identity of the recipient,” a deirtear i leabhar Uí Bhuachalla.

Beidh eolas ar fáil go luath ó Mhúsaem Poiblí Chorcaí faoi thoradh an fhiosrúcháin atá tosaithe acu.

Fág freagra ar 'Casadh eile i scéal litir Ghaeilge an Phiarsaigh a díoladh ar ceant ar €5,500'