Cás sa Chúirt Oibreachais a bhain le físeán d’eachtra ghnéis a tharla le linn Oireachtas na Gaeilge

Breith tugtha go raibh dífhostú éagórach i gceist le cinneadh Óstán an Citywest bata agus bóthar a thabhairt d’fhear i gcás a bhain le taifeadadh d’eachtra ghnéis a tharla in 2015 le linn mhórfhéile na nGael

Cás sa Chúirt Oibreachais a bhain le físeán d’eachtra ghnéis a tharla le linn Oireachtas na Gaeilge

Tugadh breith sa Chúirt Oibreachais inné go raibh dífhostú éagórach i gceist le cinneadh Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath bata agus bóthar a thabhairt d’fhear i gcás a bhain le taifeadadh d’eachtra ghnéis a tharla ar an 30 Deireadh Fómhair 2015 le linn d’fhéile Oireachtas na Gaeilge a bheith á reáchtáil san óstán.

Fuarthas sa chúirt go raibh dífhostú éagórach de réir nós imeachta i gceist leis an gcinneadh fáil réidh le Nicholas Reddin. Bhain an cás le taifeadadh CCTV d’eachtra gnéis a tharla i bpasáiste san óstán agus le taispeáint an fhíseáin den eachtra an oíche dár gcionn do bheirt bhan a bhí ag fanacht san óstán, duine acu a bhí le feiceáil san fhíseán.

Ordaíodh sa chúirt go n-íocfaí €6,000 mar chúiteamh le Nicholas Reddin, ach fuarthas chomh maith go raibh “80%” den fhreagracht air féin as a bheith briste as phost. 

Ba le linn fhéile Oireachtas na Gaeilge in 2015 a tharla an eachtra ba chúis leis an gcás, nuair a chuir comghleacaí de chuid Reddin ar an eolas é faoi thaifeadadh CCTV d’eachtra gnéis a tharla an oíche roimhe sin idir bean agus fear a bhí ag freastal ar mhórfhéile na nGael.

Ar oíche an 31 Deireadh Fómhair agus Nicholas Reddin ag fógairt ar dhaoine i mbeár an óstáin a ndeochanna a chríochnú, labhair sé leis an mbean a bhí i gceist faoin taifeadadh CCTV. 

Dar le Reddin féin, d’fhiafraigh sé den bhean an raibh a fhios aici “cad a bhí déanta aici an oíche roimhe”. Thairig sé ina dhiaidh sin di go dtaispeánfaí di an físeán den eachtra  agus chuaigh sí féin agus cara léi go dtí ionad slándála an óstáin chun féachaint ar an taifeadadh. 

Rinne an bhean gearán leis an óstán ina dhiaidh sin agus mhaígh sí gur úsáid Nicholas Reddin teanga mhaslach agus mhíchuí agus é ag labhairt léi féin agus lena cara agus go ndearna sé roinnt tagairtí gnéis a bhí dírithe uirthi féin. Dúirt Reddin sa Chúirt Oibreachais nach ndearna sé nó nach ndúirt sé aon rud a bhí maslach. Mhaígh sé chomh maith gur cheap sé go raibh dualgas air an eachtra a thuairisciú, rud nach ndearna sé.

Mar thoradh ar ghearán na mná, chuir lucht an óstáin tús le próiseas smachta in aghaidh Nicholas Reddin agus tugadh bata agus bóthar dó ar an 10 Nollaig 2015.

Dúradh go raibh sé á bhriseadh as a phost mar gheall ar iompar maslach agus míchuí i leith duine a bhí ag fanacht san óstán agus mar go ndearna sé neamhaird ar rialacha an óstáin. 

Cuireadh próiseas smachta i bhfeidhm chomh maith i gcoinne fostaí eile, an fear slándála a chas an físeán don bheirt bhan.

Chinn an Chúirt Oibreachais gur locht ar an bpróiseas smachta é nár cuireadh  Nicholas Reddin ar an eolas faoi chuntas an fhir eile faoin eachtra.

Dúirt lucht Óstán an Citywest nach raibh aon ráiteas le déanamh acu faoin scéal.

Dúirt Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge Liam Ó Maolaodha nach raibh aon eolas aige faoin scéal agus nach ndearnadh aon ghearán le hOireachtas na Gaeilge faoina leithéid d’eachtra.