‘Cás na teanga á ligean chun siléige arís agus arís eile’ agus gan aon radharc ar phlean gnímh

Deireadh mhí Feabhra an sprioc is déanaí atá tugtha do Phlean Gnímh Cúig Bliana na Gaeilge

‘Cás na teanga á ligean chun siléige arís agus arís eile’ agus gan aon radharc ar phlean gnímh

Deireadh mhí Feabhra an sprioc is déanaí atá tugtha ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh do Phlean Gnímh Cúig Bliana na Gaeilge, a bhí le foilsiú mí Iúil seo caite.

Chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin i leith an Aire sa Dáil an tseachtain seo go bhfuil cás na teanga á ligean chun siléige arís agus arís eile agus gur léiriú eile air sin an mhoill fhada le Plean Gnímh Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

“Cén fáth go bhfuil sé déanach? Chualamar an bhliain seo caite go mbeadh sé déanta roimh dheireadh na bliana. An bhfuil an fhoireann chuí ann agus ag obair ar an bplean sin? Cé mhéad duine atá ag obair ar an bplean? Cén fáth go bhfuilimid ag sleamhnú arís agus arís eile mar gheall ar na príomhuirlisí atá againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír seo?,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Peadar Tóibín.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Stáit McHugh go bhfuil “freagracht thrasrannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na straitéise” agus go bhfuil plé ar bun dá réir ag a Roinn le daoine éagsúla maidir le spriocanna sonracha a leagan síos don phlean gnímh cúig bliana, a bhfuil Plean Gnímh 2018-2022 á thabhairt anois air seachas Plean Gnímh 2017-2022 mar a bhí air nuair a fógraíodh é.

“Mar atá mínithe agam go minic roimhe seo, is é nádúr na hoibre seo go dtógann sé am le nithe a aontú. Ní call a rá go bhfuilim ar an airdeall chomh maith faoin ngá a chinntiú, oiread agus is féidir, go bhfuil fiúntas leis an gclár bearta a mbeifear ag súil leis a chur i dtoll a chéile mar chuid den phlean críochnúil agus is gá, dá réir, a chinntiú go bhfuil téagar agus tairbhe le pé bearta a bheidh sa phlean i ndeireadh thiar thall,” a dúirt Joe McHugh.

Dúirt Peadar Tóibín go raibh “géarchéim teanga ann” agus an baol ann go raibh ‘taighde’ á úsáid “mar leithscéal” ag an Rialtas.

“Nuair nach bhfuil Rialtas ag iarraidh rud a dhéanamh, uaireanta deirtear go gcuirfear isteach i gcoiste é nó go bhfaighidh sé tuarascáil bhreise faoin rud,” a dúirt sé.

Níor aontaigh an tAire Stáit le hurlabhraí Gaeilge Shinn Féin go raibh “géarchéim” ann.

“Dúirt an Teachta go raibh rudaí diúltacha ag dul ar aghaidh maidir le ceantair Ghaeltachta agus an teanga. Ní aontaím leis sin. Tá cuid mhór rudaí dearfacha ag dul ar aghaidh. Tóg, mar shampla, na scoileanna sa Ghaeltacht. Nuair a bhí mise i mo cheantar féin sa Ghaeltacht, bhí daoine ag labhairt Gaeilge.

“Beidh na rudaí nádúrtha ag dul ar aghaidh leis an teanga. Tá an teanga in áit dhifriúil sa Tuaisceart fosta. Fuair mise an spreagadh an teanga a athfhoghlaim ó dhaoine atá ina gcónaí sa Tuaisceart. Daoine iad seo ó Ard Mhacha, Tír Eoghain, Doire agus Béal Feirste. Tá an teanga in áit dhifriúil faoi láthair,” a dúirt Joe McHugh.

Ag tús na bliana seo caite dúirt iar-aire stáit na Gaeltachta, Seán Kyne go mbeadh an Plean Gnímh Cúig Bliana bunaithe ar na tuairimí agus na moltaí atá ar fáil i dtuairisc Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi dhearcadh an phobail i leith na Straitéise 20 Bliain.

Cuireadh an tuairisc sin faoi bhráid chruinniú de Choiste Comhairleach Straitéis 20 Bliain na Gaeilge in earrach na bliana seo caite agus dúradh go gcuirfí tuairimí bhaill an choiste ina taobh san áireamh chomh maith agus an Plean Gnímh á dhréachtú.

Tá easpa muiníne an phobail i struchtúir na Straitéise luaite go coitianta sa tuairisc a chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i dtoll a chéile do Roinn na Gaeltachta. Tá tuairisc an Acadaimh bunaithe ar thuairimí a léirigh an pobal faoin Straitéis ag sraith cruinnithe poiblí a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta agus ar 89 aighneacht a fuarthas ón bpobal.

Tá moltaí maidir leis na tosaíochtaí don Straitéis sa tréimhse amach romhainn le fáil i dtuairisc an Acadaimh chomh maith.

Tuairiscítear i gcáipéis an Acadaimh gur tugadh le fios i roinnt de na haighneachtaí faoin straitéis a cuireadh faoi bhráid na Roinne gur “constaic shuntasach” ar chur i bhfeidhm na straitéise an “easpa maoirseachta agus tuairiscithe” a bhaineann leis an gcúram.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur leis na Ranna Oideachais agus Leanaí atá an plé is mó á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair. Meastar gurb iad an dá Roinn sin is tábhachtaí sa Phlean nua.

Fág freagra ar '‘Cás na teanga á ligean chun siléige arís agus arís eile’ agus gan aon radharc ar phlean gnímh'

  • Mánus

    A pholaiteoirí le Gaeilge,
    Labhraigí i nGaeilge sa Dáil agus sa Seanad faoi gach saghas ábhar.
    Táimid bréan den chúpla focal i nGaeilge faoin nGaeilge agus is léir dúinn go bhfuil sí í curtha i ngeiteó agaibh.
    Labhraigí faoin eacnamaíocht, timpeallacht srl ach i nGaeilge
    Iarraigí ar bhur gcomhleacaithe nach bhfuil mórán Gaeilge acu na na cluasáin a cur urthu chun deashampla a thabhairt mara dhéanann polaieoirí i dtíorha dhátheangacha.
    A Ghaeilgeoirí,
    Iarraigí ar pholaiteoirí an Ghaeilge a labhairt sa Seanaid nó ar urlár na Dála.

  • Ruairí

    Plean gnímh 2018-2023 – díreach in am do BhliainBhréagach na Gaeilge 2018 agus ó tharla go raibh Bliain Neamhní na Gaeilge acu i 2013 i mBAC is cinnte go mbeidh Bliain Neamhní Gaeilge eile acu i 2023 i mBAC chun ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun agus ar buaicphoinntí na Straitéise 20 bhlian i gclub na nGaeilgeoirí Móra Faoi Thalaimh.
    Idir an dá linn tá an óige dúisithe in Iorras Aitheach agus iad réidh chun troid ar son jobanna agus lethanbhanda.