Cás na gcúigí tar éis an bhabhta is déanaí den Pro12

Tá dóchas fós ag na Connachtaigh go mbeidh siad in ann cáiliú do Chorn na gCuradh tar éis dóibh bua a fháil san Iodáil ach, dála dearcadh dearfach Matt O’Connor faoi shéasúr Chúige Laighean, níl mórán bunús leis

Tá seans beag ag foireann Pat Lam cáiliú do Chorn na gCuradh fós. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton Munster vs Connacht  Connacht head coach Pat Lam Mandatory Credit ©INPHO/Ken Sutton
Tá seans beag ag foireann Pat Lam cáiliú do Chorn na gCuradh fós. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Iarracht mhór ag teastáil ó Chonnachta do dheireadh an tséasúir

Bhí bua pointe bónais ag teastáil ó na Connachtaigh san Iodáil an deireadh seachtaine seo agus sin díreach a d’aimsigh siad, iad ag buachan 40-10 in aghaidh Zebre. Ciallaíonn seo go bhfuil deis fós acu an séú háit sa tsraith a bhaint amach chomh maith leis an áit i gCorn na gCuradh an séasúir seo chugainn a théann leis.

Ní chuirfeadh ach fear an mhisnigh cúpla euro ar an toradh sin, áfach. Tá foireann Pat Lam ceithre phointe taobh thiar de na Scarlets sa tábla faoi láthair agus chun an séú háit a bhaint amach chaithfeadh siad na Ospreys a bhualadh agus, fiú dá ndéanfaidís amhlaidh bheidís ag brath go gcaillfeadh na Scarlets in aghaidh Benetton Treviso, ceann de na foirne is measa sa chomórtas.

Bheadh sé níos réalaíche mar sprioc dóibh fanacht sa seachtú háit, rud a chinnteoidh áit do na Connachtaigh i gcluichí cáilithe do Chorn na gCuradh. Fiú amháin ansin, chun cáiliú do phríomhchomórtais na gclub san Eoraip, bheadh orthu dhá chluiche as baile a bhuachan, ceann in aghaidh Gloucester, a bhuaigh ar na Connachtaigh i gCorn na nDúshlán níos luaithe sa séasúr, agus arís eile in aghaidh na foirne a chríochnóidh sa seachtú háit sa Fhrainc, Montpellier faoi láthair.

Gordon D’Arcy ag fágáil pháirc an RDS don uair dheireanach an Satharn seo caite. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan Leinster vs Benetton Treviso Leinster's Gordon D'Arcy leaves the RDS pitch for the final time  Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan
Gordon D’Arcy ag fágáil pháirc an RDS don uair dheireanach an Satharn seo caite. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Ní féidir na foirne is fearr sa tír a scaradh

Tar éis bliain dheacair ag an dá chúige anuraidh, tá soiléir go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag Cúige Mumhan agus Cúige Uladh an séasúr seo. Tá an dá fhoireann cáilithe do na babhtaí leathcheannais cheana féin agus is é an buntáiste a théann le cluiche baile atá á lorg acu anois.

Beidh an cluiche leathcheannais baile sin ionann agus cinnte ag cibé foireann a bhuafaidh ar an Satharn ach is deacair na foirne a scaradh. Mar a tharla sé, rinne an comhscór dochar don dá fhoireann, iad anois tite go dtí an tríú agus an ceathrú háit sa tábla.

Is ag na Muimhnigh le 70 pointe atá an bhuntáiste, iad pointe chun cinn ar na hUltaigh. Má foireann Neil Doak ag iarraidh an cluiche baile sin a fháil, caithfidh siad bua agus pointe bónais a fháil ar Glasgow agus súil acu nach ndéanfaidh Cúige Mumhan an rud céanna in aghaidh na Dragons.

Keith Earls (Cúige Mumhan) ag déanamh greamú ar Tommy Bowe (Cúige Uladh) agus é i mbun úd a scóráil an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Presseye/William Cherry
Keith Earls (Cúige Mumhan) ag déanamh greamú ar Tommy Bowe (Cúige Uladh) agus é i mbun úd a scóráil an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Presseye/William Cherry

Dearcadh dearfach O’Connor i gcoimhlint leis an séasúr a bhí ag Laighean

Dar le Matt O’Connor, ní foláir a  bheith dearfach faoi shéasúr Chúige Laighean i mbliana, fiú agus iad sa chúigiú háit sa tsraith. Tá deacair a shamhlú go gcreideann an tAstrálach an méid atá á aige, go háirithe nuair a bhreathnaíonn tú ar na fíricí.

Fiú éiríonn le Cúige Laighean bua agus pointe bónais a fháil in aghaidh Dhún Éideann ar an Satharn seo chugainn, beidh fós 20 pointe sraithe níos lú faighte acu an séasúr seo ná mar a fuair siad anuraidh, laghdú 25%. Tá beagnach an oiread céanna cluichí caillte acu i mbliana agus a chaill siad sa dá shéasúr roimhe seo le chéile.

Níor chinntigh na Laighnigh a n-áit i gCorn na gCuradh go dtí an deireadh seachtaine seo, leis an mbua in aghaidh Treviso, ach fiú in aghaidh na nIodálach, níor thug foireann O’Connor taispeántas láidir uathu. Faoi láthair, tá na Laighnigh sa tríú pota don chomórtas sin agus chinnteodh bua an tseachtain seo chugainn an stádas sin dóibh. Ach má thiteann siad siar tuilleadh, ní bheidh aon duine – Matt O’Connor féin fiúin ann  casadh dearfach a bhaint as an scéal.

Comhghleacaíthe Paddy Jackson ag ceiliúradh tar éis dó comhscór a shlánú dá fhoireann ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Comhghleacaíthe Paddy Jackson ag ceiliúradh tar éis dó comhscór a shlánú dá fhoireann ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Jackson ag déanamh cás láidir do Chorn an Domhain

Chomh maith leis an gcoimhlint idir na cúigí, bhí cath ar bun i gCnoc an Fhéich idir dhá leathchúlaí amuigh atá ag iarraidh áit a bhaint amach i bpainéal na hÉireann do Chorn an Domhain, Paddy Jackson agus Ian Keatley.

Nuair a thosaigh Craobh na Sé Náisiún i mbliana, bhí soiléir gurbh é Keatley ab fhearr le Joe Schmidt. D’imir fear na Muimhneach in aghaidh na hIodáile sa chéad bhabhta agus cé nár imir sé le foireann na hÉireann ina dhiaidh sin, bhí fós mar chuid den phainéal, agus gan áit ar bith ann do Jackson.

Ó shin, áfach, is é an tUltach is mó a bhfuil dul chun cinn déanta aige. Tá taispeántais den chéad scoth tugtha uaidh ag Jackson arís agus arís eile i mbliana agus nuair a d’imir an bheirt acu in aghaidh a chéile, seans gurb é an fear rua arís a bhí níos sásta ag críoch na himeartha.

nach raibh drochoíche ag Keatley ar chor ar bith, nuair a tháinig an crú ar an tairne sa chúig nóiméad dheireanacha, ba le Jackson a bhí an lá. Bhí deis ag Keatley an bua a chinntiú do Chúige Mumhan tar éis úd Keith Earls ach chuir sé a iarracht amú. Nuair a fuair Jackson an deis chun comhscór a fháil – leis an am caite agus é in aice an taobhlíne – ní dhearna sé aon bhotún leis an gcic.

Fág freagra ar 'Cás na gcúigí tar éis an bhabhta is déanaí den Pro12'