Cás na gcúigí agus deireadh tagtha le gnáthbhabhtaí na Sraithe Pro12

Imríodh na cluichí deiridh sa tsraith an deireadh seachtaine seo caite ach níl a mbuille tugtha fós ag trí cinn de na cúigí. Cad atá le déanamh acu?

Guinness PRO12, The Sportsground, Galway 16/5/2015 Connacht vs Ospreys The Connacht team huddle Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Foireann Chonnacht roimh an gcluiche i gcoinne na Ospreys ag an deireadh seachtaine. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Caithfear fáil réidh le botúin na gConnachtach má tá siad chun Corn na gCuradh a shroicheadh

Roimh an gcluiche ag an deireadh seachtaine, dúirt Pat Lam go raibh sé ag súil le taispeántas mór óna chuid imreoirí agus seans beag acu críochnú sa séú háit sa tsraith. Mar a tharla arís agus arís eile i séasúr na gConnachtach i mbliana, faraor, chlis orthu go hiomlán, sa chéad leath go háirithe.

Bhí Connacht 24-0 chun deiridh ag leath ama i gcoinne na Ospreys agus cé gur aimsigh siad 20 pointe gan freagra sa dara leath, bhí foireann Pat Lam fós ag brath ar bhua Chúige Laighean chun an seachtú háit sa tsraith a chinntiú.

Tabharfaidh Connachta aghaidh anois ar Gloucester sa chluiche cáilithe do Chorn na gCuradh. Chas siad ar a chéile níos luaithe sa séasúr i gCorn na Dúshláine ach arís d’íoc na hÉireannaigh go daor as dhá bhotún sa chéad leath agus chaill siad an cluiche 14-7. Má siad chun leanúint orthu chuig an gcéad bhabhta eile, caithfidh siad na hearráidí a ghearradh amach.

Noel Reid i mbun úd a aimsiú sa chluiche in aghaidh Dhún Éideann. Pictiúr: INPHO/Robert Perry
Noel Reid i mbun úd a aimsiú sa chluiche in aghaidh Dhún Éideann. Pictiúr: INPHO/Robert Perry

Blaiseadh beag dá bhuil i ndán dóibh feicthe ag na Laighnigh

Is i rith Chraobh na Sé Náisiún i mbliana a thit an tóin as feachtas sraithe na Laighneach. Le linn an ama go raibh na himreoirí idirnáisiúnta ar dualgas le Joe Schmidt, níor bhuaigh Cúige Laighean ach cluiche amháin as na ceithre cinn a bhí acu sa Pro12.

Labhair Matt O’Connor cheana faoi cé chomh míshásta atá leis an gcóras roghnúcháin atá in úsáid ag foireann na hÉireann agus le Corn an Domhain ag tús an chéad séasúir eile, tá O’Connor chun imreoirí tábhachtacha a chailleadh arís.

Agus an méid sin ina aigne aige, d’úsáid sé an cluiche ag an deireadh seachtaine chun deis a thabhairt do chuid de na himreoirí a mbeidh sé ag brath orthu i rith Chorn an Domhain. Beidh sé sásta go leor leis an méid a chonaic sé, go háirithe mar gur imreoirí óga ar nós Noel Reid, Jack Conan agus Luke McGrath a fuair na húid uile.

Cóitseálaí Uladh Neil Doak roimh an gcluiche ar an Satharn i gcoinne Glasgow. Pictiúr: INPHO/Presseye/Rob Hardie
Cóitseálaí Uladh Neil Doak roimh an gcluiche ar an Satharn i gcoinne Glasgow. Pictiúr: INPHO/Presseye/Rob Hardie

I mbun staidéir a bhí Cúige Uladh in Albain

Agus iad cáilithe don chéad bhabhta eile cheana féin, agus beag seans acu, dar leo féin, ar chluiche leathcheannais baile a bhaint amach, rinne cóitseálaí Uladh Neil Doak cinneadh briseadh a thabhairt do roinnt dá imreoirí móra ar an deireadh seachtaine. Cé go raibh na hUltaigh chun cinn ag leath ama, níor scóráil siad ar chor ar bith sa dara leath agus chríochnaigh an cluiche 32-10 i bhfabhar na nAlbanach.

thiocfaidh an chailliúint idir Doak agus coladh na hoíche agus níl ach seachtain le fanacht aige chun rudaí a chur ina gceart mar casfaidh na foirne céanna ar a chéile ar an Aoine sa chluiche leathcheannais. Gach seans mar sin, go raibh Doak ag déanamh níos mó staidéir ar imirt Glasgow ná mar a bhí ar a fhoireann féin agus beidh lucht leanúna na nUltach ag súil go bhfuil a ndóthain foghlamtha aige chun go mbuafadh na hUltaigh cluiche leathcheannais baile sa chomórtas seo den chéad uair.

Conor Murray ag éalú ó ghreamú sa bhua in aghaidh na Dragons. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Conor Murray ag éalú ó ghreamú sa bhua in aghaidh na Dragons. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Rith an ráis fós leis na Muimhnigh agus iad ag iarraidh an corn a chrochadh leo arís

Is é an tSraith Magners i 2011 an comórtas is déanaí atá buaite ag Cúige Mumhan ach is iontach an seans atá acu deireadh a chur leis an ngorta sin i Pro12 na bliana seo. Bhí bua éasca ag foireann Anthony Foley i gcoinne na Dragons ar an Satharn agus nuair nár aimsigh na Ospreys an pointe bónais sa bhua a bhí acu ar Chonnachta, bhí a fhios ag na Muimhnigh gur ag imirt a sa bhaile i bPáirc Thuaman a bheidís sa chluiche leathcheannais.

Do na ceithre fhoireann atá cáilithe do na babhtaí leathcheannais, is ag Cúige Mumhan a bhfuil an rugbaí is fearr imeartha acu le cúpla mí anuas, gan ach cluiche amháin caillte acu as na deich gcinn is déanaí. Is i gcoinne na Ospreys, a gcéilí comhraic an Satharn seo chugainn, a chaill siad an cluiche sin i mí Márta agus chaill siad an cluiche baile i gcoinne na mBreatnach i mí Mheán Fómhair anuraidh. Tá deis acu díoltas a bhaint amach an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Cás na gcúigí agus deireadh tagtha le gnáthbhabhtaí na Sraithe Pro12'