Cás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta le plé i dTithe an Oireachtais inniu

Meastar go bpléifear ceist an chúitimh do na coláistí samhraidh agus fógra fós le déanamh ag Roinn na Gaeltachta maidir leis an tacaíocht a chuirfear ar fáil agus na cúrsaí Gaeilge curtha ar ceal don dara bhliain as a chéile

Cás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta le plé i dTithe an Oireachtais inniu

Pléifear ceist na gcoláistí samhraidh i dTithe an Oireachtais inniu agus ionadaithe ó ghrúpaí atá bainteach leis an earnáil le teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais.

Beidh ionadaithe ó Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) agus ó Ghael-Linn os comhair Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tráthnóna agus todhchaí na gcoláistí samhraidh faoi chaibidil acu.

Meastar go bpléifear ceist an chúitimh do lucht stiúrtha na gcoláistí samhraidh agus fógra fós le déanamh ag Roinn na Gaeltachta maidir leis an tacaíocht a chuirfear ar fáil agus na cúrsaí Gaeilge curtha ar ceal an samhradh seo don dara bliain as a chéile.

Cé gur fhógair an rialtas an tseachtain seo caite go raibh €2.2 milliún le híoc le mná tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar chur ar ceal na gcoláistí samhraidh i mbliana, níl aon fhógra déanta go fóill maidir le tacaíocht do na coláistí féin ná do hallaí pobail na Gaeltachta a bhíonn ag freastal orthu.

Chuir CONOS fáilte roimh fhógra Roinn na Gaeltachta go raibh ciste ceadaithe do lucht lóistín ach tuigtear go bhfuil díomá ar lucht na gcoláistí samhraidh go ndearnadh an fógra sula raibh aon socrú déanta leis na páirtithe leasmhara eile.

Chuir Tuairisc.ie ceist ar Roinn na Gaeltachta cén uair a fhógrófaí an maoiniú do lucht na gcoláistí samhraidh agus na hallaí pobail ach níor cuireadh aon fhreagra ar fáil go fóill.

Agus cúiteamh lucht lóistín á fhógairt ag Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, dúirt sé go raibh sé muiníneach go bhféadfaí teacht ar réiteach ar cheist an chúitimh do na dreamanna eile “sna seachtainí amach romhainn”.

Meastar go bhfuil ceist an chúitimh do na coláistí samhraidh Gaeltachta níos casta i mbliana ná mar a bhí in 2020.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, thug an Roinn treoir do na coláistí samhraidh ag tús na bliana gan glacadh le héarlaisí do na cúrsaí Gaeilge.

Dúirt lucht na gcoláistí féin, áfach, go raibh orthu glacadh le héarlaisí i mbliana toisc go ndearnadh cinneadh “déanach sa lá” faoi chúrsaí 2021 a chur ceal.

Tugadh rabhadh do choláistí samhraidh mí Eanáir gan a bheith ag brath ar an gcúiteamh céanna a fháil i mbliana is a fuair siad anuraidh toisc gur chun éarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí a cuireadh formhór den mhaoiniú speisialta ar fáil don earnáil.

Íocadh €3.1 milliún le húdaráis an 42 coláiste samhraidh anuraidh.

Agus é ag labhairt roimh chruinniú an lae inniu, dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go raibh “tábhacht ar leith ag baint” leis na coláistí samhraidh a reáchtáiltear ar fud na Gaeltachta gach samhradh.

“Is cuid lárnach de gheilleagar na Gaeltachta iad, trína soláthraítear teacht isteach luachmhar in aghaidh na bliana do na ceantair Ghaeltachta. Soláthraítear teacht isteach rialta do na coláistí féin, do na mná tí agus a dteaghlaigh, do na siopaí áitiúla, agus do dhéagóirí áitiúla, a fhaigheann poist mar cheannairí óige sna coláistí féin.”

Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go bhfuil tacaíocht de dhíth “go práinneach” ar na coláistí samhraidh chun a chinntiú go dtiocfaidh siad slán ón ngéarchéim reatha agus go mbeidh siad ullamh agus réidh do chúrsaí 2022.

Breis is 26,000 scoláire a fhreastalaíonn ar na cúrsaí Gaeilge a reáchtáiltear sa Ghaeltacht gach samhradh agus meastar gur fiú €50 milliún earnáil na gcoláistí samhraidh do gheilleagar na Gaeltachta gach bliain.

Cuirfear tús leis an gcruinniú den Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag 12.30pm inniu i Seomra na Dála.

Fág freagra ar 'Cás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta le plé i dTithe an Oireachtais inniu'