Cás na Gaeilge i lár an aonaigh agus éiginnteacht faoi Stormont

An UUP an páirtí is déanaí chun a gcuid a rá faoin reachtaíocht don teanga atá geallta sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua

Cás na Gaeilge i lár an aonaigh agus éiginnteacht faoi Stormont

Tá cás na Gaeilge i lár an aonaigh arís sa Tuaisceart ceist na gceart teanga ina húdar easaontais sna hathruithe is déanaí i gcúrsaí polaitíochta.

An UUP an páirtí is déanaí chun a gcuid a rá faoin reachtaíocht don teanga atá geallta sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua. 

Dúirt ceannaire an pháirtí Steve Aiken nach raibh an UUP ar son na reachtaíochta sin agus nár ghlac a pháirtí leis an gcomhaontú ach oiread.

Dúirt Aiken nach raibh an páirtí “i gcoinne na Gaeilge” agus go dtacaíonn an UUP leis an teanga. 

Dúirt sé gur chinntigh an páirtí gur bunaíodh forais teanga “chun an próiseas a dhípholaitiú ionas nach mbeadh na teangacha agus an teanga á n-úsáid mar “ábhar margáintíochta”. 

Dúirt ceannaire an Alliance, Naomi Long, go raibh dualgas ar gach páirtí agus ar an gcéad cheannaire eile ar an DUP, seasamh leis an gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a bhfuil reachtaíocht  don Ghaeilge agus don Ultais geallta ann.

Dúirt Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald go dteastaíonn óna páirtí oibriú leis an gceannaire nua a bheidh ar an DUP “le meon na féile agus an mheasa” ach gurb ionann sin agus “an éagsúlacht” a cheiliúradh agus an reachtaíocht teanga a bhí geallta a chur i bhfeidhm.

Áitíonn Sinn Féin nach mbeidh aon chluichí á n-imirt acu agus foireann ceannais nua á ceapadh ar an bhFeidhmeannas ach a bhfágfaidh Arlene Foster.

Tá caint ann cheana féin go bhféadfadh an próiseas ainmniúcháin aighneas a chothú a d’fhéadfadh cur as d’fheidhmeannas roinnt na cumhachta. 

Tá daoine den tuairim go bhféadfadh Sinn Féin agus an DUP leas a bhaint as an bpróiseas ainmniúcháin mar ábhar margáintíochta chun tairbhe pholaitiúil a bhaint as ceisteanna amhail ceist na Gaeilge.

Dá ndiúltódh ceachtar dream ainmniúchán a dhéanamh, ní fhéadfaí feidhmeannas a bhunú a bheadh ábalta feidhmiú. 

Dúirt an tAire Airgeadais Conor Murphy, Sinn Féin go raibh comhaontú ann cheana féin le páirtí an DUP faoin reachtaíocht Ghaeilge. 

 “Ní hamhlaidh go mbeidh idirbheartaíocht eile ann faoi aon cheann de na rudaí seo, is amhlaidh go mbeifear á gcur ar fáil.” 

Dúirt Murphy “nach raibh rún ar bith [ag Sinn Féin] a bheith ag imirt cluichí” leis an bpróiseas ainmniúcháin. 

Dúirt ceannaire an TUV, Jim Allister, gur ghlac duine den bheirt iarrthóirí ar cheannaireacht an DUP, Edwin Poots, leis an reachtaíocht teanga in 2018, sular dhiúltaigh gnáthbhaill an pháirtí di.

“D’fhéadfadh go mbeadh díomá ar a lán díobh siúd sa DUP a cheapann gur duine é Edwin Poots a ghabhfadh siar ar an ngealltanas i leith na Gaeilge,” a dúirt Allister.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, An Dream Dearg, go raibh sé soiléir gurb é an bac a bhí ar an reachtaíocht polasaí moilleadóireachta an DUP in iarracht tairbhe pholaitiúil a bhaint aisti ar cheisteanna eile. 

San Irish News, dúirt sé gurbh ionann fealladh ar Ré Nua, Cur Chuige Nua agus fealladh ar roinnt na cumhachta féin.

“Ná bíodh aon amhras orainn, is é feidhmiú na gcearta teanga an tástáil a chuirfear ar aon cheannaire nua ar an DUP,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Fág freagra ar 'Cás na Gaeilge i lár an aonaigh agus éiginnteacht faoi Stormont'