Cás mná Gaeltachta a d’imigh gan tásc ná tuairisc 35 bliain ó shin faoi chaibidil ar Crimecall anocht

Tá achainí á déanamh ag clann Barbara Walsh ar an phobal aon eolas, beag nó mór, atá acu faoin chás a chur ar fáil

Cás mná Gaeltachta a d’imigh gan tásc ná tuairisc 35 bliain ó shin faoi chaibidil ar Crimecall anocht

Beidh cás Barbara Walsh,  a d’imigh gan tásc ná tuairisc óna teach cónaithe i gConamara 35 bliain ó shin, faoi chaibidil ar Crimecall ar RTÉ anocht.

Ní fhacthas Barbara Walsh, a raibh seachtar clainne uirthi, ón oíche a raibh cóisir ina teach cónaithe i gCarna, an 22 Meitheamh 1985.

Agus tús á chur ag na Gardaí le fiosrúcháin eile faoi chás Barbara Walsh, tá achainí eile á déanamh ag a clann ar an phobal aon eolas, beag nó mór, atá acu faoin chás a chur ar fáil.

Agus í faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta ar maidin, d’impigh Catherine Uí Chonghaile, iníon Barbara Walsh, ar aon duine a raibh eolas acu faoi chás a máthar an t-eolas sin a chur ar fáil.

Dúirt Catherine Uí Chonghaile go raibh daoine ann a raibh na “freagraí” acu atá ag teastáil ón teaghlach atá ag fulaingt le 35 bliain agus go dteastaíonn uathu dul go bun scéal a máthar le go bhfaighidís suaimhneas.

“Tá muid ag iarraidh go dtiocfadh deireadh leis seo, go mbeadh áit eicínt go mbeifeá in ann a dhul, bheadh sé go deas, bíonn chuile dhuine ag iarraidh a dhul chuig uaigh, paidir a rá, dhul ag caint leo.”

Dúirt Catherine Uí Chonghaile go raibh “slám daoine” sa teach an oíche a ndeachaigh a máthair ar iarraidh agus go gcaithfeadh go raibh eolas éigin acu.

“An chuid is mó de na daoine a bhí ann, tá siad básaithe ach tá a fhios ag duine eicínt rud eicínt,” a dúirt sí.

I measc na ndaoine a bhí i láthair ag an chóisir an oíche sin bhí beirt Ghardaí.

Ag labhairt di ar an chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta, dúirt Catherine Uí Chonghaile, an duine is sine de sheachtar clainne Bharbara Walsh, nár thuig sí féin ná na páistí eile go ceann cúpla lá i ndiaidh na heachtra go raibh a máthair imithe.

“Ar maidin cheap muid go raibh sí bailithe ag an siopa i gCarna. Bhí a fhios againn tráthnóna Dé Sathairn go raibh sí imithe ach ní raibh a fhios againn céard a bhí tarlaithe ceart. Bhí muid óg an t-am sin.”

Dúirt sí gur bhean a bhí ina máthair a rachadh ag snámh san fharraige leo sa samhradh agus a thabharfadh “ar picnics” iad agus nach bhfágfadh sí na gasúir as a stuaim féin.

Dúirt Catherine Uí Chonghaile go raibh ceisteanna ag an teaghlach faoi litreacha a seoladh chuig an stáisiún Gardaí ar an Chlochán agus faoin mhoill a bhain leis an fhiosrúchán nuair a cuireadh na gardaí ar an eolas an chéad lá faoi Barbara Walsh a bheith ar iarraidh.

Fág freagra ar 'Cás mná Gaeltachta a d’imigh gan tásc ná tuairisc 35 bliain ó shin faoi chaibidil ar Crimecall anocht'