Cás mar gheall ar ‘loitiméireacht’ ar chomharthaí sráide ‘Victoria’ i gCorcaigh curtha siar

Maíonn an grúpa Cork Street Names Campaign, ar baill de an triúr fear a bhí os comhair na cúirte, gur masla do dhínit na ndaoine a d’fhulaing le linn an Ghorta Mhóir agus d’Éireannaigh an lae inniu, ainm na Banríona Victoria a bheith ar shráideanna na cathrach

Cás mar gheall ar ‘loitiméireacht’ ar chomharthaí sráide ‘Victoria’ i gCorcaigh curtha siar

Cuireadh siar sa Chúirt Dúiche i gCorcaigh inniu cás ina bhfuil loitiméireacht ar chomharthaí sráide curtha i leith an chomhairleora cathrach agus an gníomhaí ar son na Gaeilge, Diarmuid Ó Cadhla, agus beirt fhear eile.

Beidh Ó Cadhla agus an bheirt fhear eile os comhair na cúirte arís i gceann coicíse. Cuireadh siar an cás inniu nuair a lorg an triúr comhairle dlí agus nuair a d’iarr siad go dtabharfaí “an fhianaise go léir” os comhair na cúirte. Táthar ag iarraidh chomh maith go gcloisfí an fhianaise ar fad a bhaineann leis an gcás as Gaeilge.

Chaith Ó Cadhla agus beirt eile, Tom O’Connor agus Tony Walsh, péint ar roinnt comharthaí sráide i gcathair Chorcaí níos túisce i mbliana mar chuid dá bhfeachtas sráidainmneacha na cathrach a athainmniú.

Maíonn an grúpa Cork Street Names Campaign, ar baill de an triúr fear  a bhí os comhair na cúirte, gur masla do dhínit na ndaoine a d’fhulaing le linn an Ghorta Mhóir agus d’Éireannaigh an lae inniu, ainm na Banríona Victoria a bheith ar shráideanna na cathrach.

“Easumhlaíocht shibhialta”  a thugann an grúpa ar an ngníomh. D’fhógair siad roimh ré go mbeadh péint á caitheamh ar na comharthaí, rinneadh i lár an lae an gníomh agus d’admhaigh baill an ghrúpa gurbh iad féin a rinne.

Sular tugadh faoin bhfeachtas péinte, d’iarr an grúpa cruinniú le hArd-Mhéara Chorcaí, Des Cahill, lena moltaí faoi ainmniú sráideanna i gCorcaigh a phlé leis. Deir siad gur dhiúltaigh an tArd-Mhéara casadh leo.

Cuireadh olc ar an ngrúpa, ina dhiaidh sin, nuair a ceadaíodh maoiniú don ‘Cheathrú Victeoireach’ sa chathair, ceantar a bheadh lonnaithe timpeall ar an tsráid a ainmníodh in ómós do Thomás Mac Curtáin, a bhí ina mhéara ar an gcathair nuair a mharaigh fórsaí na corónach é le linn Chogadh na Saoirse.

Dúirt Ó Cadhla gur iomaí duine a rinne éachtaí i réimsí na heolaíochta, an spóirt, na heacnamaíochta, an chultúir agus na polaitíochta ar chóra ómós a léiriú dóibh ná “Banríon an Ghorta Mhóir” agus nár cheart “an cinedhíothú” a cheiliúradh sa chathair.

“Tá an triúr againn ag súil leis an lá sa Chúirt, is é an trua gurb í an Chomhairle Cathrach a thug an cúiseamh inár n-aghaidh in ionad plé poiblí faoi cheist na sráidainmneacha a thosú.

“Níl aon sráideanna sa Pholainn nó sa Fhrainc ainmnithe as ginearáil Naitsíocha, agus bheadh an pobal ar buile faoi dá molfaí a leithéid. Caithfimid cruth nua-aimseartha a chur ar an gcathair seo agus fáil réidh le sean-sráidainmneacha coilíneacha,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin gur cheart “bealach cuí” a aimsiú le cuimhneamh ar an mBanríon Victoria agus a leithéidí agus gur chóir “an fhírinne a insint mar thús”.

Beidh Tony Walsh os comhair na cúirte arís Dé Céadaoin mar gheall ar phóstaeir faoi chruinniú poiblí faoin bhfeachtas a fágadh in airde rófhada sa chathair.

Fág freagra ar 'Cás mar gheall ar ‘loitiméireacht’ ar chomharthaí sráide ‘Victoria’ i gCorcaigh curtha siar'