‘Cás le freagairt’ ag Eircode faoi chonspóid Ghaeilge bunaithe ar scéim teanga na Roinne Cumarsáide

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil imscrúdú curtha ar bun aige maidir le ceist na Gaeilge sna cóid phoist nua a scaipeadh ar an bpobal

Screen Shot 2015-10-21 at 16.40.43

Tá sé tugtha le fios ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfuil imscrúdú curtha ar bun ag a oifig maidir le ceist na Gaeilge sna cóid phoist nua a scaipeadh ar an bpobal níos túisce i mbliana.

Bhí an Coimisinéir ag caint inné ag an gComhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha de chuid Thithe an Oireachtais.

Lean conspóid mhór an scéal go raibh ainmneacha agus logainmneacha Gaeilge á n-aistriú go Béarla ag Eircode sna litreacha inar dáileadh na cóid nua phoist ar mhuintir na hÉireann.

Dúirt an Coimisinéir go bhfuair a oifig 60 gearán faoin scéal agus gur léirigh an chonspóid go raibh gá le reachtaíocht teanga nua.

“Tá cuid mhaith gearán faighte ag an Oifig seo maidir le Eircode agus an rud is mó a ghoill ar dhaoine ná gur seoladh an cód poist nua chucu faoi ainm agus sloinne a bhí i mBéarla cé nár ghnách leo a leithéid a úsáid riamh.

“Is ábhar é seo atáim a fhiosrú faoi láthair ach ní miste liom a rá go bhfuil cuing áirithe orm de bhrí nach ann d’fhoráil chun na cearta seo a chosaint i ndlí teanga na tíre,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Ag freagairt ceiste a chuir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) faoi chonspóid teanga Eircode, thug Ó Domhnaill le fios gur chreid sé go raibh “cás le freagairt” ag an Roinn Cumarsáide faoin scéal agus luaigh sé scéim teanga na Roinne agus a bhfuil ráite ann faoi úsáid logainmneacha Gaeltachta.

Dar leis an Dr John Walsh, sochtheangeolaí agus saineolaí ar an reachtaíocht teanga, go bhfuil údar maith ann a cheapadh nár chloígh an Roinn le gealltanais reachtúla.

Thug an Dr Walsh le fios do Tuairisc.ie cheana go bhféadfaí cás láidir a dhéanamh gur sháraigh an Roinn Cumarsáide a scéim teanga féin nuair a d’aistrigh Eircode logainmneacha Gaeltachta go Béarla i litreacha a seoladh chuig daoine sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Cás le freagairt’ ag Eircode faoi chonspóid Ghaeilge bunaithe ar scéim teanga na Roinne Cumarsáide'