Cás faoi Theach Scríbe i gConamara san Ard-Chúirt amárach

Tá athbhreithniú breithiúnach á lorg ag Screebe Estates Limited maidir le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe diúltú dá n-iarratas ar chead pleanála a choinneáil

Cás faoi Theach Scríbe i gConamara san Ard-Chúirt amárach

Éistfear cás san Ard-Chúirt amárach a bhaineann le cinneadh faoi chúrsaí cead pleanála ag Teach Scríbe, an teach stairiúil ag crosbhóthar Scríbe i gConamara, teach atá faoi chosaint.

Tá an t-athbhreithniú breithiúnach á lorg ag Screebe Estates Limited maidir le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe diúltú dá n-iarratas ar chead pleanála a choinneáil ag Teach Scríbe do stábla capall, teach bád agus stór, díon nua a chur ar sheanteach, cóiríocht bhreise do chuairteoirí agus forbairtí eile.

Chinn lucht pleanála na Comhairle go raibh iarratas Screebe Estates Limited neamhiomlán agus nár mhór measúnú oiriúnachta iomlán a dhéanamh.

Maíonn Screebe Estates Limited go ndeachaigh siad ar aghaidh leis an iarratas ar an tuiscint nár ghá measúnú iomlán de réir tástáil a rinneadh i leith measúnú oiriúnachta.

Tógadh Teach Scríbe mar theach iascaireachta agus seilge in 1865 do mhuintir Berridge, an dream ar leo eastát Bhaile na hInse.

Ba le linn di a bheith ag fanacht i dTeach Scríbe a bádh Lady Dudley, an bhean a bhunaigh Banaltraí Dudley, an chéad seirbhís altraí pobail in Éirinn agus i Sasana. Ba í an bhochtaineacht a chonaic Lady Dudley i gConamara a spreag í chun cúnamh a chur ar fáil.

Teach lóistín agus tithe saoire sócúlach atá anois i dTeach Scríbe.

 

Fág freagra ar 'Cás faoi Theach Scríbe i gConamara san Ard-Chúirt amárach'