Comhréiteach faoi aighneas idir feirmeoir agus scoil i bparóiste Ghort a’ Choirce

Sa chúirt chuarda i mBéal Átha Seanaidh, dúradh go ndeachaigh an cás seo, atá ar siúl le naoi mbliana anuas, siar go 1961 nuair a dhíol athair Joseph Gallagher paiste talún leis an sagart paróiste áitiúil

 

1658261_92baddf2

Níl aon ordú costas tugtha ag breitheamh cúirt chuarda maidir le haighneas atá ar siúl le fada idir feirmeoir as Gort a’ Choirce agus bunscoil áitiúil a bhaineann le paiste talún leathacra ar ar tógadh dabhach shéarachais.

Rinne an Breitheamh Rory McCabe a chinneadh gan aon rialú a dhéanamh tar éis dó aighneachtaí a chloisteáil ón dá thaobh maidir le costais, tráth a dtáinig an dá pháirtí ar chomhaontú faoin scéal lasmuigh den chúirt.

Thug Joseph Gallagher, Doire Chonaire, cás cúirte in aghaidh Scoil Náisiúnta Dhoire Chonaire, Gort a’ Choirce, tar éis do dhlíodóirí na scoile litir a scríobh chuige ag cur in aghaidh iarracht a rinne sé teideal a ghlacadh i leith paiste talún ina ainm féin in 2002.

Rinne an scoil frithéileamh, á rá go raibh seilbh chodarsna acu ar an talamh, a bhí díreach ar aghaidh na scoile amach, a dúradh sa chúirt chuarda i mBéal Átha Seanaidh inné.

Dúirt an t-abhcóide ionchúisimh, Sean Mac Aoidh, go ndeachaigh an cás seo, atá ar siúl le naoi mbliana anuas, siar go 1961 nuair a dhíol athair Joseph Gallagher paiste talún leis an sagart paróiste áitiúil chun deabhach shéarachais a thógáil ar bheagán airgid.

Nasc chuig an deabhach shéarachais a bhí sa sráice cúng talún seo.

Bhí Joseph Gallagher agus a mhuintir tar éis a bheith ar an talamh le breis agus 70 bliain ach chuir Bord Bainistíochta na Scoile in aghaidh an talamh a bheith cláraithe ina ainmsean in 2002.

Dúirt lucht na scoile go dtroidfidís go fíochmhar ina aghaidh seo.

Chuir an gearánaí i leith na gcosantóirí go ndearna siad foghail ar a chuid talún nuair a thóg siad píblíne chuig an deabhach shéarachais agus dhá dhúnpholl in 2002.

Dúradh sa chúirt gur ghá do na cosantóirí an méid sin a dhéanamh mar gur guais sláinte a bhí ann don scoil agus go mbeadh an baol ann go gcaithfí an scoil a dhúnadh mura ndéanfaí an obair sin.

Dúirt an tUasal Mac Aoidh gurbh é tuairim a chliaint nach raibh sé de cheart ag an scoil na forbairtí sin a dhéanamh ar thalamh a chliaint. Dúirt an tUasal Mac Aoidh go raibh cruatan fulaingthe ag a chliant agus a mhuintir siúd le blianta fada i bpobal beag mar gheall ar an gcás.

D’fhulaing sé míchlú agus maslaí sa cheantar dá bharr, a dúradh.

Léigh an t-abhcóide comhfhreagras idir an dá pháirtí a bhain leis na blianta 2002 go dtí 2015.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, abhcóide thar ceann na scoile, nár ghá an cás seo a thabhairt in aon chor. Dúirt sé freisin go raibh ceart slí ann chuig an deabhach shéarachais.

Dúirt sé gur cheart don dá thaobh a gcuid costas féin a íoc. Dúirt an t-abhcóide freisin gur scoil bheag atá ann agus nach bhféadfadh foireann na scoile na costais ar fad a ghlanadh.

Agus é ag tabhairt a bhreithe, dúirt an Breitheamh Rory McCabe gur léir go raibh míthuiscint ar na cosantóirí maidir le cearta an ghearánaí ach gur thuig sé dóibh an méid sin agus caidreamh an dá thaobh ag dul siar á chur san áireamh aige.

Luaigh sé gur éirigh leo teacht ar aonfhocal faoin údar easaontais a bhí acu.

“Táthar ag dul sa seans agus aighneas dlí á dhéanamh ag duine agus bhí praghas le híoc as an gceann áirithe seo”.

“D’fhéadfadh cás a throidfí go crannaibh na gréine maireachtáil ar feadh laethanta agus d’fhéadfadh tuilleadh gníomhartha cúirte a bheith mar thoradh air”, a dúirt sé.

Dúirt sé go bhféadfadh an dá pháirtí a bheith fós gafa leis an gcás seo i gceann deich mbliana.

Thug an Breitheamh McCabe dá aire gur aithin chaon taobh a gcearta faoin dlí. Ní dhearna sé aon ordú i dtaobh na gcostas toisc gur chuir sé an t-éileamh agus an frithéileamh ar ceal.

Fág freagra ar 'Comhréiteach faoi aighneas idir feirmeoir agus scoil i bparóiste Ghort a’ Choirce'