Cás Barry Nash, botún na dTiobraid Árannach, teip na gConallach agus mianach na gCat

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is suimiúla ó chluichí móra Chumann Lúthchleas Gael an deireadh seachtaine

Cás Barry Nash, botún na dTiobraid Árannach, teip na gConallach agus mianach na gCat

Barry Nash agus Jason Forde. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Cás Barry Nash agus seiftiúlacht Luimnigh

Is deacair é a chreidiúint anois ach bhí amhras áirithe anuraidh ann nuair a chualathas an scéal gan choinne go raibh Kyle Hayes á aistriú ón líne lántosach agus go rabhthas le leathchúlaí cliatháin á dhéanamh de.

Is fíor go raibh Hayes ina leathchúlaí den scoth ar fhoirne faoi aois, ach mar leatosaí láir a bhí sé in 2018 nuair a ghnóthaigh sé All Star, gradam iománaí óg na bliana agus laoch na himeartha i gcluiche ceannais na hÉireann.

Léiriú eile ar a ghéarchúisí is atá foireann bainistíochta Luimnigh ab ea an cúl iontach a fuair Hayes inné, cúl a chuir an dlaoi mullaigh ar theacht aniar iontach na foirne in aghaidh Thiobraid Árann, a raibh farasbarr deich bpointe acu ag leatham.

Ní hé cás Hayes an t-aon chás inar léirigh John Kiely agus a chriú nach bhfuil eagla orthu dul sa seans agus athrú mór a dhéanamh. Mar thosach a d’imir captaen na foirne Declan Hannon don chontae idir 2011 agus tús ré Kiely in 2017. Mar leathchúlaí láir a d’ardaigh laoch Áth Dara Corn Mhic Cárthaigh in 2018 agus 2020 agus thuill sé gradam All Star san ionad sin in 2018.

Ach seans gurb é aistriú Barry Nash go dtí an líne lánchúil ba lú ar fad a mbeadh duine ag súil leis.

Mar thosach a rinne Nash a chuid gaiscí faoi aois dá chontae. Mar leatosaí cliatháin a d’imir sé i gcluiche ceannais na hÉireann faoi-21 in 2015 nuair a fuair sé cúig phointe ón imirt agus gradam laoch na himeartha.

Bhí Nash ar dhuine de laochra Luimnigh sa dara leath Dé Domhnaigh agus é ina lánchúlaí sa chúinne agus bhí baint mhór ag a fhíochmhaire is a bhí sé i mbun seilbh na liathróide a cheilt ar Thiobraid Árainn le teip fhoireann Liam Sheedy.

Má bhí, bhí a stuaim agus a chruinneas i mbun seachadadh na liathróide chomh tábhachtach céanna d’aiséirí Luimnigh agus é ag stiúradh na himeartha ón bpaiste ar aghaidh a chúil féin.

Is deacair é a chreidiúint anois ach bhí tráchtairí áirithe den tuairim cúpla bliain ó shin gur léirigh an cinneadh Nash a aistriú siar nár chathair mar a tuairisc painéal Luimnigh.

Éachtaint eile mar sin é cás Nash ar shamhlaíocht agus ar sheiftiúlacht lucht bainistíochta Luimnigh.

Ní raibh Tiobraid Árann gan locht i sárthaispeántas Luimnigh

Níl aon amhras ach go mairfidh taispeántas Luimnigh sa dara leath de chluiche ceannais na Mumhan i gcuimhne na ndaoine go ceann i bhfad, a gcuid imeartha sa tréimhse roimh an tsos uisce go háirithe. Bhí foireann John Kiely ar fheabhas ar fad agus imreoirí Thiobraid Árann fágtha agus gan puth dá n-anáil acu.

D’fhéadfadh nach mbeadh an greadadh céanna faighte ag Tiobraid Árann, áfach, dá dtapóidís na deiseanna a bhí ann móiminteam Luimnigh a stop.

Gan ach dhá nóiméad imithe sa dara leath agus Luimneach fós deich bpointe chun deiridh díreach tar éis d’Aaron Gillane cárta buí a fháil, bhí deis iontach ar chúl ag Jake Morris ach bhí sé róthapa ag tarraingt ar an sliotar. Dá mbeadh cúl faighte aige, chaithfeadh go mbeadh cuid dá misneach caillte ag imreoirí Luimnigh.

Mar a tharla, fuair Diarmaid Byrnes pointe ó phoc saor go luath ina dhiaidh sin a chuir tús leis an teacht aniar. Bhí deiseanna eile ag Tiobraid Árann an rabharta a chosc. Sheol Barry Hogan poc amach díreach chuig Séamus Callanan a raibh spás amuigh ar an gcliathán aige, ach theip air smacht a fháil ar an liathróid. Taobh istigh de chúpla soicind, bhí scór breá faighte ag Tom Morrissey chun an bhearna a laghdú tuilleadh.

Nuair a fuair Séamus Flanagan an cúl a d’fhág nach raibh ach ceithre phointe idir na foirne, bhí sé soiléir go raibh na Tiobradaigh i dtrioblóid mhór. Mar sin féin chuireadar amú pé deiseanna eile a bhí acu. Sá chéad ghluaiseacht i ndiaidh chúl Flanagan, chuir Dan McCormack iarracht eile amú, botún a thug a thuilleadh spreagtha do Luimneach. Dhá nóiméad ina dhiaidh sin, chuir Jason Forde, a fuair deich bpointe sa chéad leath, lag-iarracht ar strae ó phoc saor.

Dá n-éireodh le Tiobraid Árann ceann nó dhó de na deiseanna sin a scóráil agus stop a chur le ceannas Luimnigh, fiú ar feadh nóiméad amháin, bheadh seans éigin ann go dtiocfadh siad chucu féin. Níor scóráil agus níor tháinig, áfach.

 

Eoin McHugh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Mí-ádh ar Dhún na nGall ach teipthe arís orthu

Tá cliste arís ar Dhún na nGall i gcluiche mór agus goillfidh cailliúint an Domhnaigh chomh mór ar na Conallaigh le haon cheann eile le blianta beaga anuas.

Cluiche uafásach ceart a bhí ann do Michael Murphy a chuir cic éirice amú sular cuireadh den pháirc é roimh dheireadh an chéad leatha. Ach bhí mí-ádh ar Dhún na nGall freisin. Bhí ar Neil McGee an pháirc a fhágáil théis cúig nóiméad agus tugadh isteach Stephen McMenamin, fear nár thosaigh an cluiche toisc go raibh gortú ag cur as dó féin. Timpiste freisin a bhí san eachtra a thuill an cárta dearg do Murphy, cé go raibh an cárta tuillte aige, agus ba cheart go mbeadh cic éirice bronnta orthu féin nuair a leagadh Michael Langan ag deireadh an chéad leatha.

Bheadh sé deacair ag go leor foirne teacht slán ó na buillí sin ach, i ndáiríre, ba cheart go mbeadh iarracht níos fearr déanta ag foireann seo Dhún na nGall. Agus Murphy curtha den pháirc, is beag a chonacthas de Paddy McBrearty, Ryan McHugh, Ciarán Thompson agus Jamie Brennan, fir ar cheart dóibh a bheith ina gceannairí d’uireasa Murphy.

Bhí sé suntasach freisin gurb iad Tír Eoghain is mó a bhain leas as na fir ionaid ar lá iontach te in Inis Ceithleann. Cúig phointe a scóráil ionadaithe Thír Eoghain sa dara leath; ní bhfuair ionadaí ar bith scór do Dhún na nGall.

Beidh ar a laghad breis is seacht mbliana caite faoin am go mbainfidh Dún na nGall babhtaí leathcheannais na hÉireann amach arís. Níl sé sin sách maith, ná baol air, d’fhoireann seo na gConallach.

Seanmhianach na gCat le feiceáil

Buille ollmhór a bhí ann d’Áth Cliath nuair a fógraíodh roimh chluiche ceannais Laighean go mbeadh ceathrar in easnamh orthu de bharr srianta Covid-19. Bhí an sárchosantóir Cian O’Callaghan ar dhuine acu agus buaileadh buille eile ar Áth Cliath agus gan ach trí nóiméad imeartha sa chluiche nuair a bhí ar Eoghan O’Donnell an pháirc a fhágáil agus é fós bacach ó ghortú a bhain dó in aghaidh na Gaillimhe.

D’fhág sin go raibh Áth Cliath d’uireasa beirt den triúr lánchúlaithe a d’imir chomh maith sin in aghaidh na nGaillimheach ach, lena gceart a thabhairt dóibh siúd a tháinig isteach, níor éirigh chomh dona sin leo. Chaith TJ Reid, Eoin Cody, John Donnelly agus Alan Murphy tréimhsí istigh sa líne lántosach do Chill Chainnigh agus ní bhfuair an chéad triúr ach pointe an duine ón imirt. Péire a fuair Murphy.

Bhí seanmhianach na gCat le feiceáil i bhfoireann Brian Cody Dé Sathairn, áfach. Bhí Huw Lawlor ar fheabhas ar fad sa líne lánchúil agus gradam laoch na himeartha tuillte go maith aige. Taobh leis, bhí Paddy Deegan beagnach chomh maith céanna. Níor éirigh le hÁth Cliath mórán deiseanna ar chúl a chruthú ar chor ar bith, seachas deis Chris Crummey sa chéad leath, b’fhéidir.

Cé nach bhfuil cáil ar James Maher mar chosantóir, bhí tionchar cinniúnach aige ar an gcluiche. Bhí an-choimhlint idir é féin agus Danny Sutcliffe agus cé go raibh ag éirí níos fearr le fear Átha Cliath sa chéad leath, d’fheabhsaigh Maher go mór sa dara leath.

Trí phointe a scóráil Maher ach ba é an píosa imeartha is fearr a bhí aige ná nuair a tháinig sé aniar aduaidh ar Sutcliffe ar an gcliatháin chun an sliotar a sciobadh uaidh. Bhí an sliotar curtha thar an trasnán ag Martin Keoghan taobh istigh de chúpla soicind chun sé phointe a chur idir na foirne. Cé go raibh 20 nóiméad fágtha sa chluiche, bhí teipthe ar mhisneach Átha Cliath.

Cuid den bhrú bainte de Kelly ag an gClár

Dá ndéarfá le duine roimh an gcluiche idir Loch Garman agus contae an Chláir Dé Sathairn nach mbeadh ag Tony Kelly ach dhá scór ón imirt, is beag duine a cheapfadh gurb iad na Cláirínigh a bheadh ag ceiliúradh ar deireadh. B’in mar a tharla, áfach, agus d’éirigh le foireann an Chláir cluiche a bhuachan gan brath chomh mór ar fhear Bhaile Uí Aodha.

Ní raibh drochlá ar chor ar bith ag Kelly –naoi bpointe ar fad a scóráil sé – ach d’éirigh le Ryan Taylor, David Reidy agus Aidan McCarthy naoi bpointe eile a chur leis sin agus trí scór an duine acu. Deichniúr ar fad a scóráil don Chlár agus an bua saothraithe go maith acu.

Beidh siad lán de mhuinín anois agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chorcaigh Dé Sathairn. Den chéad uair le fada, beidh seans maith acu an cluiche a bhaint, fiú mura bhfuil Kelly in ard a réime.

Fág freagra ar 'Cás Barry Nash, botún na dTiobraid Árannach, teip na gConallach agus mianach na gCat'