Cás Arlene Arkinson – ar cosnaíodh dúnmharfóir agus foghlaí gnéis?

An neamhshuim i gcás a bhain le déagóir a raibh trioblóidí aici, míchúram sa bhforéigean in aghaidh na mban nó neamhinniúlacht an RUC faoi ndear an teip i gcás Arlene Arkinson?

Cás Arlene Arkinson – ar cosnaíodh dúnmharfóir agus foghlaí gnéis?

Bheadh Arlene Arkinson dhá bhliain agus dhá scór anois dá mbeadh sí beo. Cá bhfios cén sórt saoil a bheadh aici le seacht mbliana fichead? An mbeadh sí sona, sásta? Cáilíochtaí faighte aici, caidreamh grámhar aici, clann dá cuid féin aici? Ról dearfach aici i saol a muintire agus a comharsan?

Ní bhfuair sí na deiseanna sin mar oíche bhreá samhraidh, go moch ar an 14 Lúnasa 1994, ghlac sí le síob abhaile ó Robert Howard, dúnmharfóir cailíní óga agus ní bhfuarthas tásc nó tuairisc uirthi ariamh ó shin. Bhí sí cúig bliana déag d’aois.

Le gairid, tar éis ionchoisne a mhair ceithre bliana déag, chinn an Cróinéir Brian Sherrard gurb é an foghlaí gnéis, Howard a mharaigh í. Rialaigh sé gur i dTuaisceart Éireann a maraíodh í cé nach fios go beacht cén áit.

Tragóid is ea gach dúnmharú ar ndóigh ach is údar imní ar leith é cás Arlene Arkinson. Tá a fhios ag an saol go bhfuil lear mór eachtraí ó aimsir na dTrioblóidí nár fuasclaíodh ach mhúscail an cás seo ceisteanna a bhfuil ciallachais thromchúiseacha leo.

Dúirt an Cróinéir gur cheart Robert Howard a bheith gafa ag na póilíní níos túisce ná a tharla. Ní hamháin gurb é an duine deiridh ar facthas Arlene ina chomhluadar ach bhí sé amuigh ar bannaí ag an am is é cúisithe i sraith d’ionsaithe gnéis le foréigean ar chailín eile sna déaga. De bharr na moille ón uair a tuairiscíodh go raibh Arlene ar iarraidh, bhí am ag an bpríomhamhrastach le fianaise a scrios cé go raibh a stair choiriúil ar eolas ag an RUC.

Cúisíodh é i ndúnmharú Arlene in 2002 ach frítheadh neamhchiontach é in 2005. Níorbh fhéidir a stair mar fhoghlaí gnéis a insint don ghiúiré. Ag an am sin bhí príosún saoil gearrtha air i Londain as éigniú agus dúnmharú Hannah Williams, ceithre bliana déag d’aois. Fuair sé bás i bpríosún in 2015, in aois a 71. Ba as contae Laoise ó dhúchas é ach bhí cónaí air i gceantar na teorann agus eolas maith aige ar an limistéir thart ar Chaisleán na Deirge, áit dúchais mhuintir Arkinson.

Ní fios cén fáth nár ghabh na póilíní é chomh luath is a fuair siad scéal go raibh Arlene ar iarraidh agus cé leis a raibh sí tar éis dioscó i mBun Dobhráin. ‘Praiseach agus fiosrú ar nós cuma liom’ a thug dlíodóir an teaghlaigh, Des O’Doherty, ar iompar na bpóilíní ag an tús. Caithfear a fháil amach cén t-údar a bhí leis an bhfaillí sin, ar sé.

D’iarr Kathleen Arkinson, deirfiúr Arlene ar Naomi Long, an tAire Cirt in Stormont an cás a scrúdú go cúramach. Chreid sí go gcuirfeadh sonraí an cháis alltacht ar an Aire agus thar ceann an phobail, go mbeadh faitíos uirthi. Teastaíonn fiosrú poiblí uaithi.

Níl aon dabht ach gur gá an cás a scrúdú. Dúirt an Cróinéir gur léir gur thosaigh Robert Howard ag eagrú ailibí dó féin ar maidin an 14 Lúnasa uaireanta an chloig i ndiaidh an uair dheiridh ar chonacthas Arlene ina chomhluadar. Sin é an fáth gur chreid sé gur cuireadh a corp gar do Chaisleán na Deirge – mar nach raibh mórán ama aige agus gurbh in é an ceantar a raibh taithí aige air. Is iomaí cuardach a rinneadh i gcaitheamh an mblianta ach níor frítheadh corp ná taisí. Ar ócáid dhrámatúil amháin rinneadh tochailt ar chlós tí a deirféar, Kathleen.

Scaipeadh ráflaí go luath i ndiaidh na heachtra – gur imigh Arlene dá deoin féin, go raibh sí ag smaoineamh ar lámh a chur ina bás féin, go raibh sí ag súil le páiste, go raibh baint ag a muintir lena himeacht. Fuair máthair mhuintir Arkinson bás i 1990 agus ní raibh a n-athair gníomhach sa teaghlach ach mhol an Cróinéir an chlann as a gcúram d’Arlene agus dúirt nach raibh bunús ar bith leis na ráflaí. Mhol sé Kathleen go speisialta.

Gan dabht ba mhór an faoiseamh é don teaghlach go bhfuaireadar rialú cróinéara agus gur glanadh a n-ainm. Ach nil faoiseamh i ndán dóibh, a deir Kathleen, go bhfaighidh siad corp Arlene agus go mbeidh siad in ann í a adhlacadh mar is ceart. Tá sé sin an-tábhachtach ar ndóigh ach ní hé amháin atá riachtanach. Tá géarghá leis na heasnaimh agus na laigí a bhí ar an bhfiosrú seo a scrúdú.

An raibh Howard á chosaint ar chúis éigin, mar a cheapann Kathleen Arkinson? Nó an neamhshuim i gcás déagóir a raibh a trioblóidí féin aici, míchúram sa bhforéigean in aghaidh na mban nó neamhinniúlacht an RUC faoi ndear an teip?

Tá ceachtanna le foghlaim.

Fág freagra ar 'Cás Arlene Arkinson – ar cosnaíodh dúnmharfóir agus foghlaí gnéis?'