Cas arís é, Sam! Beidh lá eile ag Maigh Eo agus Áth Cliath…

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Den chéad uair ón mbliain 2000 beith athimirt ann i gcluiche ceannais peile na hÉireann agus deis eile ag Maigh Eo deireadh a chur leis an mbriseadh croí

Cas arís é, Sam! Beidh lá eile ag Maigh Eo agus Áth Cliath…

Den chéad uair ó bhliain na mílaoise, beith athimirt ann i gcluiche ceannais peile na hÉireann. Agus beagnach seacht nóiméad d’am breise imeartha, bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an lá le Baile Átha Cliath cé nár imir siad go maith ar chor ar bith. Ach chinntigh Cillian O’Connor go mbeadh lá eile ag Maigh Eo agus chuir sé an briseadh croí ó dhoras ar feadh coicís eile ar a laghad.

Fiú agus seacht gcluiche ceannais caillte acu ó 1951, sheasfadh an ceann seo amach dá mbeadh sé caillte ag Maigh Eo. Thug Baile Átha Cliath an taispeántas ba mheasa a chonaic muid uathu le fada an lá ach fós bhí siad i bhfoisceacht cúpla soicind de Mhaigh Eo a chloí.

Cheapfá go mbeadh Maigh Eo rite amach as bealaí chun a lucht tacaíochta a fhágáil croíbhriste, ach is léir nach bhfuil.

D’aimsigh imreoirí Mhaigh Eo 2-15 ach faraor, is sa chúl mícheart a scóráil siad an dá chúl sin. Thóg sé os cionn leath uair an chloig ar imreoir as Baile Átha Cliath scór a aimsiú ach fós bhí siad dhá phointe chun cinn nuair shlánaigh Dean Rock cic saor cúig nóiméad roimh leath-am.

Tháinig an chéad chúl tar éis gur ligeadh do Brian Fenton ruathar chun tosaigh a dhéanamh ar an gcliathán chlé. Rinne cúl báire Mhaigh Eo, David Clarke, sábháil maith ó iarracht Fenton agus d’imigh an liathróid chomh fada le Bernard Brogan ar imeall na cearnóige. Rinne Brendan Harrison a iarracht siúd a bhlocáil ach sciorr an liathróid de chos Kevin McLaughin agus isteach sa chúl léi.

Bhí deis eile ar chúl ag Fenton cúpla nóiméad ina dhiaidh, ach arís ní raibh sé in ann an ceann is fearr a fháil ar Clarke.

Bhí Baile Átha Cliath féin ag cur iarrachtaí amú, ach bhí Maigh Eo sách cineálta leo. Agus 22 nóiméad imeartha, sheol Diarmuid Connolly cic saor fada isteach chuig Dean Rock, ar éirigh leis éalú ó ghreim Colm Boyle. Níor éirigh le Rock an liathróid a smachtú ach chuir Boyle isteach ina chúl féin í agus é ag rith siar chun stop a chur le fear Bhaile Átha Cliath.

Bhí Baile Átha Cliath trí phointe chun cinn faoin am sin, 2-0 in aghaidh 0-3, agus tháinig beagán feabhais orthu as sin go leat-am, a bhuíochas go háirithe le Paddy Andrews a fuair dhá phointe nuair a tháinig sé isteach in áit James McCarthy a fuair cárta dubh.

Níor thóg fir na hardchathrach ar an obair mhaith sin tar éis an tsosa, áfach. Níor aimsigh siad a gcéad scór sa dara leath go dtí go raibh 50 nóiméad imeartha. Faoin am sin, bhí deireadh curtha ag Maigh Eo leis an mbearna cúig phointe a bhí idir na foirne ag leath-am.

GAA All-Ireland Senior Football Championship Final, Croke Park, Dublin 18/9/2016 Dublin vs Mayo Mayo’s Cillian O’Connor celebrates scoring the equalising point late in injury time Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Pointe an chomhscóir á cheiliúradh ag Cillian O’Connor ©INPHO/James Crombie

D’aimsigh Cillian O’Connor ceithre phointe agus fuair Patrick Durcan ceann sa tréimhse sin ach nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá sa dara leath, níor éirigh le ceachtar de na foirne an lámh in uachtar a fháil.

Chaith Baile Átha Cliath an chuid is mó den am ag dul sall agus anall agus gan aon ghearradh ina gcuid imeartha agus chuir Maigh Eo cúpla iarracht eile amú.

D’éirigh le Baile Átha Cliath an gaiste a scaoileadh sa deireadh agus fuair siad trí scór as a chéile agus gan ach cúig nóiméad fágtha. Bhí gach cuma ar an scéal go raibh dóthain déanta acu ach níor ghéill Maigh Eo.

D’aimsigh O’Connor agus Patrick Durcan cúilín an duine agus an cluiche ag druidim i dtreo am gortaithe agus rinne O’Connor an beart arís chun a chinntiú go mbeadh comhscór ann. Casfaidh na foirne ar a chéile arís Dé Sathairn an 1 Deireadh Fómhair ag 5pm. Beidh sciob sceab ar thicéid an athuair.

 

Fág freagra ar 'Cas arís é, Sam! Beidh lá eile ag Maigh Eo agus Áth Cliath…'

  • Pól Réamonn

    Táim cinnte nach aimsífidh na imreoirí Mhaigh Eo dhá chúl mícheart san athimirt.

  • micheál

    Bhí mé ag éisteacht leis an gcluiche ar an ríomhaire, á chraoladh ag RnG. Tá SBB ar an bhfód le tamall fada, rófhada b’fhéidir, agus drochnósanna teanga pioctha suas aige. Is hubris/tóirtéis na linne seo atá ag gabháil lastuas de maille le deargleisce. Ní leofadh sé ‘i dtreo na sprice’ a rá ach ‘i dtreo an sprioc’ agus iomad samplaí eile. ‘Handbags’ a thug sé ar ‘choimhlint’ éigin agus ‘teacht le chéile’ a bhí ag a chomhchraoltóir ar an eachtra céanna. ‘Cogadh na mbó maol’ a déarfadh Maidhc Sé tráth dá raibh. ‘Tá an lasair sa bharrach’ a deir SBB (agus Maidhc Sé), ní chloisim ‘tá an sop séidte’ acu, nath coitianta ag muintir Chámais? Tagann na himreoirí den pháirc ‘agus a gceann thíos’ seachas tagann siad den pháirc ‘go ceanníseal, maolchluasach, lagbhríoch etc etc’. Is deis iontach í an chraoltóireacht seo ar shaibhreas na teanga a chothú ach is léir gur beag ar SBB agus eile an deis sin a thapú. Tharraing Maidhc Sé ana-chuid éisteoirí de bharr saibhreas na Gaeilge a bhí aige. Ba lag liom féin cluas a thabhairt do Spórt an Domhnaigh a thuilleadh, dá mbeadh aon mheas ag SBB air féin nó ar na héisteoirí ní bheadh an sórt sin brilléise á spalpadh aige.