Tá a gcás caillte san Ard-Chúirt ag beirt iascairí Gaeltachta a thug dúshlán dlí maidir leis an tslí a gcoinnítear cuntas ar iascach cloicheán Bhá Bhaile Átha Cliath.
Thug Pat Fitzpatrick, iascaire as Ros an Mhíl i gConamara agus Michael J Flannery, iascaire ón nDaingean i gCorca Dhuibhne, dúshlán an Sea Fisheries Protection Authority (SFPA) maidir leis an gcóras atá acu chun monatóireacht a dhéanamh ar líon na gcloicheán Bhá Bhaile Átha Cliath a thógtar in aon ghabháil.
Bhain an cás leis an mbaint a bhí ag an gcóras sin le cinneadh Aire na Mara in 2017 cosc a chur ar iascach cloicheán i limistéar áirithe farraige ar an gcósta thiar.
Dúirt na hiascairí Gaeltachta go raibh siad thíos leis an gcinneadh agus daoine fostaithe acu agus morgáistí le n-íoc acu ar a gcuid bád.
De réir chóras an SFPA, an tÚdarás Cosanata Iascaigh Mhara, oibrítear amach an méid éisc sa ghabháil bunaithe ar an méid ama a bhíonn an bád ar an bhfarraige seachas ar an gcuntas a choinnítear i leabhar an bháid.
De réir chuntas an SFPA 1,991 tonna cloicheán a tógadh sa limistéar farraige sin in 2017 sular dúnadh é i Samhain na bliana sin. 733 tonna a bhí i gceist, de réir chlár na mbád.
Chinn an SFPA go raibh cuóta an Aontais Eorpaigh sroichte agus cuireadh an cosc i bhfeidhm dá réir.
Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh gur mhaígh duine de na hiascairí nach raibh “bunús eolaíoch” le cur chuige an SFPA ach go gcaithfí a chur san áireamh nach raibh eolaíocht ar bith ag baint le clár leictreonach na n-iascairí féin.
“Níl siad ach chomh cruinn agus atá an t-iascaire macánta,” a dúirt an Breitheamh.
Dúirt sí gurb é an dualgas dlí a bhí ar an SFPA ná na figiúirí a chreid siad a beith cruinn, ar bhonn réasúnta, a thuairisciú.
In áit a bheith ag moladh don SFPA a shúile a dhúnadh ar na figiúirí, ba chóir leigheas an scéil a fháil trí stocaireacht a dhéanamh ar Choimisiún na hEorpa, a dúirt an Breitheamh.
Fág freagra ar 'Cás Ard-Chúirte maidir le cuóta cloicheán Bhá Bhaile Átha Cliath caillte ag iascairí Gaeltachta'