CÁS APPLE: An ceithearnaigh gan chosaint i gcluiche de chuid Choimisiún na hEorpa sinn?

Tá scéal Apple agus an €13 billiún nár íocadh i bhfad níos casta ná mar a cheaptar agus gá le díospóireacht níos doimhne faoi

CÁS APPLE: An ceithearnaigh gan chosaint i gcluiche de chuid Choimisiún na hEorpa sinn?

Tá fearg as cuimse ann go forleathan i dtaobh chinneadh an rialtais achomharc a dhéanamh i gcoinne rialú Choimisiún na hEorpa go bhfuil €13 billiún le híoc ag an ollchomhlacht Apple leis an tír seo.

Ní thuigeann formhór an phobail an cinneadh sin.  I ndiaidh na mbuillí ar fad a buaileadh ar an ngnáthdhuine – arduithe cánach, laghduithe pinsin, laghduithe tuarastail, muirear tithíochta, táillí uisce, gearradh siar ar sheirbhísí is eile – tá sé ionann is dochreidte go ndiúltódh an Rialtas don trí bhilliún déag sin ar eagla go gcuirfí olc ar Apple.

Mar sin féin, tá cuid mhaith daoine eile ann atá buartha go bhféadfadh ollchomhlachtaí mar Apple an tír seo a fhágáil de bharr cinneadh an Choimisiúin, agus go dtabharfaidís leo cuid mhaith den 350,000 jab a chruthaigh siad anseo.

Agus sin croí na ceiste seo. Má táimid ag brath, go huile is go hiomlán, ar infheistíocht ón iasacht le fuinneamh a chur sa ngeilleagar náisiúnta, ar chóir dúinn dul sa seans i gcás mar seo?

Agus eascraíonn ceist eile as sin, ar ndóigh: an bhfuilimid chomh gafa sin leis na hollchomhlachtaí idirnáisiúnta seo nach bhfuil neamhspleáchas ná féincheannas ar bith ag an tír seo i ndáiríre?

Ní cabhair ar bith é don díospóireacht thábhachtach atá le déanamh faoi na nithe seo go bhfuil míthuiscint bhunúsach ann faoin gcinneadh agus faoin gcomhthéacs.

Ar dtús, an t-airgead féin.  Tá an Coimisiún ag rá go raibh dhá chomhlacht ag Apple in Éirinn, ceann amháin a rinne gnó anseo, a raibh daoine fostaithe aige agus a d’íoc cáin mar ba chuí agus ceann eile a fuair na mílte milliún ó ghnó a rinneadh i dtíortha eile gan aon cháin a íoc air.

Agus deir an Coimisiún gur chuir na Coimisinéirí Ioncaim anseo na rialacha i bhfeidhm ar bhealach a chabhraigh leis an dara comhlacht sin de chuid Apple cánacha a sheachaint.

Anois, fiú más fíor don Choimisiún, ní léir cén chaoi (nó faoi cén dlí) a bhféadfadh muid greim a fháil ar sciar den cháin sin a seachnaíodh. Agus go deimhin sa ráiteas a rinne an Coimisinéir Margethe Vestager, dúirt sí go bhféadfadh na ballstáit eile a ndearnadh an brabús iontu, iarratas a chur isteach ar an gcáin a bheadh dlite.

Sa chás sin ní fada go dtosódh clamhsán Stáit Aontaithe Mheiriceá, tír atá ag gearán le fada faoin gcaoi a mbíonn cáin á seachaint ag ollchomhlachtaí.

I mo thuairim féin, beidh an t-ádh orainn pingin ar bith den airgead seo a fháil, fiú má thacaíonn Cúirt na hEorpa le cinneadh an Choimisiúin.

Ní dóigh liom ach oiread gur fiú ligean don tseafóid sin faoin ‘dochar a dhéanfaí dár gcáil idirnáisiúnta’ teacht idir sinn agus codladh na hoíche.

Níl aon chiall leis an tuairim go bhféadfaí olc a chur ar thíortha eile gan olc a chur ar ollchomhlachtaí nó vice versa. Ar deireadh thiar, is iad na hollchomhlachtaí a chinneann airgead a infheistiú nó a mhalairt.

Tá sé scannalach, ámh, gur féidir leis na hollchomhlachtaí sin an oiread sin airgid a dhéanamh ar fud an domhain gan aon cháin a íoc air agus ba chóir dúinn deireadh a chur le haon socrú a chabhraíonn leo é sin a dhéanamh.

Mar a tharlaíonn sé, tá rialacha nua á dtabhairt isteach go hidirnáisiúnta chun é sin a dhéanamh.

Cén fáth mar sin go bhfuil an rialtas ag déanamh achomhairc i gcoinne an chinnidh?

Is fíor go bhfuil an Coimisiún ag iarraidh go mbeadh lámh aige i gcúrsaí cánach na tíre seo, fiú is go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil a leithéid ceadaithe faoi Chonarthaí an Aontais.  Tá an ceart againn gan glacadh leis sin. Maidir leis an airgead a deirtear atá le híoc ag Apple, cén fáth nach ligfeadh muid do Apple an t-achomharc a dhéanamh?

Tá sé áiféiseach gur muidne a d’íocfadh as dlíodóirí, cuntasóirí, saineolaithe cánach is eile, nuair is ar leas Apple a bheidh sé má dhiúltaíonn an Chúirt do chinneadh an Choimisiúin.

Bheadh sé níos fearr dúinn iniúchadh ceart a dhéanamh ar na socruithe atá déanta againn leis na hollchomhlachtaí is ar an ról ba chóir a bheith acu i bpolasaí eacnamaíochta an stáit.

Dá dtabharfadh na comhlachtaí seo seans dúinn saothar fiontraíochta dár gcuid féin a dhéanamh, trí chomhlachtaí stáit, bheadh linn.  Ach ní hamhlaidh atá an scéal.

In áit sin, bíonn muid sínte béal fúinn roimh na comhlachtaí seo agus cosc curtha ag Aontas na hEorpa orainn comhlachtaí stáit a tharraingt isteach sa scéal.

Ba dheas an rud é trí bhilliún déag a fháil, ach bíodh muid cinnte nach mbeidh ionainn ach ceithearnaigh gan chosaint i gcluiche de chuid Coimisiún ar cuma leis faoinár leas.

Fág freagra ar 'CÁS APPLE: An ceithearnaigh gan chosaint i gcluiche de chuid Choimisiún na hEorpa sinn?'

  • Concubhar

    Deir Eoin ina chéad abairt den alt seo go bhfuil fearg ….as an cinneadh a ghlac an Rialtais chun achomharc a dhéanamh i leith an €13bn+ atá dlite don stát ó Apple. Níl a leithéid de chinneadh glactha go fóill. Cinnte tá fonn ar an Aire Airgeadais agus baill eile FG den gComhaireacht a leithéid de chinneadh a ghlacadh – ach ar maidin inniu, Dé hAoine, bhí an Rialtas ag cruinniú le freagra ‘foirmeálta’ a thabhairt ar an mbreith ón gCoimisiún.
    An rud is mó a chuireann íontas orm, áfach, seachas an bunthuiscint míchruinn, go bhfuil Eoin anseo ag cosaint na n-ollchomhlachtaí idirnáisiúnta ar nós Apple ar eagla go n-imeoidís ón tír ar a gcosa in áirde mar gheall ar chinneadh an Choimisiúin. An é seo i bhfirinne an t-iar Chumannach?

  • Eoin Ó Murchú

    Nílim ag cosaint Apple beag nó mór. Deirim go lom go bhfuil sé scannalach go bhfuil comhlachtaí cosúil le Apple in ann cáin a sheachaint ar fud an domhain. Aithním go bhfuil daoine áirithe ann atá buartha go n-imeódh Apple (is comhlachtaí eile) ach deirim go mbaineann an scéal ar fad leis an mbéim a leagadh ar dul chun cinn eacnamúil a dhéanamh tré bheith ag brath ar infheistíocht ón iasacht. Deirim gur b’shin an díospóireacht is cóir a bheith againn. Dá léifeadh Concubhar an t-alt d’fheicfeadh sé na hargóintí sin. Aithním freisin go bhfuil cluiche ar siúl ag Coimisiún na hEorpa is go bhfuil siad ag baint leas as an scéal seo le iarracht a dhéanamh greim a fháil ar pholasaithe cánach i ngach ballstát den Aontas. Ní féidir le Concubhar tada as bealach a fheiceail maidir leis an EU. Feicimse an-chuid ar fad.

  • padraig

    Na mílte mílte fostaithe ag Apple anseo in Éirinn go deimhin ach go leor leor acu sin is eachtrannaigh iad a fostaíodh toisc gan na scileanna cuí a bheith ag ‘lucht saothair sároilte’ na hÉireann. Nílim á rá gur éagóir ná leathchuma é seo ach is í an fhírinne shearbh í, níl na scileanna teanga ná na ríomhscileanna ag céimithe na n-ollscoileanna, ní nach ionadh i bhfianaise a bhfuil d’eolas tagtha chun solais le déanaí maidir leis an rangú. Dhíol Lemass agus Whitaker amach an tír seo leis an bpolasaí áiféiseach sin.