Cás an imreora idirchontae – an fiú na híobairtí go léir?

An fiú an tairbhe an trioblóid? Tá ár gcolúnaí in amhras go bhfuil cúiteamh mar ba chóir ag an imreoir idirchontae ar na híobairtí ar fad a dhéanann sé

Joe Canning in ísle brí i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann anuraidh. INPHO/Cathal Noonan
Joe Canning in ísle brí i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann anuraidh. INPHO/Cathal Noonan

An tseachtain seo caite, léigh mé alt suimiúil i nuachtán éigin faoin méid a iarrtar ar imreoirí CLG na linne seo. John Casey, fisiteiripeoir ardcháilithe, a thug agallamh inar nocht sé a smaointe faoin ualach oibre atá ar imreoirí na linne seo. Doibrigh an Cathasach diománaithe Thiobraid Árann agus dfhoireann rugbaí na Mumhan thar thréimhse fada go leor le go mbeadh eolas cruinn aige faoin ábhar seo. 

Deir sé go bhfuil na himreoirí idirchontae ag cur an iomad ar fad isteach agus nach bhfaigheann formhór dóibh mórán mar chúiteamh.

Caithfidh mé a rá go bhfuil pointe aige leis. 

San iomáint faigheann na himreoirí atá ag imirt i roinn 1a na sraithe luach éigin ar a saothar. Bíonn cúig chluiche iomaíocha acu ar a laghad. Bíonn ar a laghad leath de na cluichí san beo ar an teilifís. 

Bíonn cuid mhaith de na cluichí craoibhe beo ar an teilifís freisin. Taobh amuigh de na foirne sin agus contae nó dhó i roinn 1b, is beag a bhíonn mar luach saothair, den chuid is mó, d’imreoirí na gcontaetha a imríonn an cluiche ársa seo.

Bhí sé thar a bheith suimiúil alt i nuachtán an Domhnaigh a léamh faoin bhfadhb chéanna i gcúrsaí peile agus bainisteoir Longfort Denis Connerton ag rá go bhfuair sé an t-eiteach ó daichead faoin gcéad de na himreoirí a diarr sé orthu bheith ar phainéal an chontae.

Tá tuairim láidir agam gurb amhlaidh atá i gcuid mhaith contaetha eile freisin.

Tá an caighdeán ullmhúcháin thar a bheith ard ag na foirne a imríonn sa chéad roinn i sraith na peile agus sraith na hiomána. Tuigeann na bainisteoirí go mbíonn orthu a thabhairt faoin gcineál caighdeáin phrapála sin sula n-imríonn siad aon chluiche. Tá beagnach gach contae ag cur an t-uafás oibre isteach ar feadh sé nó seacht mí agus is beag tairbhe a bhaintear as. 

Is cuimhin linn an máistir é féin Mick O’ Dwyer go minic a rá go gcaithfeadh cuid dá imreoirí an geimhreadh go suaimhneach díomhaoin ag ithe agus ag ól. Agus bhí an ceart aige mar, ag an am sin, thóg na himreoirí go léir sos geimhridh fiú nuair a bhíodh cuid de na cluichí sraithe á n-imirt roimh Nollaig. Tháinig na himreoirí ar ais san earrach agus cúpla punt meáchain le cailliúint acu, ach bheadh dúil iontu filleadh ar an obair. Sa lá atá inniu ann, nuair a thosaíonn an traenáil idirchontae bíonn ar na himreoirí a bheith ullamh don dianthraenáil agus ní bhíonn cúpla mí acu, mar a bhíodh fadó, chun meáchan a chailliúint.

Níl aon dabht ach go bhfuil an t-ullmhúchán do na cluichí anois mar a chéile leis an ullmhúchán a dhéantar i saol an spóirt ghairmiúil. Níl aon dabht ach go bhfuil na himreoirí ag íoc praghas ard ar bhonn pearsanta chun imirt ag an leibhéal seo. Níl an dara rogha acu ach cúraimí an ghnáthshaoil á fhágáil chun dul ag imirt leis an gcontae.

An bhfuil praghas ró-ard le híoc ag na himreoirí seo? Ceapaim i bhformhór cásanna, gurb amhlaidh go bhfuil. Tá fhios agam go bhfuil rogha acu agus gur rogha phearsanta atá ann, ach in ainneoin an mhéid fhuinnimh agus ama a chaitear leis na cluichí sa spórt is beag a fhaigheann an chuid is mó acu as.

É sin ráite, is iontach an ní an cluiche foirne dfhorbairt an duine ina chorp is anam. Foghlaimítear mórán faoi mhianach an duine ón mbealach a dtéann sé i ngleic leis na dúshláin go léir a chuirtear os a chomhair.

Ach fós féin, nfheadar an fiú na híobairtí go léir?

Fág freagra ar 'Cás an imreora idirchontae – an fiú na híobairtí go léir?'