Cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil caite amach mar gheall ar amhras faoi rogha Ghaeilge

Le linn cás i gCúirt Dúiche Chorcaí inné thug Garda le fios gur roghnaigh sé Béarla ar an meaisín tástála anála mar gur chreid sé gurbh é sin an t-aon rogha a bhí ann

Cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil caite amach mar gheall ar amhras faoi rogha Ghaeilge

Caitheadh amach inné cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil toisc nár cruthaíodh don chúirt go raibh rogha Ghaeilge agus Bhéarla ar an meaisín tástála anála ónar priontáladh torthaí tástála an chúisí.

I gCúirt Dúiche Chorcaí chaith an Breitheamh John King amach cás Graham Barrett, 34, as 37 Drom Slí i mBlarna, ar chuir na Gardaí tástáil anála air ag 8am ar an 5 Meitheamh 2017 ar Bhóthar na Laoi.

Rinneadh na torthaí a phriontáil faoi dhó i stáisiún na nGardaí ina dhiaidh sin, agus de réir na gcáipéisí sin 61mg alcóil in aghaidh an 100ml anála a bhí i gceist.

Mhaígh foireann dlí an chúisí nár cloíodh le halt 13 den Acht um Thrácht ar Bhóithre i bhfianaise a raibh le rá ag an nGarda Michael Walsh, a dúirt gur roghnaigh sé Béarla ar an meaisín mar gur chreid sé gurbh é sin an t-aon rogha a bhí ann.

Mhaígh Sinéad Behan, abhcóide Barrett gur sháraigh Walsh an reachtaíocht mar nach ndearna rogha idir teangacha ó tharla gur shíl sé nach raibh an rogha sin ann.

B’ionann an fhianaise sin, a dúirt Behan, agus a rá nach raibh ach rogha an Bhéarla ar fáil ar an meaisín.

Mar fhreagra air sin, dúirt an Cigire John Deasy nach raibh aon tionchar aige sin ar chás Barrett mar gur teanga a bhí ceadaithe faoin reachtaíocht a roghnaíodh.

Dúirt an Breitheamh King nach bhféadfadh an chúirt a thuiscint ó fhianaise an Gharda Walsh ach nach raibh Gaeilge agus Béarla mar rogha ar an meaisín, mar a bhí leagtha síos sa dlí, nó sin go raibh an rogha sin ar fáil ach nach raibh a fhios sin ag an nGarda.

Ba chúis réasúnta amhrais an méid sin, a dúirt an Breitheamh agus an cás á chaitheamh amach aige.

Tá an cás seo éagsúil ón mbreis is míle cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil a raibh amhras fúthu ar feadh tamaill mar gheall ar dhúshlán dlí faoi cheist na Gaeilge sna tástálacha anála. Sna cásanna sin bhíothas ag maíomh go raibh torthaí tástála anála neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist, ach sa chás seo is amhlaidh go raibh ceist faoin rogha sin a bheith ar fáil.

Cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc i mBealtaine 2016 rialú a rinneadh san Ard-Chúirt go raibh torthaí tástála anála, a rinneadh ar thiománaithe, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist.

Sheas an Chúirt Uachtarach le cinneadh sin na Cúirte Achomhairc nach raibh ‘substaint’ ag baint leis an eolas a fágadh ar lár sna torthaí tástála anála toisc nach raibh ann dáiríre ach ‘athrá’ i nGaeilge ar eolas a bhí tugtha i mBéarla.

Fág freagra ar 'Cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil caite amach mar gheall ar amhras faoi rogha Ghaeilge'

  • Carraig

    Rogha an dá dhíghe!

  • Diarmuid P Ó Luass

    Mura bhfuil Gaeilge ag an té go ndéantar tástáil air/uirthi, ní dhéanann an dlí maidir le torthaí tástála a bheith ar fáil as Gaeilge ach ceap magaidh de chearta teanga. Ní bhíonn sna rudaí seo go minic ach botún teicniúil nach bhfuil baint dá laghad aige leis an nGaeilge ná le húsáid na Gaeilge. Tarraingíon sé seo drochmheas ar an nGaeilge agus lucht labhartha na Gaeilge.

    B’fhéidir gur cheart do thiománaithe iad féin a aithint mar ghaeilgeoirí tríd é sin a bheith curtha in iúl ar an gceadúnas tiománaithe agus sa tslí sin go dtabharfadh an dlí aitheantas ceart dóibh. Mholfainn gur cheart do lucht na Gaeilge a bheith chun tosaigh I gceisteanna mar seo ag lorg athruithe a luíonn le réasún seachas a bheith ag cosainnt nithe dochasanta.