Cartlannaí ceaptha don 500 bosca d’ábhar cartlainne Chonradh na Gaeilge atá curtha i dtaisce in OÉ, Gaillimh

Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a thabharfaidh an príomhaitheasc ag siompóisiam speisialta faoin nGaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an tseachtain seo chugainn

Cartlannaí ceaptha don 500 bosca d’ábhar cartlainne Chonradh na Gaeilge atá curtha i dtaisce in OÉ, Gaillimh

Bronnadh breis agus 500 bosca d’ábhar cartlainne Chonradh na Gaeilge ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh inné.

Beidh catalógú á dhéanamh ar an chartlann le go mbeidh teacht éasca ag scoláirí, taighdeoirí agus an pobal ar an ábhar inti.

Déanfar digitiú ar chuid den chartlann agus beidh fáil ar an chuid sin ar líne.

Tá Niamh Ní Charra, arb as Cill Airne i gCiarraí di, ceaptha ina cartlannaí ag an Ollscoil le tabhairt faoin obair seo agus beidh sí ag tosú i gceann cúpla seachtain.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Dr. John Walsh, léachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh gur “bailiúchán fíorthábhachtach ar fad é ó thaobh stair agus cultúr na
tíre, ó thaobh na teanga de agus ó thaobh an léargas a thabharfaidh sé dúinn ar ghnóthaí an stáit nuair a bunaíodh é agus ar an teannas a d’fhás idir Conradh na Gaeilge agus an stát nua.

“Tá comhfhreagras, litreacha agus pictiúir ann a bhaineann le gluaiseacht agus le feachtais na Gaeilge agus le leithéidí Dhúbhglais de hÍde, Phádraig Mhic Phiarais, Chearbhaill Uí Dhálaigh agus Éamoin de Valera.

“Cuirfidh sé go mór leis na bailiúcháin mhóra thábhachtacha atá againn i nGaeilge,” a dúirt John Walsh.

Anuraidh a chinn Conradh na Gaeilge a gcartlann a chur i dtaisce in OÉ Gaillimh.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie an uair sin, dúirt Cuan Ó Seireadáin, coimeádaí Chonradh na Gaeilge, a thug os cionn dhá bhliain ag plé le hábhar na cartlainne, go bhfuil “saibhreas iontach” sa bhailiúchán. 

“Tá go leor ábhar ó na 1930idí agus na 1940idí ar aghaidh ann, ach chomh maith leis sin tá roinnt cáipéisí a bhaineann le laethanta luatha na heagraíochta ann. 

“Tá ábhar ó chraobhacha thar lear, ó Londain mar shampla, tá cáipéisí a bhaineann le toghchán ar sheas Mícheál Ó Coileáin ann, agus ábhar a bhaineann le ‘Patrick Conroy’ nó Pádraic Ó Conaire, mar is fearr aithne air. Tá tuairiscí seachtainiúla ann ó thimirí an Chonartha a thugann léargas ar mhodheolaíocht agus ar fhás na heagraíochta an t-am sin, chomh maith le go leor leor rudaí eile,” a dúirt sé. 

I measc na n-ábhar spéise sa chartlann, tá seic, atá sínithe ag Toirdhealbhach Mac Suibhne, méara Chorcaí a maraíodh i 1920 le linn Chogadh na Saoirse. 

Shínigh Mac Suibhne an seic tuairim is sé mhí sular maraíodh é i bpríosún Brixton i Sasana.

Reáchtálfar siompóisiam lae ‘125 Bliain ag Fás – An Athbheochan agus Conradh na Gaeilge’, in OÉ Gaillimh Dé hAoine seo chugainn, an 15 Meitheamh, chun ceiliúradh a dhéanamh ar chartlann Chonradh na Gaeilge agus ar 125 bliain a bhunaithe.

Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a thabharfaidh an príomhaitheasc ag an siompóisiam agus beidh cainteoirí éagsúla eile páirteach san ócáid, ina measc Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, An Dr Mary Harris ó Roinn na Staire, OÉ Gaillimh, An tOllamh Regina Uí Chollatáin, Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agus Cuan Ó Seireadáin, Conradh na Gaeilge.

Dúirt an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán na hOllscoile, go bhfuil an Ghaeilge “uathúil agus thar a bheith tábhachtach do mhisean agus d’éiteas OÉ Gaillimh” agus go bhfuil lucht na hollscoile “bródúil” go mbeidh cartlann an Chonartha á cur ar fáil acu san Ollscoil.

“Trí chartlann Chonradh na Gaeilge a choinneáil faoi iontaobhas anseo do scoláirí agus do phobal na hÉireann, beidh an Ollscoil seo ina caomhnóir ar chuid thábhachtach de stair ár dteanga,” a dúirt Ó hÓgartaigh.

Dúirt sé gur chuid “thábhachtach” de Bhliain na Gaeilge é an siompóisiam a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn agus go dtabharfadh sé deis “do scoláirí agus lucht déanta polasaí teanga a machnamh a dhéanamh ar fhorbairt na teanga le céad bliain anuas agus iad ag breathnú san am céanna ar thodhchaí na Gaeilge”.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer, go bhfuil ríméad ar lucht an Chonartha go bhfuil a gcartlann á cur i dtaisce go buan in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

“Creideann muid go dtiocfaidh deiseanna rialta chun cinn le hábhar na cartlainne a úsáid agus táimid ag súil leis an gcéad deis sin ag an siompóisiam lae a bheidh á reáchtáil ag an Ollscoil agus ag an gConradh,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Tá an siompóisiam lae á reáchtáil ag Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Roinn na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge. Níl aon chostas air ach is gá clárú inniu.

Tá breis eolais ar fáil ag www.conference.ie.

Fág freagra ar 'Cartlannaí ceaptha don 500 bosca d’ábhar cartlainne Chonradh na Gaeilge atá curtha i dtaisce in OÉ, Gaillimh'