Cartlann Sháirséal agus Dill bronnta ar an Leabharlann Náisiúnta

Tá eagrán de Dúil le Liam Ó Flaithearta ceartaithe de láimh ag Máirtín Ó Cadhain i measc na n-iontas i gcartlann shaibhir Sháirséal agus Dill atá bronnta ar an Leabharlann Náisiúnta ag clann Sheáin agus Bhríghid Uí Eigeartaigh

Cartlann Sháirséal agus Dill bronnta ar an Leabharlann Náisiúnta

An Dr Sandra Collins, Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta (lár slí), in éineacht le Aoileann Nic Gearailt agus Cian Ó hÉigeartaigh, beirt chlainne Sheáin agus Bhríghid Uí Eigeartaigh

Céad bliain tar éis bhreith Sheáin Uí Éigeartaigh tá cartlann an fhoilsitheora Gaeilge Sáirséal agus Dill aistrithe go dtí an Leabharlann Náisiúnta, áit a bhfuil súil go mbeidh sé ar fáil do thaighdeoirí gan iomarca moille.

Bhunaigh Seán agus a bhean Bríghid an comhlacht seo i 1945 chun deis foilsithe a chur ar fáil do ghlúin de scríbhneoirí Gaeilge a tháinig chun cinn i lár na haoise seo caite, leithéidí Mháirtín Uí Chadhain agus Sheáin Uí Riordáin.  Cailleadh go hobann Seán ó hÉigeartaigh i 1967, ach d’éírigh le Bríghid leanacht den bhfoilsitheoireacht go 1981, agus san iomlán d’fhoilsigh an comhlacht ós cionn 150 saothar – suas le 110 leabhar do dhaoine fásta chomh maith le leabhair do dhéagóirí, do pháistí, téacsanna scoile agus dornán drámaí.

Sa chartlann tá breis agus 4,000 píosa comhfhreagrais idir an comhlacht agus údair, ealaíontóirí, lucht gnó agus eagrais stáit;  tuairim 50 lámhscríbhinn agus clóscríbhinn, cuid acu ceartaithe de láimh ag na húdair; 25 leabhar gearrtháin ina bhfuil léirmheasanna, fógraí agus tuairiscí ilchineálacha ó 1947 go thart ar 1995, agus bailiúchán iomlán de thuairiscí gnó an chomhachta.  Tá ann freisin cnuasach iomlán de chéad eagráin na leabhar ag áireamh roinnt cóipeanna speisialta, mar shampla cóip de chéadeagrán Cré na Cille agus an téacs ceartaithe go mion ag an údar Máirtín Ó Cadhain i gcomhair dara eagrán nár foilsíodh, agus eagrán de Dúil le Liam Ó Flaithearta, ceartaithe de láimh ag Máirtín Ó Cadhain d’fhonn rialtacht a chur ar an dteanga.  Is cinnte go mbeidh ábhar sa chartlann d’aon taighdeoir ar spéis leis litríocht na Gaeilge ó 1950 i leith. 

Tá liostaí iomlána den ábhar ar fáil ach beidh se tamall de mhíosa sula mbeidh teacht air ag taighdeoirí.  I gcás fiosraithe moltar teagmháil a dhéanamh le Gearoid Ó Luing sa Leabharlann Náisiúnta.

Fág freagra ar 'Cartlann Sháirséal agus Dill bronnta ar an Leabharlann Náisiúnta'