Cartlann RnaG bronnta ar phobal Ráth Chairn, Fidil Ghorm ar TG4, Geantraí na Nollag

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Cartlann RnaG bronnta ar phobal Ráth Chairn, Fidil Ghorm ar TG4, Geantraí na Nollag
POBAL

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta bronnta ar phobal Ráth Chairn

Bhronn RTÉ Raidió na Gaeltachta cartlann lán le ceol, amhráin agus agallaimh a taifeadadh le pobal Gaeltachta Ráth Chairn le 90 bliain anuas ar Choiste Oidhreachta Ráth Chairn ag ócáid speisialta in Áras Pobail Ráth Chairn, tráthnóna Dé hAoine, an 12 Nollaig. Tá Gaeltacht Ráth Chairn ag ceiliúradh 90 bliain ar an bhfód i mbliana, agus táthar ag cuimhneamh ar na teaghlaigh a chuir tús leis an athlonnú mór ó cheantair Ghaeltachta an iarthair soir go Ráth Chairn glas na Mí ar an 12 Aibreán 1935 agus saol níos fearr dóibh féin á lorg acu. Aithníodh Ráth Chairn ina Ghaeltacht oifigiúil sa bhliain 1967.

Tá oidhreacht shaibhir caomhnaithe ón gcéad ghlúin a thug aghaidh ar Ráth Chairn san ábhar stairiúil seo. Tugann na hagallaimh agus na píosaí cainte agus ceoil ón gcartlann léargas ar stair phobal bríomhar Ráth Chairn ón bhliain 1935 ar aghaidh.  Tá agallaimh ón bhliain 1935 a rinneadh leis an gcéad dream a lonnaigh sa nGaeltacht nua seo le cloisteáil sa chartlann, agus déantar cur síos beacht iontu ar an aistear fada a bhí orthu as Conamara, agus cén chaoi ar shocraigh siad síos. Tá Máirtín Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha, Micil agus John Conroy agus a lán eile i measc na nglórtha atá le cloisteáil ar na taifeadtaí seo, chomh maith leis na glúnta a rugadh is a tógadh i Ráth Chairn le 90 bliain anuas, go dtí an lá atá inniu ann, idir óg agus aosta.

Craoladh eagrán speisialta den chlár Iris Aniar maidin Dé hAoine, an 12 Nollaig, agus is féidir éisteacht siar leis sin ar shuíomh idirlín RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí as Ráth Chairn le clos ar Ceol Binn ó na Beanna i rith shéasúr na Nollag, curtha i láthair ag Neansaí Ní Choisdealbha.

TEILIFÍS

Geantraí na Nollag agus iad ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód

An Nollaig seo, déanfaidh TG4 ceiliúradh ar bheagnach 30 bliain ó cuireadh tús leis an tsraith ‘Geantraí’ – an tsraith cheoil thraidisiúnta. Chun an 20ú sraith den chlár a chomóradh, gealltar tabharfaidh Geantraí na Nollag 2025, a taifeadadh in Eastát na Droma Riabhaigh i gContae Mhaigh Eo, ceoltóirí den scoth le chéile do chlár speisialta agus gealltar go mbeidh sé lán le spraoi, ceol agus brí.

Beidh togha agus rogha na gceoltóirí le cloisteáil agus le feiceáil sa gclár, ina measc Paul Brady, a chasfaidh péire de na hamhráin is iomráití atá aige, ‘Arthur McBride’ agus ‘The Lakes of Pontchartrain’. Cloisfear ó cheoltóirí aitheanta eile, daoine amhail Breanndán Ó Beaglaoich agus an t-amhránaí Tommy Fleming. Agus cloisfear freisin cuid de na daoine atá ag teacht chun cinn sa gceol traidisiúnta, Gearóid McCarthy, Alannah Thornburgh, Aileen Bourke, Na Deirfiúracha Brennan, Ciarán Mulderrig agus Fergal Scahill. Cuirfidh an Mayo Ensemble tionlacan ceoil ar fáil faoi stiúir Stephen Doherty agus is í Pauline Scanlon a bheidh i gceannas ar fhéasta ceoil na Nollag.

Craolfar Geantraí na Nollag ar TG4 Lá Nollag ag a 7:00 i.n.

 

Scannán Fidil Ghorm á chraoladh ar TG4

Beidh an scannán Fidil Ghorm, scannán de chuid Cine4, á chraoladh ar TG4 Lá Nollag i mbliana ag a 8:00 i.n. Scannán álainn teaghlaigh é seo, é scríofa ag Patricia Forde, stiúrtha ag Anne McCabe agus léirithe ag Abú Media. I measc na n-aisteoirí tá Edith Lawlor, Siobhán O’Kelly, Barry McGovern, Aindrias de Staic agus Marcus Lambe.

Insíonn Fidil Ghorm scéal Molly, cailín 10 mbliana d’aois a chreideann gur féidir léi a hathair a dhúiseacht as cóma má fhoghlaimíonn sí cén chaoi leis an bhfidil a chasadh chomh maith is a dhéanfadh seisean é.

Creideann sí ina croí istigh má éiríonn léi Craobh na hÉireann a bhuachtáil go dtabharfaidh sé sin a hathair ar ais chuici. I lár an turais sin agus í ag iarraidh barr feabhas a bhaint amach ar an bhfidil, buaileann sí le Malachy, seanfhear cantalach ach ceoltóir den scoth, agus bláthaíonn cairdeas eatarthu trí cheol agus trí dhraíocht na fidle. Tugann seisean cúnamh di agus í ag iarraidh a haidhm a bhaint amach.

CEOL

 

Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair

Beidh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar siúl ón Satharn 27 Nollaig go dtí an Déardaoin, 1 Eanáir. Is í an ceoltóir Moya Brennan a osclóidh an fhéile go hoifigiúil ag ócáid ag a mbeidh ceol beo agus seisiún mór le An Crann Óg agus ceoltóirí eile, Tigh Hiúdaí Beag ag a 7pm Dé Sathairn an 27 Nollaig. Leanfar leis an gceol san oíche Dé Sathairn leis an ócáid Ailleog an Oireachtais in An Social agus Mairéad Ní Mhaonaigh ina bean an tí ag tosú ag 8pm.

Beidh Mairéad Ní Mhaonaigh ag comhrá le haíonna speisialta, ag tabhairt léargas ar a gcúlra agus ar a gcuid amhrán, agus beidh blaiseadh le fáil de chuid de na hamhráin mhóra Ultacha. I measc na n-amhránaithe a bheidh ansin, beidh Moya Brennan, John Tunney, Dàibhidh Stiùbhard, Gearóidín Bhreathnach, Bláithín Mhic Cana agus Séarlas Ó Baoill.

Beidh réimse mór ceardlanna ceoil ar bun i rith na scoile freisin, ina measc ceardlanna ar an bhfeadóg mhór le Nicole Ní Dhubhshláine agus Iarlaith Mac Gabhann, ranganna ar an gcairdín le Diarmuid Ó Meachair, an chláirseach le Aisling Lyons agus neart eile. Tuilleadh eolais agus áirithintí anseo.

AMHARCLANNAÍOCHT

‘Ar Ais Arís’ ar stáitse in Amharclann Smock Alley

Beidh an comhlacht amharclainne Brú Theatre ag cur léiriú ilmheáin amharclainne Ar Ais Arís ar stáitse in Amharclann Smock Alley mar chuid den fhéile First Fortnight ón 15 go dtí an 17 Eanáir. Léiriú réaltachta fíorúil atá anseo agus é bunaithe ar bhlaisíní de shaothair éagsúla le Máirtín Ó Cadhain, Pádraic Ó Conaire agus Nuala Ní Dhomhnaill ar théama na himirce. Trí ghearrscannán 180 céim atá sa léiriú agus é d’aidhm aige an lucht féachana a thabhairt isteach i ndomhan an tsaothair. Bainfear úsáid as spéaclaí agus cluasáin VR le breathnú ar an léiriú seo a thógann inspioráid ón litríocht agus a bhaineann úsáid as an damhsa comhaimseartha, agus ‘filíocht fhísiúil’.

Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.

Fág freagra ar 'Cartlann RnaG bronnta ar phobal Ráth Chairn, Fidil Ghorm ar TG4, Geantraí na Nollag'