Cartlann Chonradh na Gaeilge le cur i dtaisce in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tá Conradh na Gaeilge lena gcartlann a thabhairt ar lámh inniu d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag ócáid san ollscoil inniu

Cartlann Chonradh na Gaeilge le cur i dtaisce in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

An Ard-Chraobh i nGleann Dá Loch 1907

Is in Ollscoil na hÉireann Gaillimh a choinneofar feasta cartlann fhairsing Chonradh na Gaeilge, a bheidh ag ceiliúradh 125 bliain a bhunaithe an bhliain seo chugainn.

Tá aontaithe ag an eagraíocht teanga leis an ollscoil an t-ábhar cartlainne ón 125 bliain sin a chur i dtaisce go buan san ollscoil sa Ghaillimh. Tabharfar an chartlann ar lámh go hoifigiúil d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag ócáid speisialta san ollscoil tráthnóna.

Tá súil ag an gConradh go mbeidh “léargas dosháraithe ar ghnéithe teangeolaíocha, cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a bhaineann leis an am a caitheadh in Éirinn” ar fáil sa chartlann.

“In ainneoin go bhfuil staraithe, an lucht acadúil agus scoláirí ag cur spéise i gcartlann Chonradh na Gaeilge le blianta fada anuas, níor tuigeadh go hiomlán go dtí le himeacht ceart aimsire an luach a bhí leis an gcartlann chéanna.

“An té a chaitheann am ag breathnú trí ábhar na cartlainne, aithneoidh sé nó sí láithreach go bhfuil insint faoi leith ann ar thréimhse chinniúnach i stair na tíre seo. Anois, leis na pleananna atá ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le catalógú agus digitiú an ábhair, beidh an tseoid seo ar fáil go forleathan,” a dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Tá ábhar agus comhfhreagras i gcartlann Chonradh na Gaeilge nach bhfacthas cheana agus a bhaineann le daoine a raibh baint acu le Conradh na Gaeilge i stair na heagraíochta, daoine amhail Dubhghlas de hÍde, Pádraig Mac Piarais agus Tomás Ághas. Tá cáipéisí ann chomh maith ó chraobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud na hÉireann, gearrthóga nuachtán agus ábhar a bhain le feachtais Ghaeilge éagsúla.

Dúirt an Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge in OÉ Gaillimh go gcuirfeadh an taisce “go mór leis na bailiúcháin fhairsinge Ghaeilge atá ag OÉ Gaillimh cheana féin” agus go raibh “sé thar a bheith tábhachtach do léann na Gaeilge”.

“Tugann cartlann an Chonartha rochtain nach raibh ar fáil cheana do thaighdeoirí ar fhoinsí príomhúla maidir le forbairt an bheartais teanga i leith na Gaeilge le breis agus céad bliain anuas. Trí staidéar a dhéanamh ar bhailiúchán Chonradh na Gaeilge is féidir linn teacht ar thuiscint níos fearr ar ghluaiseachtaí mionteanga na hEorpa a mbaineann an oiread sin tábhachta leo fós sa lá atá inniu ann,” a dúirt an Dr John Walsh.

Dúirt Uachtarán Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an Dr Jim Browne, gur “cor cinniúnach” atá sa chinneadh an chartlann a chur i dtaisce san ollscoil agus gur “onóir” don ollscoil oibriú leis an gConradh agus a bheith ina coimeádaí ar an gcartlann “thar a bheith tábhachtach seo”.

“Tá tábhacht i bhfad níos leithne ag baint leis an gcartlann ná an Ghaeilge féin mar go gcuimsíonn sí gnéithe sóisialta, cultúrtha agus stairiúla na hÉireann agus an fhorbairt atá déanta againn mar náisiún.  Tá sé thar a bheith fóirsteanach gur in OÉ Gaillimh a bheidh an chartlann seo coinnithe, i bhfianaise thiomantas láidir na hOllscoile i leith na Gaeilge agus an cháil atá orainn mar ionad do léann na cartlannaíochta,” a dúirt Browne.

Coimeádfar an chartlann i Seomra Léitheoireachta na mBailiúchán Speisialta in OÉ Gaillimh. Tá sé i gceist ag an Ollscoil cartlannaí a fhostú chun catalógú a dhéanamh ar an mbailiúchán agus chun cuid de a dhigitiú.

Dúirt Cuan Ó Seireadáin, coimeádaí Chonradh na Gaeilge, atá tar éis os cionn dhá bhliain a chaitheamh ag plé le hábhar cartlainne an Chonartha, le Tuairisc.ie go bhfuil “saibhreas iontach” sa bhailiúchán.

“Tá nach mór gach bosca feicthe agamsa, cé nach bhféadfainn a rá go bhfuil gach uile bhileog léite agam agus tá saibhreas iontach sa bhailiúchán seo. Tá go leor ábhar ó na 1930idí agus na 1940idí ar aghaidh ann, ach chomh maith leis sin tá roinnt cáipéisí a bhaineann le laethanta luatha na heagraíochta ann.

“Tá ábhar ó chraobhacha thar lear, ó Londain mar shampla, tá cáipéisí a bhaineann le toghchán ar sheas Mícheál Ó Coileáin ann, agus ábhar a bhaineann le ‘Patrick Conroy’ nó Pádraic Ó Conaire mar is fearr aithne air. Tá tuairiscí seachtainiúla ann ó thimirí an Chonartha a thugann léargas ar mhodheolaíocht agus ar fhás na heagraíochta an t-am sin, chomh maith le go leor leor rudaí eile,” a dúirt sé.

Tá Ó Seireadáin den tuairim “go dtuigfidh muid go leor rudaí i bhfad níos fearr” mar gheall ar an méid a bheidh le foghlaim ón ábhar atá sa chartlann agus go gcabhróidh staidéar agus taighde ar an ábhar sin le tuiscint níos fearr a fháil ar stair na hÉireann.

I measc na n-ábhar spéise a d’aimsigh Ó Seireadáin sna boscaí cartlainne, tá seic, atá sínithe ag Toirdhealbhach Mac Suibhne, méara Chorcaí a maraíodh i 1920 le linn Chogadh na Saoirse.

Shínigh Mac Suibhne an seic tuairim is sé mhí sular maraíodh é i bpríosún Brixton i Sasana.

Fág freagra ar 'Cartlann Chonradh na Gaeilge le cur i dtaisce in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'