Cártaí poist Gaeilge-Fraincise ón gCéad Chogadh Domhanda le feiceáil den chéad uair

Tá bailiúchán nua cártaí poist dátheangacha, a cuireadh ar fáil i nGaeilge agus i bhFraincis aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda, curtha ar fáil ar líne ag Cartlann Dhigiteach UCD

Cártaí poist Gaeilge-Fraincise ón gCéad Chogadh Domhanda le feiceáil den chéad uair

Tá bailiúchán nua cártaí poist dátheangacha, a cuireadh ar fáil i nGaeilge agus i bhFraincis aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda, curtha ar fáil ar líne ag Cartlann Dhigiteach Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Tá an 19 cárta poist, ar a bhfuil íomhánna ón gcogadh mór sa Fhrainc agus fotheidil i nGaeilge agus i bhFraincis curtha leo, le feiceáil ar shuíomh na cartlainne anois.

Is beag eolas atá ar fáil faoi na cártaí poist, agus gan fiú dáta cruinn foilsithe luaite le gach ceann acu. Tá an dáta ‘Meitheamh 1917’ le feiceáil ar shé chárta a bhaineann le saighdiúirí Mheiriceá sa Fhrainc. Is léir, áfach, gur foilsíodh iad ar fad i ndiaidh thús an chogaidh i 1914. Tá dáta luaite ar chuid de na cártaí, ach ní fios an dáta foilsithe atá i gceist.

Aimsíodh na cártaí poist i bhfoirgneamh ar Shráid Mhór Sheoirse i mBaile Átha Cliath sna 1960idí. Shábháil Ard-Rúnaí agus Uachtarán Chumann Oifigigh Fhoirne na Státseirbhíse, Paddy O’Shea, na cártaí nuair a aistríodh an cumann isteach san fhoirgneamh leathchéad bliain ó shin, agus choinnigh iad ina bhailiúchán príobháideach.

Bhronn mac O’Shea, Rory, na cártaí ar an mBailiúchán Náisiúnta Béaloideasa i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath i ndiaidh bhás a athar anuraidh.

Bhí cártaí poist sách coitianta aimsir na gcogaí móra le linn an chéid seo caite agus baineadh leas astu le spléachadh ar an gcogaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhí i bhfad ón troid.

Dúirt Cuan Ó Seireadáin, coimeádaí Chonradh na Gaeilge, gur “rud neamhghnách go leor” a bhí i gcártaí poist Gaeilge agus go bhfuil na cinn seo a rinneadh sa Fhrainc “an-spéisiúil”.

Dúirt Ó Seireadáin go raibh cártaí poist Gaeilge ón tréimhse sin feicthe aige, cinn a bhain le Conradh na Gaeilge féin agus le Cogadh na Saoirse in Éirinn, ach nach raibh a leithéid seo feicthe aige cheana féin.

“Bhí mé i dteagmháil le bailitheoir cártaí poist le deireanas, a scríobh leabhar faoin ábhar seo, mar gheall ar chártaí spéisiúla Gaeilge a bhí aimsithe aige. Ba bhreá linn tuilleadh cártaí den chineál seo a fheiceáil agus chuirfeadh an Conradh an-spéis ina leithéid dá mbeadh siad ag daoine le taispeáint dúinn,” a dúirt coimeádaí Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie.

I measc na n-íomhánna atá ar na cártaí poist tá: ‘dair ró-aosta gur theip ar na Gearmánaibh í leagadh’; ‘príosúnaigh Gearmánacha’; ‘fánaidh cnuic Lingenköpf; ‘Tuamaí saighdiúirí fé chúram leanbhaí sráid-bhaile sa bhFrainnc’ agus ‘Saighdiúirí America sa bhFrainnc. (Meitheamh 1917). Na Sluaighte Americánacha ag dul tre Paris’.

 

Fág freagra ar 'Cártaí poist Gaeilge-Fraincise ón gCéad Chogadh Domhanda le feiceáil den chéad uair'

  • Niamh Ní Riain

    Tá roinnt do na cártaí poist sin le feiceáil ar suíomh gréasáin na Leabharlainne Náisiúnta chomh maith… Tá siad an-suimiúil ar fad…

  • Antoin Daltún

    Tá cartaí cosúil leo seo agamsa freisin, a ceannaíodh i BÁC ó dhíoltóir cartaí san caogadaí ach ní hiad na pictiúirí céanna atá orthu.

    Tá dhá shraith ann. Na cinn mhóra, mar atá ar barr, a bhaineann leis an bhFhainc agus cinn eile le pictiúirí níos lú, mar atá díreach thuas, a bhaineann le saighdiúirí ó SAM. Níl aon saighdiúir d’Arm na Breataine ar aon cheann.

    Sílim go bhuil seans maith go raibh cartaí mar seo ar díol i ndiaidh an chogaidh mhóir do dhaoine a bhí ag tabhairt turais ar pháirceanna an áir (nó aon áit sa bhFrainc) i bhFraincis agus ina dteanga féin. An raibh duine éigin cliste go leor díriú ar mhargadh Éireannach? nó Gael-Mheirceánach?? Nó ar ghrúpa saighdiúrí? Oifigigh Arm na hÉireann ar chuairt oifigiúil? An Cheád Cath??

    Tá sé spéisiúil gur sa chló Gaelach atá siad agus an Ghaeilge cruinn.

    Ba bhreá liomsa freisin an scéal ar fad a bheith agam.