Caoga bliain ó Dhomhnach na Fola, is ceart ainmneacha na marbh a ríomh agus ómós a léiriú dóibh…

B’fhiú do rialtas na Breataine aird a thabhairt ar iomlán an ráitis a rinne iarPhríomh-Aire seachas a rogha giotaí as

Caoga bliain ó Dhomhnach na Fola, is ceart ainmneacha na marbh a ríomh agus ómós a léiriú dóibh…

Is ceart a n-ainmneacha a ríomh. Is mar seo atá siad ar a leacht cuimhneacháin i nDoire, trí dhuine dhéag a maraíodh ar Dhomhnach na Fola agus John Johnston a goineadh is a fuair bás tamall ina dhiaidh sin.

Patrick J Doherty    32 bliain
Gerald V Donaghy   17 bliain
John F Duddy       17 bliain
Hugh P Gilmour     17 bliain
Michael G Kelly     17 bliain
Michael M McDaid   20 bliain
Kevin G McElhinney 17 bliain
Bernard McGuigan 41 bliain
James G McKinney  34 blaiin
William A McKinney 27 bliain
William N Nash     19 bliain
James J Wray       22 bliain
John P Young       17 bliain
John Johnston       59 bliain

Bhí an slad a rinne Paratrúpaí Arm na Breataine i nDoire 50 bliain agus an lá inniu ‘unjustified and unjustifiable’, a dúirt Príomh-Aire na Breataine, David Cameron in 2010. Bhí sé ag freagairt do thuairisc an Bhreithimh, an Tiarna Saville, cathaoirleach an fhiosraithe a chinn go raibh na daoine a maraíodh neamhchiontach agus nár chontúirt ar bith iad do na saighdiúirí a scaoil os cionn céad urchar leo gan údar. Goineadh ceithre dhuine dhéag eile chomh maith leis an 14 a maraíodh.

La dá saol do mhuintir na n-íobartach ab ea an ócáid i mí an Mheithimh deich mbliana ó shin nuair a ghlan tuarascáil bhinse Saville ainmneacha na ndaoine a bhí ar an máirseáil Cearta Sibhialta ar an 30 Eanáir 1972. Ní hamháin gur thoradh ar a bhfeachtas fada é, a ghlan an smál a chuir údaráis na Breataine ar a muintir, ach b’fhógra don domhan mór é gur acu a bhí an fhírinne.

D’aithin an Príomh-Aire Caomhach David Cameron an fhírinne sin nuair a ghabh sé leithscéal leo le linn seisiúin Pharlaiminte a craoladh beo ar scáileán i gCearnóg an Guildhall. Bhí daoine ag gol le teann faoisimh, daoine ag breith barróg ar a chéile agus go leor den bharúil gur ghearr uathu an chóir, lá sa chúirt a chuirfeadh clabhsúr ar an bhfeachtas.

Deich mbliana níos deireanaí níl oiread is duine amháin ciontaithe as uafáis an lae sin. Tá an tArm nó iarshaighdiúirí ag séanadh freagrachta agus comharba David Cameron ag ligint air féin gur chabhair d’íobartaigh é bac a chur ar gach cineál fiosraithe is cúisimh ó aimsir na dTrioblóidí.

Díol suntais ab ea Státrúnaí an Tuaiscirt, Brandon Lewis agus an Príomh-Aire Johnson a chlos sa Pharlaimint in Westminster cúpla lá ó shin ag aontú le cinneadh David Cameron go raibh sléacht Dhomhnach na Fola “gan údar agus dochosanta”. Mór idir na briathra agus a gcur chuige, áfach. Is cosúil go bhfuil a leagan amach níos gaire do dhearcadh na n-iarshaighdiúirí ná do pholasaí an iarPhríomh Aire.

Ba mhór ab fhiú é dá léifeadh an bheirt an chuid eile d’óráid Cameron, go háirithe a ráiteas nárbh é leas an Airm é a bheith ag iarraidh iompar dochosanta (roinnt) saighdiúirí a chosaint – “you do not defend the British Army by defending the indefensible”.

Ní oireann an leagan amach sin do Johnson, Lewis agus an lucht feachtais atá ag iarraidh iarshaighdiúirí a chosaint ó cheistiú nó cúiseamh. Tá siad chomh tugtha don bplean sin go bhfuil siad toilteanach bac a chur ar fhiosrú nó cúiseamh na bparaimíleatach freisin agus stop a chur le hionchoisní agus le cásanna sibhialta. Ní thuilleann an scéim sin meas ar Arm na Breataine ná muinín do pholaiteoirí. Níor cheart dóibh a bheith ag cur a ladar i riar na córa. Tá cuid de na gaolta diongbháilte go leanfar lena dtóir ar an gcóir beag beann ar an bplean seo agus is léir go dtabharfar a dhúshlán an dá luaithe is a chuirfear ar bhonn reachtúil é.

Chuir muintir na n-íobartach failte mhór roimh chinneadh an Taoisigh, Mícheál Martin freastal ar shearmanas cuimhneacháin sollúnta i dTaobh an Bhogaigh inniu. Ba mhór acu freisin teachtaireacht ón Uachtarán Micheál D Ó hUigínn. Údar uchtaigh dóibh is ea tacaíocht mhuintir na hÉireann.

Mar is dual ní bhfuaireadar tacaíocht as gach ceard. Ba shuarach an beart é bratach na bparatrúpaí a chur ar foluain, maille le bratacha Dílseacha i mbruachbhailte ar an taobh thoir den chathair. Mionlach beag i nDroim na hUamha agus sa Bhaile Nua a bhí freagrach as na taispeántais atá cáinte ag reisimint na bparatrúpaí agus ag aontachtaithe logánta. Crochadh na bratacha chun daoine a mhaslú nó mar iarracht a bheith ag saighdeadh fúthu; bhí súil gur iarracht in aisce í.

D’iarr lucht eagraithe na n-imeachtaí cuimhneacháin ar gach rannpháirtí iad féin a iompar le dínit, go sollúnta síochánta.

Tá an dea-iompar sin tuillte ag muintir na marbh. Is mór an chreidiúint dóibh an feachtas a rith siad le blianta fada in aghaidh na héagóra.

Fág freagra ar 'Caoga bliain ó Dhomhnach na Fola, is ceart ainmneacha na marbh a ríomh agus ómós a léiriú dóibh…'

  • An Teanga Bheo

    Mó náire Rialtas na Breataine agus gan iad ag tabhairt tacaíocht don fhírinne agus gan aon duine ciontacht as marú daoine óga in 1972. Ar dheis Dé iad tragóid uafásach a bhainfeadh deoir as muid am ar bith.