Canúint na hAlban an chéad cheann eachtrannach ar thug mé gean di

Bhí cosúlachtaí go leor eile idir Bill McLaren agus Micheál Ó Muircheartaigh – áille a gcuid cainte ina measc 

Canúint na hAlban an chéad cheann eachtrannach ar thug mé gean di

Bill McLaren. Pictiúr: INPHO/Allsport

Le linn mo chuid meánscolaíochta ba thúisce a chuir mé suim i gcanúintí. Coláiste cónaithe a bhí inti a mba as Eachréidh na Gaillimhe is deisceart Mhaigh Eo 90% de na daltaí agus na múinteoirí.

Cuir cúpla teifeach as Conamara agus as Árainn leis sin agus féadfaidh tú stampa a bhualadh ar chlúdach na foirme daonáirimh.

Dá bharr sin ba bheag éagsúlacht canúna a bhí i mo thimpeall. Bhí a mbéarlagair féin ag na scoláirí lae, beagán níos mó di b’fhéidir ná a bhí i gcathracha agus i mbailte móra eile na tíre. Ach faoin am a raibh a dteanga réidh leis na focail ba ar an gcuma chéanna a fuaimníodh iad leis na cinn a bhí ag an gcuid eile againn.

Bhíodh rang deaslabhra againn uair in aghaidh na seachtaine. Cur amú ama a bhí ann den chuid ba mhó. Déagóirí óga as talamh seascannach agus as móinteáin an iarthair ag léamh sleachta as Shakespeare, Dickens, Wordsworth agus Keats. Sin déanta faoi chúram teagascóra a fuair an tógáil chéanna agus a fuair siadsan agus bailchríoch curtha ar a chuid urlabhraíochta ag cúpla bliain i gcliarscoil.

Lena cheart féin a thabhairt don duine cóir, níorbh aon tsúil a bhí aige, faoin am a raibh sé réidh linn go mbeadh fata inár mbéal againn mar a bhí ag ár gcuid leathbhádóirí in Eton agus in Harrow.

Sprioc i bhfad níos indéanta ná sin a bhí aige agus ba mhinic leis í a lua. ‘To knock the ‘laasht’ and the ‘blaasht’ out of you all and hopefully to instil an ounce of confidence in your public speaking!’

Go raibh mé i mo dhéagóir láidir is dóigh go mba í canúint Bhaile Átha Cliath an ceann eile ba mhinice a chuala mé – ag Jeaicíní óga Choiste na bPáistí a thagadh go Cois Fharraige ag foghlaim Gaeilge a chuala mé sin.

Ba í canúint na hAlban an chéad chanúint eachtrannach ar thug mé gean di agus 50 bliain ina dhiaidh tugaim faoi deara go gcaithfeadh sé go bhfuil siad siúd a bhfuil an chumhacht acu i gcúrsaí scannánaíochta ag teacht ar aon intinn liom. 

Níl mé cinnte a mba é cumas aisteoireachta Seán Connery nó scéalta grinn Billy Connolly a thosaigh é, ach is ar chanúint na hAlban atá an tóir anois, go háirithe i gcláracha a mbíonn guthú le cur leo.

Ar mo thuras (in aisce) trí liosta na stáisiún ar an teilifís le súil agus go dtiocfainn ar rud éicint a mbeadh leathshuim féin agam ann, brúim an cnaipe i gcónaí nuair a fheicim Deadliest Catch. Is fada an lá mo dhóthain agam de na scipéirí agus de na hiascairí agus de na farraigí cháite, ach mhairfinn ag éisteacht le guth Bill Petrie a chniotálann an clár ina chéile.

Albanach eile a bhfuil Iain Sterling mar ainm air a dhéanann guthú ar chlár dar teideal Love Island. Ar chomhairle mo dhochtúra agus le faitíos roimh an náire, ní fhaca mé aon bhlas ariamh dó.

Ní hiad Sterling, an Conaireach, an Conghaileach ná go deimhin aon réalt físe eile a thuill mo chuidse spéise i gcanúint na hAlban, ach glór a chuala mé ar raidió i ndeireadh na 1950idí agus a bhí ar cheann de na cinn ba sho-aitheanta ar domhan faoin am a ndearna sé tráchtaireacht ar an gcluiche rugbaí idir an Bhreatain Bheag agus Albain scór bliain ó shin díreach.

I Hamhaig (Hawick i mBéarla) in Ardtailte Dheisceart na hAlban a rugadh Bill McLaren. Tá an baile sin i bhfoisceacht 24km den teorainn le Sasana, ach ar an gcuma chéanna go dtuigfeá ó bheith ag éisteacht le Micheál Ó Muircheartaigh nach i mBÁC4 a saolaíodh é, bheadh a fhios agat gur leis an mBailíseach agus le Bruce a chuaigh Bill.

Go deimhin bhí cosúlachtaí go leor eile idir é agus an Muircheartach – oidí scoile ab ea iad beirt; grá agus tuiscint thar cuimse acu don spórt ab ansa leo, mar aon le pearsantacht a mheall chuile dhuine beo a thug suntas dá nglórtha.

Buíochas le Dia tá fear Dhún Síon linn i gcónaí, ach bhásaigh McLaren sa mbliain 2010. 

Tá cuid dá chuid ráiteas chomh mór sa gcuimhne inniu agus a bhíodar agus é i mbarr a réime. Níor dhúirt sé ariamh go raibh achrann ar bun ar pháirc na himeartha: ‘a wee bit of argy-bargy’, ab fhearr leis a thabhairt ar a leithéid.

Ag cur síos dó ar luas imreora, dúirt sé tráth ‘He could sidestep three men in a telephone box’ agus nuair a bhuail captaen na hAlban Peter Brown an t-aon chic ar an liathróid a bhuail sé riamh ‘It’s similar to a cow kicking over a milk pail’.

Fág freagra ar 'Canúint na hAlban an chéad cheann eachtrannach ar thug mé gean di'