Cancar is ea oidhreacht na dTrioblóidí a chaithfear a leigheas

Tá gníomh agus deireadh leis an gcur i gcéill agus an mhoilleadóireacht dlite d’íobartaigh

Cancar is ea oidhreacht na dTrioblóidí a chaithfear a leigheas

Bhí sé ina raic faoi cheist na n-íobartach abhus le seachtain. Mar gheall ar an bhfaillí iontu, a deir tú? D’admhaigh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis sa Pharlaimint in Westminster le gairid nach raibh tada déanta aige faoin gceist – cé go ndearna sé iarracht, in aisce, chun freagracht as a chuid siléige a chur ar ghrúpa íobartach. Cúis mhaith spairne a bheadh sa bhfaillí ach níorbh í sin an t-ábhar cointinne.

Cainteanna a d’eagraigh beirt fhear a bhfuil cáil orthu mar eadránaithe abhus i gcomhar le hoifig Ardeaspag Canterbury an tUrramach Justin Welby ba chúis leis an díospóireacht theasaí. Ní raibh ionadaithe ar bith i láthair ó na heagraíochtaí iomadúla atá ag íobartaigh na dTrioblóidí. Ghoill sé sin ar a lán agus bhí cuid de na grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine a d’fhulaing faoi lámh an IRA maille leis na páirtithe aontachtacha an-fheargach. Cuireadh seisiún cainteanna a bhí beartaithe don Déardaoin seo caite ar ceal – nó ar athló – de bharr na conspóide.

Tá cáil ar iarUachtarán na hEaglaise Modhaí, Harold Good, as a ról mar fhinné ar dhíchoimisiúnú an IRA chomh maith le obair réitigh. Níl Jim Roddy as Doire chomh cáiliúil ach bhí ról lárnach aige i bhfuascailt na bhfadhbanna faoi pharáidí i nDoire. Bhí ról tábhachtach ag an mbeirt acu i bhfuascailt na sáinne in Ard Eoin agus Twaddell maidir le máirseálacha Dílseacha sa cheantar. Bhí siad i dteagmháil le cuid d’íobartaigh na dTrioblóidí freisin i gcaitheamh na mblianta agus suim mhór acu san taighde acadúil agus cearta daonna ar chéimeanna fuascailte.

An mhí seo caite thug siad buíon daoine le chéile i bPálás Lambeth, a bhuíochas don Ardeaspag Welby, chun plé a dhéanamh faoi conas a d’fhéadfaí próiseas fuascailte, i gcomhthéacs shocrú Stormont House, a thabhairt chun bisigh. Mhaithfí don té a cheapfadh gur shoineanta an mhaise dóibh a bheith fós ag caint faoi shocrú Stormont House ós é breith na coitiantachta, go leor de na híobartaigh ina measc, gur chaith Brandon Lewis agus rialtas na Breataine an socrú sin i dtraipisí deich mí ó shin.

Go hachomair, faoi théarmaí an réitigh idir páirtithe agus an dá rialtas in Stormont House in 2014 aontaíodh go mbunófaí aonad póilíneachta neamhspleách chun gach dúnmharú nár fuasclaíodh fós a fhiosrú. Bhunófaí chomh maith córas chun faisnéis a bhailiú le fírinne a sholáthar d’íobartaigh atá á iarraidh murar féidir éinne a chúiseamh nó mura bhfuil suim acu i gcúisimh.

Nuair a athbhunaíodh Stormont i mí Eanáir seo caite faoi théarmaí an New Decade, New Approach gealladh go dtabharfadh rialtas na Breataine reachtaíocht chun na Parlaiminte in Westminster taobh istigh de 100 lá chun socrú Stormont House a fheidhmiú. Faoi mhí an Mhárta bhí Státrúnaí nua ceaptha, Brandon Lewis, agus an gheallúint sin imithe le gaoth. D’fhógair sé go ndéanfaí scrúdú, ar pháipéar ar na dúnmharuithe nár fuasclaíodh, go rithfí reacht nua chun aon fhiosrú breise a chosc agus chuirfí stop le fiosruithe cráite ar fhórsaí stáit.

Nuair a ceistíodh an Státrúnaí sa Pharlaimint le déanaí faoin bhfaillí sna híobartaigh mhaígh sé gur iarr an eagraíocht íobartach, WAVE air an obair a chur ar an méar fhada de bharr Covid-19. Tá an-chuid daoine a gortaíodh go tubaisteach in eachtraí foréigin páirteach in WAVE. Shéan an eagraíocht líomhain Lewis as éadan agus dúirt gurb é a dúradar leis a phlean féin a chaitheamh uaidh mar go raibh sé do-ghlactha.

Tuigim gurb í an tsiléig faoin gceist achrannach a spreag Harold Good agus Jim Roddy chun a dhul sa tóir ar mhodh fuascailte. Seimineár a thug siad ar an gcruinniú in áras an Ardeaspaig. Bhí an tOllamh Kieran McEvoy as Ollscoil an Ríona ansin chun páipéar a foilsíodh i mí Aibreán i gcomhar leis an eagraíocht chearta daonna, an CAJ, a phlé. Ba é aidhm an chruinnithe na moltaí i bpáipéar McEvoy a scrúdú féachaint an raibh fuascailt na sáinne iontu.

Bhí ionadaithe ó Oifig Thuaisceart Éireann, ón PSNI, ó Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, iarChoimisineir na nÍobartach agus Coimisinéir na nIarshaighdiúirí páirteach. Bhí an poblachtánach Seán Spike Murray agus an dílseoir Winston Irvine ina measc freisin, cor a cáineadh go géar. Dúirt Kenny Donaldson ó Innocent Victims United agus páirtithe aontachtacha gur scannal é agus nach nglacfadh siad le socruithe ar chúla téarma.

Ar ndóigh caithfear éisteacht leis na híobartaigh. Ach tá na híobartaigh deighilte.

Ní aontaíonn dreamanna éagsúla faoin sainmhíniú ar íobartach. Cé a dhéanfadh dearmad ar an bhfeic gránna, truamhéalach in óstán an Europa i mBéal Feirste breis is deich mbliana ó shin nuair a nochtadh moladh Choimisiún Eames Bradley go bhfaigheadh gach íobartach íocaíocht. D’iompaigh dream amháin ar dhaoine a mheas siad nach raibh chomh ‘dlisteanach’ leo féin mar íobartaigh.

Is furasta a thuiscint mar sin go mbeadh daoine atá i mbun machnaimh faoin gceist chráite ag iarraidh an cineál sin aighnis a sheachaint – ag tús próisis go háirithe. Beart fiúntach ab ea é na cainteanna i bPálás Lambeth a eagrú, d’ainneoin na conspóide. Ba mhaith an ní é dá gcloisfeadh Brandon Lewis agus rialtas Boris Johnson réasúnaíocht an lucht eagair.

Cancar is ea oidhreacht na dTrioblóidí. Caithfear é a leigheas nó é a ghearradh amach.

Tá gníomh agus deireadh leis an gcur i gcéill agus an mhoilleadóireacht dlite d’íobartaigh.

Fág freagra ar 'Cancar is ea oidhreacht na dTrioblóidí a chaithfear a leigheas'