‘Can you speak English, please?’ Ag siopadóireacht san Ísiltír…

Tá freastalaithe siopa agus bialainne nach bhfuil teanga na tíre acu ag éirí coitianta ar fud na hÍsiltíre, ní hamháin i gcathair Amsterdam ach fiú amháin faoin tuath

‘Can you speak English, please?’ Ag siopadóireacht san Ísiltír…

An uair dheireanach a raibh mé sa bhaile, san Ísiltír, chuaigh mé isteach i siopa earraí ealaíona comhraic agus nuair a chuir mé ceist ar fhear an tsiopa an raibh bríste áirithe aige i dtomhas M seo an freagra a fuair mé:

‘Can you speak English, please?’

Ní hamháin an cheist féin ach tuin chrosta a chuid cainte, amhail is gur chóir go mbeadh a fhios agam nach raibh aon Ísiltíris aige, a chuir as dom. Polannach a bhí san fhear agus bhí a fhios agam ó bheith sa siopa uair amháin roimhe sin gur le Polannaigh an áit, ach an uair sin bhí fear eile taobh thiar den chuntar agus bhí Ísiltíris bhreá aige sin (mar a bhíonn ag cuid mhaith Polannach san Ísiltír.)

Dea-bhéasa amháin a thug orm gan iompú thart agus siúl amach as an siopa ar an toirt, ach nuair a bhain mé an glas de mo rothar taobh amuigh mhionnaigh mé dom féin nach gcuirfinn cos sa siopa sin arís go deo, ná go deimhin i mbaile mór Beverwijk, áit a raibh an siopa.

Ba é sin go deimhin an rud ba mhó a chuir as dom faoin scéal. Tá cleachtadh na mblianta agam féin agus ag muintir na hÍsiltíre ar Bhéarla amháin a bheith ag mórchuid freastalaithe i mbialanna agus i siopaí Amsterdam, ach saghas páirc shiamsaíochta idirnáisiúnta atá san ardchathair le blianta fada anuas; turasóirí thar tír isteach agus ex-pats is ea mórchuid na gcustaiméirí ann.

Ach ní i gcathair Amsterdam a bhí mé ach in Beverwijk, baile mór ar cóimhéid le Dún Dealgan agus chomh mealltach céanna ó thaobh na turasóireachta de. Bhain sé siar asam, agus chuir sé as dom, nach raibh mé in ann mo theanga féin a labhairt i mo thír féin agus go deimhin gur tugadh le tuiscint dom, más idir na línte féin é, gur mise a bhí as bealach. I bhfocail eile, mhothaigh mé amhail is go raibh mé in Éirinn, ag iarraidh mo chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

An tseachtain seo, léirigh taighde a rinne craoltóir náisiúnta na hÍsiltíre, NOS, nach eisceacht a bhí sa siopa earraí ealaíona comhraic sin in Beverwijk. Tá a leithéid – gan aon Ísiltíris a bheith ag foireann siopaí agus bialann – ag éirí coitianta taobh amuigh de na cathracha móra freisin agus go deimhin in áiteanna i bhfad níos lú ná Beverwijk. Bhí mo dheirfiúr mhór ar oileán Schiermonnikoog sa Fhreaslainn (daonra: 982) le linn an tsamhraidh agus dar léi nach raibh focal Ísiltírise, gan trácht ar Fhreaslainnis, i bpluic na bhfreastalaithe a casadh uirthi.

Tá dhá chúis le scaipeadh an Bhéarla i siopaí agus i mbialanna na hÍsiltíre.

Ar an gcéad dul síos, tá ganntanas foirne ag cur as do chomhlachtaí móra agus beaga; ní raibh an dífhostaíocht chomh híseal sin le cuimhne na ndaoine.

Ar an dara dul síos, tá níos mó inimirceach ná riamh ina gcónaí san Ísiltír. Sa bhliain 2022 ba dhaoine ‘ó chúlra inimirceach’ iad 4.5 milliún daoine, nó 25.2% de dhaonra na tíre.* Dúirt go leor de na comhlachtaí ar labhair an craoltóir NOS leo faoin gceist seo go dteastaíonn uathu a bheith ina ‘scáthán’ ar an tsochaí, agus go mbeadh chuile dhuine ‘san áireamh’ ar urlár an tsiopa.

Tá na hollmhargaí AH, Jumbo, Lidl agus Aldi, an siopa sraithe earraí tí Hema agus an siopa sraithe éadaí Zeeman i measc na mórchomhlachtaí miondíola nach n-éilíonn a thuilleadh go mbeadh Ísiltíris ag a gcuid oibrithe.

Go deimhin, deir siad go dteastaíonn uathu go mbeadh Béarla ag cuid dá gcuid oibrithe chun freastal a dhéanamh ar an sciar sin de dhaonra na hÍsiltíre nach bhfuil an Ísiltíris ar a dtoil acu.

Ach deir siad ar fad freisin go mbíonn Ísiltíris líofa ag formhór mór a gcuid oibrithe i gcónaí; dúirt urlabhraí ón siopa sraithe éadaí Zeeman gur lú ná 1 faoin gcéad faoi láthair líon a gcuid fostaithe a mbíonn teagmháil le custaiméirí acu agus nach bhfuil aon Ísiltíris acu.

Léiríonn taighde an chraoltóra NOS go bhfuil an scéal ábhairín difriúil i mbrainsí eile, go háirithe i siopaí ina mbíonn sainchomhairle ag teastáil ó chustaiméirí go minic. Éilíonn an siopa sraithe cógaslainne Etos agus an siopa sraithe crua-earraí Gamma i gcónaí go mbeadh Ísiltíris ar a dtoil ag a gcuid freastalaithe; tá córas meantóireachta ag an siopa sraithe crua-earraí Praxis d’fhostaithe atá ar bheagán Ísiltírise ach a dteastaíonn uathu an teanga a fhoghlaim.

Suimiúil go leor, léirigh taighde NOS freisin gur eisceacht a bhí san fhearg a bhí orm féin sa siopa earraí ealaíona comhraic sin in Beverwijk.

‘Ní tharlaíonn sé ach go fíorannamh go mbíonn cantal ar chustaiméir [nuair nach mbíonn Ísiltíris ag freastalaí siopa],’ a dúirt Yvette van Middelkoop, comhúinéir an tsiopa éadaí Katoenfabriek i gcathair Utrecht, le NOS. ‘Agus bíonn duine a mbeadh Ísiltíris acu i gcónaí thart, agus dá bharr sin ní bhíonn aon fhadhb ann riamh, dáiríre.’

*Ní hionann ‘cúlra inimirceach’ a bheith ag 25.2 faoin gcéad de dhaonra na hÍsiltíre is a rá nach mbeadh Ísiltíris ar bith ag an gceathrú cuid den phobal, ach is cinnte nár tógadh cuid mhór de na daoine sa staitistic sin sa teanga.

De réir figiúirí ón mbliain 2021 ón bpríomhoifig staidrimh CBS, labhraíonn 25 faoin gcéad de mhuintir na hÍsiltíre atá os cionn 15 bliana d’aois teanga eile seachas an Ísiltíris ag baile – ach tá an Fhreaslainnis, an Íseal-Shacsanais agus an Liombuirgis, ar teangacha réigiúnda de chuid na hÍsiltíre iad, san áireamh sa staitistic sin, agus bheadh cainteoirí na dteangacha sin chomh líofa céanna san Ísiltíris agus a bheadh ina dteanga féin.

Fág freagra ar '‘Can you speak English, please?’ Ag siopadóireacht san Ísiltír…'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ní thógfainn ort é bheith crosta leis an bhfreastalaí athúlta sin. Gabhann a leithéid sin d’impiriúlachas teanga agus cultúir leis an mBéarla ‘the killer language’, go ró-mhinic, ceapaim. Ach is maith liom go bhfuil an dé á coinneáil i mionteangacha na hÍsiltíre i gcónaí. Ní raibh fhios agam go bhfuil trí cinn ar fad acu ann, i dtírín chomh beag léi, ba mhór an chuid a leath. Deir an t-údar gur cainteoirí líofa Olainnise/Ísiltírise iad cainteoirí na mionteangacha sin freisin, ní nach ionadh. Ach coimeádann siad an dá ‘arm aigne’…sé sin le rá nach gcaitheann siad uathu a dteanga bheag féin bíodh go bhfuil an mhórtheanga ar a dtoil acu. (Tá ceathair nó cúig ‘arm aigne’ ag an údar féin, déarfainn.) N’fheadar cén meon aigne atá ag lucht na mórtheanga i leith lucht labhartha na mionteangacha sin agus cén chaoi a bhfuil a ngreim á choimeád ag na mionteangacha sin i gcónaí? Samhlaím gur daoine neamhspleácha, éirimiúla atá teann láidir ina meon féin is ea muintir na hÍsiltíre i gcoitinne. Dream praitinniúil freisin ach nach nglacann siad le haon chac ó éinne! An bhfuil an rialtas báúil leis na teangacha imeallacha sin?

  • Eoghan Ó Néill

    Tiún chrosta a chuid cainte agus é ag léiriú doicheall roimh teanga na tíre agus é ag brú géilleadh an dúitsis do údarás an bhéarla.
    Dearcadh sotalach maslach atá ag an Gastarbeiter sin nach mbacann leis an dúitsis a fhoghlaim, rud a ghlacfadh ar a mhéid dhá mhí chun greim buntúsach a fháil air.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Freastalaithe sa ‘ghaeltacht’: “I don’t speak Irish” (duine a tógadh sa ‘ghaeltacht’), “If I speak Irish I’d be discriminating against English speakers” (duine isteach – ó shasain). Chuir duine scairt gutháin ar shiopa sa ‘ghaeltacht’ anseo i dTír Chonaill, d’fhreagair an freastalaí le Béarla (duine a tógadh sa ‘ghaeltacht’), d’iarr an duine labhairt le freastalaí le Gaeilge, freagra a fuair siad ón bhfreastalaí Béarla: “you’re bullying me now” agus chuir an freastalaí sin síos an ghuthán. An Béarla ag spréadh mar ailse.

  • Sibéal

    Alex bocht.

    Faraor is iad a chomhNederlanders is ciontaí.

    Is gnáthrud anois ag muintir na Mór Roinne Eorpaí (Amsterdam go háirithe) Béarla a labhairt le himirceoirí agus turasóirí mar santaíonn siad deis an Béarla a chleachtadh agus bítear mífhoighneach le foghlaimeoirí.

  • John Sullivan

    Ní thuigim an dímheas atá ag muintir na hÍsiltíre ar a dteanga féin. Labhraím Ollainnis agus fiafraíonn daoine cén fáth a labhraím Ollainnis…mar go bhfuil mé as mo mheabhair. Ní tharlaíonn sé sin in aon tír eile. Ní tharlaíonn sé i bhFlóndras…Antwerp áit a bhfuil siad bródúil as í a labhairt.

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Tharla eachtra dom féin i gcathair Utrecht le gairid inar labhair freastalaí in ollmhargadh Albert Heijn liom i mBéarla agus gan mé tar éis oiread is smid a chur asam in aon teanga! Thuigfinn an scéal dá mbeinn tar éis rud eicínt a rá san Ísiltíris agus ansin go dtabharfaí mo chanúint eachtrannach faoi deara. Nuair a tharlaíonn sé seo iompaíonn formhór mhuintir na hÍsiltíre ar an mBéarla liom. Agus ar ndóigh iompaímse ar an nGaeilge leosan! Ní bhíonn le déanamh ansin ach leanacht ar aghaidh san Ísiltíris. Ach ní shin a bhí tarlaithe sa gcás seo. ‘Cén fáth a bhfuil tú ag labhairt liom i mBéarla?’ arsa mise go sách borb san Ísiltíris. Is ansin a thuig mé nach raibh focal Ísiltírise ag an bhfreastalaí. Fearacht cás Alex, tá sé seo ag éirí an-choitianta san Ísiltíris. Agus má tá sé seo ag tarlú le Béarla san Ísiltír, cén seans atá ag an nGaeilge in Éirinn? Ní ‘gá’ do fhreastalaithe Gaeilge a fhoghlaim le bheith ag obair sa nGaeltacht. Tarlaíonn sé go minic nach mbíonn focal Gaeilge ag freastalaithe i bpubanna, siopaí breosla nó i mbialanna i gConamara, cuirim i gcás. Agus ní heachtrannaigh a bhíonn ina bhformhór!

  • Sibéal

    @John Sullivan
    Chaith na Pléimeannaigh 200 bhliain ag troid ar son a dteanga. Is Fraincis a bhí chun tosaigh sa stát impiriúil Beilgeach roimh an gcogadh 1914-18 beag beann ar an dtromlach a labhair Pléimeannais.
    Fiú “La belle bourgeoisie Anversienne” in Antwerpen is Fraincis a labhair siadsan cé gur Pléimeannais amháin a labhair na gnáth daoine. Bhí roinnt easpaig Caitliceacha i bhFlóndras go síoraí ag cur na Fraincise chun cinn sna scoileanna, fiú ag tús na 20ú aoise.