‘Caitlín Eile’ – iarlais in áit Chaitlín Nic Aodha ar TG4 tráthnóna

‘Caitlín Eile’ - iarlais in áit Chaitlín Nic Aodha ar TG4 tráthnóna

Tá poiblíocht faighte ag TG4 agus Caitlín Nic Aodha ar fud an domhain le roinnt laethanta anuas dá gcleas Oíche Shamhna ach tá iarlais anois ina háit.

Is cosúil go bhfuil dearmad déanta cheana ag bainistíocht mhíthrócaireach TG4 ar Chaitlín bhocht Nic Aodha, an láithreoir aimsire a d’imigh de dhroim an tsaoil nuair a bhuail splanc thintrí í Oíche Samhna.

‘Caitlín Eile’ a bhí i mbun na haimsire ar an stáisiún Gaeilge tráthnóna agus cuireadh an tarcaisne i mullach na héagóra ar fad nuair a d’fhógair an láithreoir nua le teann mórtais gur ‘uasghrádú’ ar Chaitlín Nic Aodha a bhí inti.

Tá poiblíocht faighte ag TG4 agus Caitlín Nic Aodha ar fud an domhain le roinnt laethanta anuas dá gcleas Oíche Shamhna. Agus réamhaisnéis na haimsire á tabhairt aici ar an stáisiún Oíche Shamhna, d’imigh an láithreoir Conallach Caitlín Nic Aodha den scáileán gan tásc gan tuairisc nuair a bhuail splanc thintrí í.

Tá tuairiscí faoin gcleas á scaipeadh go tréan ar na meáin thraidisiúnta agus na meáin nua le cúpla lá anuas.

Bhí mír, mar shampla, faoi scéal an láithreora ar BBC Newsnight aréir, an chéad uair, meastar, ar chualathas an aimsir as Gaeilge ar an gclár áirithe sin.

Fág freagra ar '‘Caitlín Eile’ – iarlais in áit Chaitlín Nic Aodha ar TG4 tráthnóna'