Caithréim Átha Cliath, cumas Cluxton, tábhacht McCaffrey agus lá mór ag buachaillí Chorca Dhuibhne …

Féachann Tuairisc.ie siar ar chuid dá raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Caithréim Átha Cliath, cumas Cluxton, tábhacht McCaffrey agus lá mór ag buachaillí Chorca Dhuibhne …

Cumas Cluxton

Tá a fhios ag an saol cé chomh tábhachtach agus atá Stephen Cluxton d’fhoireann Átha Cliath ach thug sé sárthaispeántas eile uaidh inné i bPáirc an Chrócaigh.

Níl captaen Átha Cliath gan locht agus cuireadh brú damanta air nuair a bhí a dtréimhse cheannasaíochta ag Tír Eoghain luath sa chluiche. Tar éis do Peter Harte an chéad scór a fháil do Thír Eoghain, bhuaigh na hUltaigh seilbh na liathróide ó chic amach Cluxton agus sheol Mark Bradley an dara cúilín thar an trasnáin. Ón gcic amach sin, thriail Cluxton John Small a phiocadh amach ar an gcliathán ach chuir sé an liathróid thar an taobhlíne agus bhí scór eile ag Tír Eoghain taobh istigh de 15 soicind.

Tá stuaim Cluxton ar cheann de na tréithe is fearr atá aige, áfach, agus níor tháinig aon scaoll air. B’in iad an t-aon dá chic amach a chuir sé amú i rith an chluiche uiligh agus bhuaigh Áth Cliath 29 dá 31 cic amach.

Bhí ról tábhachtach aige i dteacht aniar Átha Cliath. Nuair a bhí a fhoireann ceithre phointe chun deiridh, gan oiread is scór amháin faighte acu le breis agus 15 nóiméad, sheol Cluxton an liathróid go dtí Jack McCaffrey a bhí amuigh ar an gcliathán le cic den scoth agus d’aimsigh Ciarán Kilkenny scór ag deireadh na gluaiseachta.

Léiríodh tábhacht na gciceanna arís ina dhiaidh sin. An chéad thrí chic amach eile a bhí ag Tír Eoghain, chaill siad gach ceann acu agus fuair Áth Cliath 1-2 le linn na tréimhse céanna. D’imigh foireann Gavin chun cinn ar Thír Eoghain agus ba amhlaidh a bhí as sin go deireadh na himeartha.

Jack McCaffrey. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cluiche ceannais maith ag McCaffrey faoi dheireadh

Den dara bliain as a chéile, bhí Jack McCaffrey i lár an aonaigh ag féasta ceiliúrtha Átha Cliath ach is de bharr a chuid gaiscí ar an bpáirc a tharraing sé aird aréir, seachas a chuid geatsaíochta.

Bhí McCaffrey ar fheabhas d’Áth Cliath inné.

Agus James McCarthy bogtha go dtí lár na páirce, níl an luas céanna i líne leathchúil Átha Cliath agus a bhíodh. Bhíodh Philly McMahon agus Jonny Cooper ag dul ar ruathair suas an pháirc le blianta beaga anuas ach ní fheictear é sin chomh minic anois agus iad ag dul in aois agus níl John Small ná Eoin Murchan chomh compordach céanna leo agus seilbh na liathróide acu.

Fágann sé sin go bhfuil luas McCaffrey níos tábhachtaí anois ná mar a bhí sé riamh agus moladh ar leith tuillte aige as filleadh ó dhrochghortú glúine a bhain dó i gcluiche ceannais na bliana seo caite.

Baineadh den pháirc é sa dá chluiche ceannais eile a d’imir sé, in 2013 agus in 2015, ach beidh dea-chuimhní aige ar chluiche ceannais 2018 agus gradam laoch na himeartha faighte aige.

Mark Bradley in ísle brí i ndiaidh an chluiche. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tosaithe ag teastáil chun Áth Cliath a shárú

Aon fhoireann atá ag iarraidh Áth Cliath a chloí ní mór dóibh na deiseanna scórála a chruthaíonn a thapú. Rinne Maigh Eo thar cionn i gcoinne Átha Cliath le cúpla bliain anuas, ach b’fhéidir gurb amhlaidh gur theastaigh tosach maith amháin eile uathu chun na seaimpíní a shárú.

Ba é an scéal céanna ag Tír Eoghain inné é agus ní fhéadfadh aon duine den seisear tosaithe a thosaigh a bheith go hiomlán sásta lena dtaispeántais. Seans gurbh é Mark Bradley an duine ab fhearr díobh agus d’éirigh leis péire cúilíní a aimsiú, ach nuair nár scóráil leithéidí Mattie Donnelly ná Niall Sludden ar chor ar bith, bhí Tír Eoghain i dtrioblóid.

Ba é Con O’Callaghan an t-aon tosach a thosaigh d’Áth Cliath nár scóráil ach bhí fear Chuala ar fheabhas ina ainneoin sin agus is é a chruthaigh an dá chúl a fuair na seaimpíní. Níor chuir Áth Cliath iarracht ar bith ar fóraoil sa dara leath, agus fiú nuair nach mbíonn siad ag imirt go maith, is annamh nach mbíonn siad in ann cúpla scór a aimsiú.

Ruaidhrí Ó Beaglaoich, Ciarraí, ar ruathar. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Buachaillí Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus a gcuid déanta acu do Chiarraí

Rinne foireann mhionúir Chiarraí gaisce inné a mhairfidh in annalacha na peile inné nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann den chúigiú huair as a chéile. Bhí tionchar nach beag ag imreoirí as Ciarraí Thiar ar an gcluiche. Faoin am gur séideadh an fheadóg dheiridh, bhí cúigear de dhaltaí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ar an bpáirc, Conor Flannery agus Dylan Geaney ón Daingean, beirt as Abhainn an Scáil, Colm Moriarty agus Killian Falvey, agus Ruaidhrí Ó Beaglaoich na Gaeltachta.

Bronnadh gradam laoch na himeartha ar Falvey, a d’aimsigh ceithre chúilín . D’aimsigh Geaney dhá chúilín sa dara leath agus teacht aniar á dhéanamh ag Ciarraí in aghaidh na Gaillimhe agus d’éirigh le Flannery agus Moriarty tosaithe na Gaillimhe a choinneáil faoi chois tar éis dóibh scrios a dhéanamh ar fhir óga na Ríochta sa chéad leath.

Ba mhór an cúnamh go raibh imreoir chomh cumasach leis an mBeaglaíoch ag Ciarraí ar an mbinse nuair a theastaigh sé. Gach seans go mbeadh fear na Gaeltachta ag tosú sa chluiche ceannais murach an buille sa gceann a fuair sé sa chluiche ceathrú ceannais in aghaidh Ros Comáin. Ní raibh sé in ann an cluiche leathcheannais in aghaidh Mhuineacháin a thosú ach tháinig sé isteach agus bhuaigh sé cic saor do Chiarraí nuair a bhí géarghá lena leithéid.

Bhí sé níos fearr fós sa chluiche ceannais. Bhí na foirne ar comhscór nuair a tháinig sé isteach agus beagán os cionn ceathrú uaire fágtha. Faoi dhó, chuir Ó Beaglaoich Ciarraí cúilín chun cinn agus chuir a tríú cúilín eile a chur trí phointe chun cinn iad agus an t-am beagnach caite.  Chroch sé dorn san aer agus fios aige go raibh an beart déanta.

Ba é Falvey a chuir barr maise ar an mbua nuair a fuair sé an cúilín deireanach sa chluiche.

Fág freagra ar 'Caithréim Átha Cliath, cumas Cluxton, tábhacht McCaffrey agus lá mór ag buachaillí Chorca Dhuibhne …'