Ná habair liom nach bhfuil aon pheann luaidhe eile fágtha sa teach?

Bhí an obair bhaile curtha ar athló mar gheall nach raibh aon pheann luaidhe le fáil

Ná habair liom nach bhfuil aon pheann luaidhe eile fágtha sa teach?

‘Ná habair liom nach bhfuil aon pheann luaidhe eile fágtha sa teach?’ a d’fhiafraigh mé de Bheainín na Naíonáin Bheaga agus an Cailín Mór Beag. Bhí an obair bhaile curtha ar athló mar gheall nach raibh aon pheann luaidhe le fáil.

Bhuel, níl sé sin baileach cruinn, bhí peann luaidhe amháin faighte, agus is cosúil go raibh ‘conspóid’ ann maidir le cé mba leis é.

Cá dtéann na pinn luaidhe i bhfolach? An bhfuil a fhios ag éinne? 

Cuimhním gur cheannaigh muid ualach acu ag tús na scoilbhliana. Nó, ceapaim gur chuimhin liom é sin.   Nó meas tú ar cheannaigh? Ar tharla sé sin i ndáiríre nó an bhfuil mé imithe ar strae i m’intinn arís?

Leath na súile iontu agus bhreathnaigh siad orm amhail is gur mheas siad go raibh mé imithe chuig leibhéal eile ar scála an chraiceála. Leibhéal nach raibh feicthe acu cheana riamh.

Ba léir nach raibh a fhios acu ar cheart dóibh mé a fhreagairt, nó tosú ag bogadh siar uaim go mall réidh agus ligint orthu nár chuala siad mé. 

‘Is liomsa an peann luaidhe seo,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga sa deireadh, ‘agus bhí sise ag iarraidh é a ghoid!’ 

Chroch sí an peann luaidhe ‘amháin’ san aer, mar a d’fheicfeá lúthchleasaí ag iompar tóirse na gcluichí Oilimpeacha. Ní raibh cuma baileach chomh maorga céanna ar an bpeann luaidhe bocht. Dhá orlach de pheann luaidhe a bhí ann, leathlaidhricín de pheann luaidhe agus cogaint mhaith bainte as. 

‘Ní raibh mé ag iarraidh é a ghoid, bhí mé ag iarraidh é a thógáil ‘ar iasacht’,’ a dúirt an Cailín Mór Beag mar shoiléiriú. 

‘Tabhair ar iasacht di é, maith a’ cailín, as ucht mac Dé agus na maighdine Muire ort,’ a dúirt mé. 

‘Ní thabharfaidh sí ar ais é agus níl aon cheann eile agam!’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga agus bhí a fhios agam go raibh an focal scoir ar an gceist tugtha aici. 

‘Úsáid badhró,’ an chomhairle a chur mé ar an gCailín Mór Beag. 

Cúpla lá ina dhiaidh sin chonaic mé bosca pinn luaidhe agus mé ag siopadóireacht is cheannaigh mé ceann dearg, ceann gorm agus ceann buí.

‘Seo chugaibh anois,’ a dúirt mé nuair a chuaigh mé abhaile. ‘Dearg duitse,’ a dúirt mé le Beainín na Naíonáin Bheaga, ‘gorm duitse,’ a dúirt mé leis an mBabaí, ‘agus buí duitse,’ a dúirt mé leis an gCailín Mór Beag agus mé ag súil le ceiliúradh mór. 

‘Ní maith liom dath buí,’ a deir an Cailín Mór Beag agus éadóchas ina glór.

Is dóigh nach ngoilleann easpa pinn luaidhe orthu an oiread is a cheap mé. 

Fág freagra ar 'Ná habair liom nach bhfuil aon pheann luaidhe eile fágtha sa teach?'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith ar fad! Taitníonn na scéalta seo go seoighe liomsa – is maith nach bhfuil clann orainne áfach! :-)