Caithfidh Sinn Féin agus an freasúra seasamh leis na daoine a fhágfar gan dídean

Más mian leis an rialtas cearta tiarnaí talún is creach-chistí a chur roimh chearta an ghnáthdhuine, cén fáth go nglacfadh gnáthdhaoine leis?

Caithfidh Sinn Féin agus an freasúra seasamh leis na daoine a fhágfar gan dídean

Cé go n-admhaíonn fiú an rialtas féin go gcuirfí go mór le líon na ndaoine gan dídean dá gcuirfí stop leis an gcosc ar dhíshealbhú, bhrúigh siad a bplean tríd an Dáil.

Bhí tacaíocht neamhspleách acu, i ndiaidh dóibh bearta maolaitheacha a aontú leis an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách. Le fírinne ní fheicimse go bhfuil aon rud suntasach sna bearta sin, is ceapaim nach bhfuil ann ach cur i gcéill le leithscéal éigin a thabhairt dóibh siúd a thacaigh leis an rialtas.

Mar, ag deireadh an lae, tá an cheist bhunúsach a chuir Eoin Ó Broin, Sinn Féin, fós gan freagra: céard a tharlóidh don 3,000 duine a bhfuil fógra díshealbhaithe le fáil acu an mhí seo chugainn. Is cá rachaidh siad?

Dúirt Micheál Martin, agus é ag caint thar ceann an rialtais, nach mbeadh ach corrdhuine gan dídean i ndiaidh a ndíshealbhaithe is go mbeidh aon duine sa chás sin in ann cúnamh a fháil ó na comhairlí áitiúla.

Ach tá ró-éileamh cheana ar sheirbhísí éigeandála na gcomhairlí áitiúla, de réir suirbhé a rinne Teachta Dála eile de chuid Shinn Féin, Matt Carthy. Agus níl aon fhianaise ann go bhfaighidh daoine a chuirtear amach as a dtithe aon dídean eile ar cíos nó le cairde nó gaolta.

Filleann muid ar an mbuncheist arís: cá rachaidh na daoine a fhágfar gan dídean?

Tá an rialtas ag leagan béim faoi leith ar na bearta maolaitheacha a d’fhógair siad.  Ach céard iad féin, is cén mhaith atá leo?

Ar dtús deir an rialtas go mbeidh cead ag tionónta an chéad tairiscint a dhéanamh ar theach a cheannach.  Tá scéim le bheith ann le cabhrú le daoine morgáistí a fháil sna cásanna sin (cé nach bhfuil sé soiléir cén chaoi a n-oibreodh sé).

Níl sé soiléir ach an oiread cén praghas a bheidh ar theach atá le díol.  Deir an tAire Tithíochta Darragh O’Brien gur praghas an mhargaidh a bheidh ann, ach arís cé a déarfaidh céard é praghas an mhargaidh?  Níl a fhios ag an aire.

Ansin, i gcásanna eile, ceannóidh an chomhairle áitiúil an teach le ligean ar cíos leis an tionónta.  Arís cén praghas a íocfaidh siad, nó an mbeadh sé níos saoire dá dtógfadh an chomhairle áitiúil a gcuid tithe féin le ligean ar cíos?

Ach b’fhéidir gurb é an moladh is conspóidí an ceann go mbeidh duine i dteach altranais in ann a theach a dhíol is 100% den airgead a choinneáil amach as an scéim Cothrom na Féinne (Fair Deal), in ionad an 60% a cheadaítear faoi láthair.

Deir an t-aire stáit a bhfuil cúram daoine aosta uirthi, Mary Butler, go gcreideann sí nach gcuirfeadh an plean seo ach dornán beag tithe ar fáil, agus, ag an am céanna, go bhféadfadh sé cur leis an mbrú ar sheanduine dul isteach i dteach altranais.

Tá léirmheas le foilsiú an mhí seo chugainn ar an scéim reatha, ach dúirt Mary Butler nár chuathas i gcomhairle léi féin faoin bplean agus go gcreideann sí gur chóir fanacht ar an athbhreithniú atá le foilsiú.

Tá an moladh seo ann toisc gur bhrúigh Grúpa Réigiúnda na Neamhspleách é, ach léiríonn sé nach bhfuil aon dianmhachnamh déanta faoin na bearta seo agus go bhfuil an rialtas ag cumadh polasaithe de réir mar atá siad ag dul ar aghaidh.

Fiú dá nglacfaí le rún Shinn Féin ní bheadh aon éifeacht aige ar an bpolasaí.

Go deimhin má bhí daoine le stop a chur leis seo, chaithfeadh siad gan glacadh leis.

Tá sampla na Fraince ann, áit a mbíonn daoine i mbun agóide ar na sráideanna, beag beann ar chinneadh na parlaiminte.

Anseo in Éirinn ní bheidh aon dul as ag na mílte daoine ach diúltú glacadh le fógra díshealbhaithe.  Ni bheidh aon dul as acu ach fanacht ina gcuid tithe, beag beann ar an Dáil nó ar an dlí.

Agus más mian leis an rialtas cearta tiarnaí talún is creach-chistí a chur roimh chearta an ghnáthdhuine, cén fáth go nglacfadh gnáthdhaoine leis?

Agus tá ceisteanna móra le freagairt ag páirtithe an fhreasúra faoi sin. An mbeidh siadsan sásta seasamh le daoine a dhiúltaíonn glacadh le fógra díshealbhaithe?  An mbeidh sé de mhisneach ag Sinn Féin dúshlán a thabhairt don bhunaíocht is do na meáin agus seasamh go láidir leis na tionóntaí?

Ní neart go cur le chéile, deirtear, ach caithfidh na ceardchumainn agus na cumainn áitiúla seasamh leis na tionóntaí. Is mura ndéanann páirtithe an fhreasúra amhlaidh, ní bheidh sa gcaint cháinteach ach cur i gcéill arís.

Fág freagra ar 'Caithfidh Sinn Féin agus an freasúra seasamh leis na daoine a fhágfar gan dídean'