Caithfidh RTÉ tosaíocht níos mó a thabhairt don Ghaeilge – Coimisiún na Meán

Tá moladh déanta freisin i dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh gan aon fhógraíocht a bheith le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta

Caithfidh RTÉ tosaíocht níos mó a thabhairt don Ghaeilge – Coimisiún na Meán

Deir an Coimisiún um Thodhchaí na Meán nach bhfuil dóthain á dhéanamh ag RTÉ i dtaobh ábhar Gaeilge a chraoladh.

Ar cheann de na moltaí a bhí i dtuarascáil an Choimisiúin, a foilsíodh inné, dúradh nach mór do RTÉ tosaíocht níos fearr a thabhairt don Ghaeilge, ina chláir i gcoitinne agus ar gach ardán.

Moladh freisin go mbeadh feidhmeannach sinsearach san eagraíocht ag déanamh cúraim do gach Ábhar Gaeilge

Faoi láthair, tá Grúpcheannasaí Gaeilge ag RTÉ atá freagrach as cláracha teilifíse Gaeilge an chraoltóra náisiúnta. Tá cúram Nuacht RTÉ/TG4 faoi rannóg nuachta agus cúrsaí reatha an stáisiúin.

Tá soláthar Gaeilge RTÉ á bplé le fada agus é ráite ag an gCoimisinéir Teanga níos luaithe i mbliana go raibh dul chun cinn déanta ag an gcraoltóir ó thaobh ábhar teilifíse i nGaeilge a chraoladh ach go raibh “go leor oibre le déanamh fós” chun a dhualgais reachtúla a chomhlíonadh.

De réir staitisticí a chuir RTÉ ar fáil don Chomisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, 123 uair an chloig de chláir as Gaeilge a craoladh in 2017 agus breis is 900 uair an chloig a bhí i gceist in 2021.

Mhaígh Ó Domhnaill ina thuarascáil bhliantúil go bhfuil gá le cláir cúrsaí reatha i nGaeilge a fhorbairt más le RTÉ céim a thógáil i dtreo a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh.

Moltar sa tuarascáil nua gur chóir Údarás Craolacháin na hÉireann nó Coimisiún na Meán a chumhachtú ionas go bhféadfaí treoir a thabhairt do RTÉ líon na n-uaireanta d’ábhar ardchaighdeáin i nGaeilge ar a phríomhchainéil chraoltóireachta a mhéadú.

Tá moladh déanta freisin i dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh gan aon fhógraíocht a bheith le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta.

Luaitear sa tuarascáil aighneacht a rinne Ceardchumann na nIriseoirí i Raidió na Gaeltachta a dúirt go raibh an stáisiún “ag brath go hiomlán” ar RTÉ toisc nach bhfaigheann sé aon ioncam ó fhógraíocht. Dúradh go raibh “laghdú 30%-40% ar na baill foirne ó 2008 i leith,” mar gheall ar laghduithe ar an maoiniú agus go raibh tionchar aige sin ar chumas craoltóireachta RnaG.

“Leagadh amach in aighneachtaí an gá atá le buiséad Raidió na Gaeltachta a mhéadú, agus ligean don eagraíocht smacht iomlán a bheith aici ar an mbuiséad sin,” a deirtear sa tuarascáil.

I moladh go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar sheirbhís Ghaeilge na meán cumarsáide, deirtear sa tuarascáil gur chóir “béim ar leith a leagan ar Raidió na Gaeltachta, ar a ról i réigiúin Ghaeltachta agus teacht a bheith aige ar ioncam tráchtála”.

Tá leathchéad moladh ar fad déanta sa tuarascáil agus glactha ag an Rialtas le gach ceann acu, seachas ceann de na cinn is suntasaí dá bhfuil inti. Tá diúltaithe ag an Rialtas don mholadh go bhfaighfí réidh leis an gceadúnas teilifíse agus go dtabharfaí maoiniú ón Státchiste isteach ina áit. 

Fág freagra ar 'Caithfidh RTÉ tosaíocht níos mó a thabhairt don Ghaeilge – Coimisiún na Meán'

  • Seanán Ó Coistín

    Tá sé á rá le fada agam gur cheart fógraí tráchtála a bheith á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta. Chuirfeadh sé leis an gcraolachán. Spreagfadh sé tionscal fógraí Gaeilge – nach ann dó faoi láthair. Is rudaí cruthaitheacha iad fógraí. Tá spraoi agus samhlaíocht ag baint leo. Bheadh sé sin go maith don Ghaeilge agus do ghnólachtaí a roghnaíonn fógraí Gaeilge a cheannach.