Caithfidh Ros Comáin stop a chur le fathaigh láir páirce na Gaillimhe

Casfaidh Gaillimh agus Ros Comáin ar a chéile i gcluiche ceannais Chonnacht den cheathrú bhliain as a chéile tráthnóna agus beidh an imirt i lár na páirce cinniúnach

Caithfidh Ros Comáin stop a chur le fathaigh láir páirce na Gaillimhe

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Gaillimh v Ros Comáin – Staid an Phiarsaigh, 4.00pm

Imreofar an chéad cheann de chluichí ceannais peile na gcúigí tráthnóna nuair a chasfaidh Gaillimh agus Ros Comáin ar a chéile i mBóthar na Trá. Pé foireann a n-éireoidh leo tráthnóna, tabharfaidh siad Corn Nestor leo agus beidh áit acu i mbabhtaí an tSár-Ochtair a imreofar an mhí seo chugainn.

Is í seo an ceathrú bliain as a chéile ag na foirne seo ag imirt a chéile i gcluiche ceannais Chonnacht agus tá péire buaite ag Gaillimh (2018, 2016) agus ceann ag Ros Comáin (2017).

Cé nach bhfuil ann ach bliain ó d’imir siad i gcluiche ceannais na bliana seo caite, tá roinnt mhaith athruithe tagtha ag an dá fhoireann ó shin.

Tá Anthony Cunningham tagtha isteach mar bhainisteoir ar Ros Comáin agus deiseanna tugtha aige do scata imreoirí nua. As an bhfoireann atá roghnaithe aige do chluiche an lae inniu, níl ach seachtar acu a d’imir i gcluiche ceannais na bliana seo caite.

Tá ag éirí go maith leis na fir nua sin áfach agus bhí an-tionchar acu ar an imirt nuair a bhí bua stairiúil ag Ros Comáin ar Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh cúpla seachtain ó shin. Ba do thaispeántas an fhir a tháinig chucu ó Chiarraí, Conor Cox, is mó a rinneadh suntas. Fuair an tosach 0-5 in aghaidh Liatroma agus arís in aghaidh Mhaigh Eo, ach tá cruthaithe go maith ag na fir nua eile chomh maith.

Tá an cúl báire Darren O’Malley fillte ar an bhfoireann agus é cumasach ó na ciceanna saora fada agus tá triúr deartháireacha, Niall, Conor agus Ronan Daly, tagtha isteach i measc na gcosantóirí.

Tá an-athrú tagtha ar fhoireann na Gaillimhe ó chluiche ceannais Chonnacht 2018 chomh maith. Níor thosaigh ach seisear den fhoireann atá ainmnithe ag Kevin Walsh anuraidh. Tá gortuithe fós ag cur as d’an-chuid imreoirí. Ní bheidh fáil ar Damien Comer ná Ciarán Duggan agus tá Paul Conroy, Peter Cooke, Seán Kelly agus a thuilleadh nach iad fós ag teacht chucu féin.

Tá Thomas Flynn agus fear na Gaeltachta Fiontán Ó Curraoin roghnaithe i lár páirce ag Kevin Walsh agus beidh taispeántas na beirte cinniúnach i gcluiche an lae inniu. D’éirigh le Gaillimh ceannas a fháil ar an gcuid sin den pháirc anuraidh agus ba mhór an buntáiste dóibh é.

Níor éirigh rómhaith le fir láir páirce Ros Comáin i gcoinne Mhaigh Eo ach an oiread. Agus smacht acu lár páirce, chruthaigh Maigh Eo neart deiseanna sa chluiche, cé gur chuir siad i bhfad an iomarca acu sin amú. Má bhíonn Ó Curraoin agus Flynn os cionn a mbuille lár páirce agus má bhíonn Gaillimh níos cruinne i Staid an Phiarsaigh tráthnóna ná mar a bhí Maigh Eo, ba cheart go n-éireodh leo.

Fág freagra ar 'Caithfidh Ros Comáin stop a chur le fathaigh láir páirce na Gaillimhe'