Caithfidh reachtaíocht nua ‘rogha réalaíoch’ a thabhairt don saoránach maidir le húsáid na Gaeilge leis an Stát

Pléifear i dTithe an Oireachtais tráthnóna an Bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Caithfidh reachtaíocht nua ‘rogha réalaíoch’ a thabhairt don saoránach maidir le húsáid na Gaeilge leis an Stát

Caithfidh an reachtaíocht teanga lena ndéanfar Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú “rogha réalaíoch” a thabhairt don saoránach maidir le húsáid na Gaeilge leis an Stát.

Sin a bhí le rá ag Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge Catherine Connolly roimh chruinniú den choiste tráthnóna ag a bpléifear ar Bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Pléifear ag an gcoiste Oireachtais inniu an cuspóir i gceannteidil an Bhille is mó a thug misneach do lucht feachtais, is é sin an gheallúint go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina gcainteoirí líofa Gaeilge. Meastar, áfach, go mbeidh fiúntas na sprice sin ag brath go mór ar na sonraí a bhainfidh léi sa bhille féin agus dúirt Catherine Connolly go bhfuil go leor ceisteanna ann faoin gcuid áirithe seo den dréachtreachtaíocht.

Leagtar síos cuspóir i gCeannteideal 9 go n-earcófar 20% d’oifigigh sa tseirbhís phoiblí ar an mbonn go bhfuil siad inniúil sa dá theanga oifigiúla agus toilteanach feidhmiú trí mheán an dá theanga oifigiúla.

“Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach an mbeidh feidhm ag an gcuspóir sin ar fud an tseirbhís phoiblí go léir, i ngach eagraíocht san earnáil phoiblí, i ngach rannóg agus ag gach grád, agus an mbeidh feidhm aige i ngach comórtas earcaíochta, idir chomórtais inmheánacha agus chomórtais sheachtracha agus i ngach cineál comórtais,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách ón nGaillimh, Catherine Connolly.

Pléifear ag cruinniú an lae inniu chomh maith Ceannteideal 10 de Bhille na dTeangacha Oifigiúla, a bhaineann leis na caighdeáin a leagfaí síos maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge. Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go dteastáionn ó bhaill an choiste a chinntiú go mbeidh na seirbhísí a chuirfear ar fáil sa dá theanga oifigiúla “ag caighdeán atá chomh hard lena chéile”.

Beidh ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge i láthair ag cruinniú an lae inniu, an chéad chruinniú de thrí chruinniú poiblí a thionólfar faoi reachtaíocht teanga nua sa choicís amach romhainn.

Dúirt Catherine Connolly go gcreideann baill an choiste gurb é aidhm an Bhille nua ná “rogha réalaíoch a thabhairt do shaoránaigh maidir leis an teanga oifigiúil ar mian leo feidhm a bhaint aisti agus iad i mbun teagmhála leis an Stát agus lena chuid foras poiblí”.

Táthar ag fanacht ar an mBille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le nach mór cúig bliana. B’amhlaidh gur lagú seachas neartú ar an Acht a dhéanfadh na chéad cheannteidil a foilsíodh don reachtaíocht nua, ach cuireadh fáilte roimh na ceannteidil nua a foilsíodh anuraidh. Ba chosúil ar na ceannteidil chéanna gur cuireadh san áireamh cuid de chomhairle an Choimisinéara Teanga agus Chonradh na Gaeilge i dtaobh na reachtaíochta nua, ach is nuair a fhoilseofar an Bille féin i mbliana is fearr a thuigfear an cathair mar a tuairisc a bheidh ann. 

Mar a léirigh taighde a dhein Tuairisc.ie anuraidh, níl ach 29 post den 19,795 post atá sa státseirbhís faoi láthair aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo.

Ocht bpost a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo a líonadh sa státseirbhís in 2017 agus líonadh ceann de na folúntais sin, sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, le duine nach cainteoir Gaeilge í.

Idir an dá linn, beidh ionadaithe  ó Fhoras na Gaeilge, ó Údarás na Gaeltachta, ón gComhairle Ealaíon agus ó Fibín Teo os comhair cruinniú de chuid an Choiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht inniu chun plé a dhéanamh ar chás na Gaeilge sna healaíona.

Dúirt cathaoirleach an choiste sin, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Peadar Tóibín, gur “cuid thábhachtach í an Ghaeilge, idir scríofa agus labhartha” agus gur “uirlis riachtanach” iad na healaíona freisin “maidir leis an nGaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt”.

Fág freagra ar 'Caithfidh reachtaíocht nua ‘rogha réalaíoch’ a thabhairt don saoránach maidir le húsáid na Gaeilge leis an Stát'