Caithfidh na Connachtaigh freagra ceart a thabhairt ar an lag-iarracht seachtain ó shin

Bhuail Cúige Laighean stánáil ar Chúige Chonnacht an tseachtain seo caite agus caithfidh foireann Andy Friend freagra a thabhairt roimh an gcéad chluiche eile idir na foirne i gCorn na gCuradh an tseachtain seo chugainn

Caithfidh na Connachtaigh freagra ceart a thabhairt ar an lag-iarracht seachtain ó shin

Andy Friend. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Is cinnte go bhfuil na cúigí ar fad sásta go bhfuil fáil acu arís ar na himreoirí a bhí ar dualgas idirnáisiúnta agus cluichí móra i gCorn na gCuradh rompu ar fad faoi cheann seachtaine. Fágann sin nach bhfuil ach coicís agus cluiche amháin acu le cleachtadh a thabhairt do na himreoirí céadrogha le teacht i dtír arís ar phatrúin agus cleachtais imeartha a gcuid foirne.

As baile a bheas Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh inniu agus an dá fhoireann sin ar a míle dícheall ag iarraidh rudaí a cheartú ón deireadh seachtaine seo caite nuair a chaill siad cluichí URC.

San Iodáil a bheas dhá fhoireann atá i dtrioblóid sa gcomórtas ag tabhairt faoina chéile inniu, Benetton atá sa gceathrú háit déag i gcoinne Chonnacht atá sa deichiú háit. Fuair an dá fhoireann seo greadadh an deireadh seachtaine seo caite, toradh a chuir lena gcuid deacrachtaí ach a bhain dá gcáil chomh maith. Caithfidh Cúige Connacht freagra ceart a thabhairt ar an lag-iarracht sin seachtain ó shin más leo réiteach ceart a dhéanamh roimh thabhairt faoi Chúige Laighean arís faoi cheann seachtaine. I gcás foirne an bhaile, cé gur ag réiteach don chomórtas sóisearach, Corn an Dúshláin, atá siadsan, beidh siad ag iarraidh an bhearna cúig phointe sin a scarann iad féin agus Cúige Chonnacht a laghdú. Tá seans maith acu sin a dhéanamh anois ó tharla a gcuid imreoirí idirnáisiúnta a bheith ar ais.

Tá cluiche dúshlánach eile roimh na hUltaigh san Afraic Theas agus iad ag tabhairt faoi na Bulls, foireann atá sa seachtú háit ar an tábla agus atá ag imirt go maith sa mbaile. D’aimsigh siad 55 pointe agus bua le pointe bónais i gcoinne na nDragons seachtain ó shin. Bhí na hUltaigh díomách gur theip orthu sa gcéad chluiche san Afraic seachtain ó shin agus beidh siad ag súil go seasfaidh seachtain eile ag cleachtadh agus ag imirt go hard os cionn leibhéal na farraige leo inniu.

Níl aon dabht ach gurb í an choimhlint idir Cúige Mumhan atá sa tríú háit ar an tábla agus na curaidh, Cúige Laighean, atá ar a bharr, rogha chluichí an chomórtais an deireadh seachtaine seo. Is iad Cúige Laighean rogha na coitiantachta don chluiche seo ainneoin gurb iad atá as baile. Mar sin féin, is deacair Mumhain a shárú i Luimneach. Ós rud é go bhfuil fáil acu ar a gcéad rogha imreoirí, beidh an dá thaobh ar thóir bua agus cúis gleo ach ag an am céanna beidh siad ag cleachtadh do Chorn na gCuradh faoi cheann seachtaine. Tá mé ag súil le sárchluiche, ceann a bheas thar a bheith fisiciúil óna thús ach níl mé cinnte an leor filleadh Carbery, O’Mahony agus Murray chun stop a chur le sodar Chúige Laighean.

Feicfidh muid linn. Is fiú go mór breathnú ar an gcluiche seo.

Fág freagra ar 'Caithfidh na Connachtaigh freagra ceart a thabhairt ar an lag-iarracht seachtain ó shin'