Caithfidh na Connachtaigh a bheith an-chúramach nó cuirfidh na Bulls tástáil mhaith orthu

Beidh na Connachtaigh, a chaill a gcéad chluiche sa chraobh United Rugbaí an tseachtain seo caite ag iarraidh rudaí a chur ina gceart agus iad ag imirt sa mbaile anocht

Caithfidh na Connachtaigh a bheith an-chúramach nó cuirfidh na Bulls tástáil mhaith orthu

Seans go raibh an mí-ádh ar na Bulls agus na Sharks, an dá fhoireann is fearr ón Afraic Theas atá ag imirt san URC, gur chas siad ar an dá fhoireann is láidre ón tír seo i mBabhta 1 an deireadh seachtaine seo caite.

Ní raibh mórán stró ar Chúige Laighean, curaidh an chomórtais le ceithre bliana, pointe bónais a fháil i gcoinne na mBulls, foireann nár chláraigh ach trí phointe ó chic éirice thar ochtó nóiméad i gcomparáid leis an 31 pointe a shlánaigh foireann an bhaile.  B’ionann an cás do na Muimhnigh agus iadsan ag ceannsú na Sharks ar fhód Thuamumhan.

Anocht cuirfidh na Connachtaigh fáilte den chéad uair ariamh roimh na Bulls agus iadsan ag iarraidh rudaí a chur ina gceart agus tús lag curtha acu lena bhfeachtas seachtain ó shin.  Beidh an port céanna ag na Connachtaigh, foireann eile a chaill agus iadsan as baile i gCaerdydd i mBabhta 1.

Más le foireann Andy Friend an lá a thabhairt leo caithfidh siad patrún na bliana seo caite a iompú bunoscionn. Bhíodh dea-scéala ag na Connachtaigh anuraidh i gcluichí as baile ach ba mhalairt scéil a bhí acu agus iad ag imirt sa mbaile.

Ón méid a chonaic mise ón dá fhoireann seo agus iad ag imirt i mBabhta 1, tá mé den tuairim go gcaithfidh na Connachtaigh a bheith an-chúramach mar go gcuirfidh na Bulls tástáil mhaith orthu i gcluiche a bheas fisiciúil óna thús.

Is deacair a shamhlú go mbeidh mórán deacrachtaí amárach ag na hUltaigh, dream a bhuaigh i mBabhta 1 agus iadsan san Iodáil i gcoinne Zebre, dream a chaill sa gcéad chluiche. Fiú agus buntáiste an bhaile ag Zebre, is cinnte go mbeidh pointe bónais ar intinn na nUltach.

Sa mbaile arís a bheas na Muimhnigh tráthnóna amárach agus iad ag tabhairt faoi fhoireann eile ón Afraic Theas, na Stormers. Ach an oiread le Cúige Uladh is cinnte go mbeidh na Muimhnigh dírithe ar phointe bónais le cur leis an gceann a d’aimsigh siad i mBabhta 1. Cé a chuirfeadh milleán orthu go háirithe nuair a chlis ar na Stormers i mBabhta 1.

Sea, tá bua baile eile i ndán don Arm Dearg.

Is ar an mBreatain Bheag a bheas triall na Laighneach tráthnóna Dé Domhnaigh le tabhairt faoi na Dragons, foireann eile a chaill i mBabhta 1, in ainneoin go raibh buntáiste an bhaile acu. Is deacair tada seachas bua, agus bua le pointe bónais, b’fhéidir, a thuar do na curaidh, Cúige Laighean.

Fág freagra ar 'Caithfidh na Connachtaigh a bheith an-chúramach nó cuirfidh na Bulls tástáil mhaith orthu'