Caithfidh na Cláirínigh ceachtanna na bliana seo caite a fhoghlaim

Cúis mhór díomá don Chlár a bhí sa taispeántas a thug siad i gcoinne Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh ach deis acu ar dhíoltas inniu

Caithfidh na Cláirínigh ceachtanna na bliana seo caite a fhoghlaim

Cill Chainnigh v An Clár – Páirc an Chrócaigh, 4.00in (Beo ar RTÉ/BBC)

Mar a tharla anuraidh, tá Cill Chainnigh ag teacht chuig an gcluiche seo tar éis dóibh Craobh Laighean a bhuachan agus an Clár ag teacht go Páirc an Chrócaigh tar éis dóibh an-taispeántas a thabhairt i gcluiche ceannais na Mumhan, cé gur chlis arís orthu an ceann is fearr a fháil ar Luimneach nuair a bhí an seans acu.

Ba iad na Cláirínigh rogha na coitiantachta ag mórán don chluiche leathcheannais sin in aghaidh na gCat ach cé go bhfuil foireann Brian Lohan ag imirt níos fearr i mbliana ná mar a bhíodar anuraidh, fágann an greadadh uafásach a bhuail Cill Chainnigh orthu dhá mhí dhéag ó shin nach bhféadfadh ach dóchas a bheith ag lucht tacaíochta an Chláir gur scéal eile a bheidh ann i mbliana.

Bheadh níos mó muiníne acu murach na gortuithe atá ag cur as d’imreoirí tábhachtacha. Seans go bhfeicfear John Conlon, arbh éigean dó an pháirc a fhágáil in aghaidh Átha Cliath sa bhabhta ceathrú ceannais tar éis dó buille crua a fháil, ach tá amhras freisin faoi David McInerney, a chaill an cluiche céanna de bharr gortú coise, agus Aidan McCarthy, an té is cruinne ag an Chlár ó na buillí saora.

Tony Kelly an Chláir ©INPHO/Ryan Byrne

Tá amhras ann i gcónaí faoi Conor Cleary agus an lánchúlaí sínte ó thús mhí an Mheithimh, ach tá sé féin McCarthy agus McInerny ainmnithe ar an bhfoireann ag Brian Lohan. Buille mór a bhí ann nuair nach raibh Conlon ar fáil don chluiche idir na foirne anuraidh agus beidh a chumas san aer ag teastáil inniu más aon chomhartha é an taispeántas a thug Cill Chainnigh i gcluiche ceannais Laighean.

Cé go bhfuil Diarmuid Lyng tagtha isteach mar bhainisteoir i mbliana, tá seantréithe foirne Brian Cody le feiceáil in imirt na gCat go fóill. D’imir Cill Chainnigh le díocas agus le díograis in aghaidh na Gaillimhe an mhí seo caite agus ceannas iomlán acu ar na Connachtaigh aon uair go raibh coimhlint san aer ann.

Dea-scéal a bheidh ann do Chill Chainnigh má bhíonn Adrian Mullen in ann imirt tar éis gortú ordóige a bhain dó in aghaidh Loch Garman mar chuirfeadh seisean go mór le himirt Chill Chainnigh ar an ionsaí agus iad uaireanta ag brath an iomarca ar Eoin Cody agus TJ Reid chun scóranna a fháil.

Beidh súile go leor ar Tony Kelly freisin. Rinne Mikey Butler sárjab ag marcáil draoi an Chláir sa chluiche leathcheannais anuraidh agus caithfidh Brian Lohan bealach a fháil chun Kelly a thabhairt isteach san imirt má tharlaíonn an rud céanna inniu. Bheadh sé róshimplí a rá go n-éireoidh go maith leis an Chlár má éiríonn go maith le Kelly, ach níl sé mórán níos casta mar scéal ná sin ach an oiread.

Fág freagra ar 'Caithfidh na Cláirínigh ceachtanna na bliana seo caite a fhoghlaim'