‘Caithfidh mé cluasa cait a cheannacht, a Mhamaí, ach tá m’airgead féin agam’

Tharraing Mamaí an carr isteach agus léim an Drámadóir Beag amach as an gcarr agus í ag sacadh boinn síos ina pócaí théis iad a chomhaireamh

‘Caithfidh mé cluasa cait a cheannacht, a Mhamaí, ach tá m’airgead féin agam’

‘Caithfidh mé cluasa cait a cheannacht, Mamaí,’ arsa an Drámadóir Beag lena Mamaí an lá cheana agus iad ag tiomáint trí shráidbhaile Bheanntraí.

‘Cluasa cait? Ní cheapaim gur féidir iad sin a cheannacht,’ a deir Mamaí agus súil aici ar an mbóthar is iad ag déanamh a mbealach abhaile ón scoil. Tá abairtí áirithe sa saol seo a thagann aniar aduaidh ort agus sílim go bhfuil ‘caithfidh mé cluasa cait a cheannacht’ ar cheann acu. 

‘Le haghaidh mo chulaith Samhna,’ a mhínigh an Drámadóir beag, ‘tá’s a’m cá’l siad le fáil,’ a deir sí, ‘agus tá mo chuid airgid féin agam!’

‘Ok,’ arsa Mamaí, ‘tarraingeoidh mé isteach ag doras an tsiopa agus féadfaidh tú rith isteach is iad a fháil.’ Bhí an margadh déanta. 

Tharraing Mamaí an carr isteach agus léim an Drámadóir Beag amach as an gcarr agus í ag sacadh boinn síos ina pócaí théis iad a chomhaireamh. ‘Tá deich euro agam,’ a dúirt sí agus isteach léi sa siopa. 

Ní fada nó gur tháinig sí amach arís agus dhá chluas cait, (cluasa bréige a bhí iontu, is dóigh gur cheart dom é sin a shoiléiriú), i lámh amháin aici agus bosca sa lámh eile ar a raibh grianghraf de bhean agus folt glas gruaige uirthi. 

‘Tá wigs acu freisin!’ a d’fhógair sí isteach trí fhuinneog an phaisinéara. ‘Breathnaigh ar an ngruaig seo, Mamaí, dhéanfadh sí culaith iontach!’ 

‘Cé mhéad atá air?’ a d’fhiafraigh Mamaí. Ní raibh sise scuabtha chun siúil ag an iontas ba dheireanaí seo agus í fós tógtha le cúrsaí fánacha tura ar nós airgead agus costas. 

‘Deich euro ar an ngruaig ghlas,’ a d’fhreagair an Drámadóir Beag. ‘Agus cé mhéad ar na cluasa?’ a d’fhiafraigh Mamaí. ‘Sé euro,’ an freagra a fuair sí. 

Bhreathnaigh an Drámadóir Beag ar na hiontais a bhí ina lámha aici. ‘Breathnaigh ar an bpictiúr seo,’ a deir sí agus í ag taispeáint an phictiúir ar an mbosca ina raibh an folt bréige dá Mamaí. ‘Nach bhfuil sé chomh cool!’ 

‘Bhuel, ní féidir leat ach ceann acu a fháil ar an airgead atá agat,’ a mhínigh Mamaí, ‘pioc an ceann is fearr leat agus…’ 

Bhí an Drámadóir Beag imithe sula raibh an abairt ráite aici, agus a haghaidh ar ais isteach sa siopa. ‘Tá mé a ghabháil an wig a cheannacht!’ a d’fhógair sí siar thar a gualainn. 

Abhaile leo agus siar sa seomra leis an Drámadóir Beag ag réiteach na gcultacha Samhna. Ní fada nó gur tháinig béic uafáis aniar ón seomra. ‘Níl maith ar bith sa ngruaig seo!’ a deir sí agus an-díomá uirthi. 

Ba leor amharc amháin ar an bhfolt bréige le tuiscint go raibh difríocht nach beag idir an táirge a bhí istigh sa mbosca agus an grianghraf a bhí ar an mbosca. Is dóigh nach bhfuil duine ar bith againn nár cheannaigh cat i mála uair amháin nó uair eile ina saol. 

‘Níl sí cosúil leis an gceann ar an mbosca ar chor ar bith!’  a dúirt sí go croíbhriste. ‘Mamaí, caithfidh muid é a thabhairt ar ais go dtí an siopa! Caithfidh mé cluasa cait a cheannacht!’ 

Fág freagra ar '‘Caithfidh mé cluasa cait a cheannacht, a Mhamaí, ach tá m’airgead féin agam’'