Caithfidh Dún na nGall smacht á léiriú más fúthu Baile Átha Cliath a a chloí arís

Is iad Dún na nGall an fhoireann is deireanaí a bhuaigh ar Bhaile Átha Cliath, sa tsraith ná sa chraobh, ach caithfidh siad guaim a choimeád orthu féin más fúthu an gaisce céanna a dhéanamh tráthnóna

Caithfidh Dún na nGall smacht á léiriú más fúthu Baile Átha Cliath a a chloí arís

Paddy McGrath agus Dean Rock. INPHO/Cathal Noonan

Dún na nGall v Baile Átha Cliath, Bealach Féich, 14:00

Tabharfaidh Baile Átha Cliath aghaidh ar an bhfoireann is deireanaí a sháraigh iad, sa tsraith ná sa chraobh, nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Dhún na nGall i mBealach Féich tráthnóna. Ba i gcoinne Dhún na nGall i gcluiche leathcheannais na hÉireann 2014 a chaill foireann Jim Gavin cluiche sraithe nó cluiche craoibhe go deireanach agus tá 31 cluiche imeartha ó shin acu.

Ba bheag nár cuireadh deireadh leis an tsraith cluichí sin coicís ó shin in aghaidh Thír Eoghain agus foireann Gavin cúig phointe chun deiridh sa dara leath i bPáirc an Chrócaigh. D’éirigh leo an scór a chothromú a bhuíochas de chic saor in am cúitimh ó Dean Rock agus is iad scóranna fear Bhaile Munna atá á gcoinneáil ar bharr uisce faoi láthair.

As an deich bpointe a scóráil Baile Átha Cliath in aghaidh Thír Eoghain, d’aimsigh Rock sé cinn acu ó chiceanna saora. Sa chluiche a bhuaigh siad i gcoinne an Chabháin an tseachain roimhe sin, ocht bpointe a bhí ag Rock. Tuigfidh Dún na nGall go maith mar sin go gcaithfidh siad smacht a choinneáil orthu féin áit ar bith taobh istigh den líne 45m.

D’éirigh le foireann Rory Gallagher é sin a dhéanamh sa chluiche craoibhe a d’imir na foirne anuraidh. Níor aimsigh Rock ach ceithre phointe ó chiceanna saora agus níor éirigh le Baile Átha Cliath bearna a chruthú idir na foirne go dtí fíordheireadh na himeartha.

Ba mhór an spreagadh do Dhún na nGall cúl Ryan McHugh an lá sin, agus is cinnte go mbeidh súil ghéar á coinneáil ag Baile Átha Cliath ar fhear Chill Charthaigh, go háirithe toisc gur aimsigh sé dhá chúl eile ina gcoinne sa chluiche úd a bhuaigh na Conallaigh in 2014. Má faoin bhfoireann baile an lá a thabhairt leo tráthnóna, seans go mbeidh ceann nó péire eile ag teastáil uaidh.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Ciarraí v Muineachán, Páirc Mhic Gearailt, 14:00

Beidh bainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice ag súil le taispeántas láidir ar feadh 70 nóiméad in aghaidh Mhuineacháin tráthnóna óir thit an tóin as foireann na Ríochta sa dara leath i gcoinne Mhaigh Eo coicís ó shin.

Bhí Ciarraí ceithre phointe chun tosaigh sa chluiche sin i dTrá Lí i mbabhta a dó agus ba cheart go mbeadh farasbarr níos mó acu ag leath ama. Chuir David Moran cic éirice amú agus níor thapaigh Ciarraí roinnt deiseanna eile ar chúl.

Bhí an tosach óg Jack Savage go mór sa treis arís, ach is údar imní do Fitzmaurice an gortú a bhain de James O’Donoghue roimh an gcluiche agus an gortú a bhain de Paul Geaney lena linn. Tá imreoirí nua cumasacha ag imirt do Chiarraí le tamall anuas ach beidh O’Donoghue agus Geaney ag teastáil go géar as seo go deireadh na bliana.

Beidh Malachy O’Rourke ag súil go mbeidh níos mó croí in imirt Mhuineacháin tar éis dóibh críochnú ar comhscór ina gcluiche in aghaidh an Chabháin, 0-7 an taobh. Níor aimsigh Muineachán a gcéad scór go dtí go raibh 23 nóiméad imeartha sa chéad leath agus ní bhfuair siad scór ar bith idir an 48ú nóiméad agus deireadh an chluiche.

Bhuaigh Muineachán ar Chiarraí i dTrá Lí dhá bhliain ó shin, 1-11 in aghaidh 0-10, ach mura dtagann feabhas mór orthu, is beag seans go dtarlóidh a leithéid arís inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Fág freagra ar 'Caithfidh Dún na nGall smacht á léiriú más fúthu Baile Átha Cliath a a chloí arís'

  • Pól Réamonn

    Bhí an bua ag Muineachán inniu.