Cé gurb é an cluiche leathcheannais idir Cúige Laighean agus Toulouse i Staid Aviva an chloch is mó ar phaidrín lucht leanúna rugbaí na tíre seo inniu, faillí a bheadh ann gan tagairt a dhéanamh do thréan-iarracht na Mumhan, agus Peter O’Mahony go háirithe, sa gcluiche ceathrú ceannais seachtain ó shin.
Cé go raibh na Muimhnigh ag imirt ar pháirc a sean-namhad féin agus i gcoinne churaidh faoi chúig an chomórtais seo, Toulouse, ní hamháin go raibh fir na ngeansaithe dearga cothrom ag deireadh ochtó nóiméad ach bhí siad amhlaidh ag deireadh fiche nóiméad breise. Den chéad uair sa gcomórtas b’éigean dul i muinín ciceanna pionóis chun na foirne a scaradh óna chéile. Faraor, theip ar na Muimhnigh sa gcomórtas ciceála sin ach mar sin féin léirigh siad cur chuige, misneach agus scileanna rugbaí nach bhfacthas uathu le fada, fada an lá.
Ag breathnú siar ar an gcéad ochtó nóiméad imeartha, is féidir méar a leagan ar chúpla eachtra agus cinneadh a lig síos na Muimhnigh. Ina measc tá an dá chic éirice sin ar theip ar Carbery iad a shlánú agus an ceann fada ó 56 méadar a chuaigh ar fóraoil ó bhróg Healy, gan trácht ar chinneadh an réiteora gan ach cárta buí a thabhairt d’imreoir de chuid Toulouse nuair a bhí cárta dearg tuillte aige.
Is beag a chuir siad sin le cás na Mumhan, ach rud a chuir ná an tacaíocht ghlórach ón lucht leanúna agus crógacht Peter O’Mahony a d’imir an cluiche ab fhearr a d’imir sé ariamh, é ag tabhairt na himeartha chuig an namhaid nuair nach raibh ar a chumas seasamh fiú. Tá áit i measc mhórlaochra na Mumhan cinntithe ag O’Mahony dó féin go deo na ndeor. Ach ag a dheireadh ar fad is ar Toulouse a bhí an t-ádh gus is iadsan a bheas ag imirt i Staid Aviva den dara huair in aon seachtain amháin.
Beidh le feiceáil an chun leasa Toulouse nó a mhalairt an cluiche uafásach crua sin a bhí acu i gcoinne na Muimhneach. Ainneoin go ndearna Leicester tréan-iarracht sa dara leath ina gcluiche ceathrú ceannais féin i gcoinne Chúige Laighean, ní féidir comparáid ar bith a dhéanamh idir an fhisiciúlacht a bhain leis an dá chluiche seo. Is cinnte go raibh fir Leo Cullen i bhfad níos compordaí ag deireadh a gcluiche siúd ná mar a bhí foireann Toulouse. Ach is imreoirí gairmiúla iad seo ar fad agus tá cuid acu ag saothrú na gcéadta míle euro as a bheith ag imirt rugbaí.
Má tá buntáiste ag aon taobh roimh thús an chluiche seo is ag foireann Átha Cliath atá sé, iad sa mbaile, na mílte ag tacú leo agus iad b’fhéidir níos aclaí nó níos fuinniúla ná an freasúra. Ach sin a bhfuil de bhuntáistí acu. Ní bheidh ach cúigear déag ar an bpáirc ag ceachtar foireann ag aon am agus tá na Francaigh níos mó agus níos troime ná na hÉireannaigh. Caithfidh Cúige Laighean dul i ngleic le toirt Toulouse agus má éiríonn leo sin a dhéanamh, mar a rinne Cúige Mumhan seachtain ó shin, beidh siad i gcluiche ceannais eile faoi cheann coicíse. Ach roimhe sin tá ochtó nóiméad crua agus thar a bheith fisiciúil i ndán don dá fhoireann seo.
Má bhíonn an cluiche seo fiú leath chomh maith leis an dá chluiche ceathrú ceannais a d’imir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean an tseachtain seo caite beidh cluiche míorúilteach eile againn.
Dála an scéil, dhá fhoireann Fhrancacha, La Rochelle, foireann atá faoi stiúir Ronan O’Gara agus Racing 92 atá sa gcluiche leathcheannais eile. Tá mise ag tuar bua do La Rochelle. Nár bhreá linn cluiche ceannais idir Chúige Laighean agus foireann O’Gara a fheiceáil i Marseille ag deireadh na míosa seo?
Feicfidh muid linn.
Fág freagra ar 'Caithfidh Cúige Laighean dul i ngleic le toirt Toulouse '