Caithfear tvuíteáil! #CrénaCille á ghiolcadh an tseachtain seo chugainn

Déanfar úrscéal iomráiteach Mháirtín Uí Chadhain a tvúiteáil ó thús deireadh ag tosú ag 2pm an tseachtain seo chugainn

Caithfear tvuíteáil! #CrénaCille á ghiolcadh an tseachtain seo chugainn

Tá Cré na Cille an scannán iomráiteach bunaithe ar mhórshaothar Mháirtín Uí Chadhain le hathchraoladh ar TG4 mar chuid de chomóradh 20 bliain an stáisiúin i mbliana – agus le tvúiteáil beo ó thús deireadh!

Cuireadh Cré na Cille i láthair an phobail ar go leor bealaí ó chéadscríobh an Cadhnach é ina thráthchodanna sa nuachtán Scéala Éireann i 1949, ach sa bhliain 2012 tugadh isteach i saol an 21ú haois ceart é nuair a ‘craoladh’ an dráma ar Twitter.

Tá sé i gceist ag ROSG, an comhlacht léiriúcháin a rinne an scannán in 2007, Cló Iar-Chonnacht, foilsitheoirí reatha an leabhair, agus an tOllamh Kevin Scannell, a bhfuil cáil bainte amach aige mar shaoi digiteach na Gaeilge, an dráma a chur ar siúl arís ar Twitter i mbliana.

Bhí @CaitrionaBot ina tost ó 3 Eanáir 2013 ach tháinig beocht arís inti níos túisce an tseachtain seo agus chéad líne cháiliúil an leabhair á craoladh aici:

Tá sé i gceist ag lucht a stiúrtha an dráma Twitter uilig a chur ar siúl arís Dé Luain seo chugainn. Beidh cuntais Twitter ag carachtair an leabhair agus beidh siad ag giolcaireacht agus ag geabstaireacht ar feadh 20 nóiméad in aghaidh an lae ar feadh coicíse. Tá an dráma le tosú ag a 2 a chlog Dé Luain seo chugainn agus is féidir an scéal a leanacht leis an haischlib #crénacille. Ní gá a bheith cláraite ar Twitter leis an dráma digiteach a leanacht, is féidir an scéal ar fad a fheiceáil gan cuntas Twitter ach an haischlib a chuardach.

Tá cosúlachtaí go leor idir stíl chainte na gcarachtar agus an cineál cumarsáide a bhíonn idir úsáideoirí Twitter, cé gur beag trácht a bhí ar ríomhairí i 1949 agus níos lú fós ar líonraí sóisialta a bheith ar fáil orthu. Tá teachtaireachtaí ar an suíomh teoranta do 140 litir ach níor chuir an líon beag sin isteach ar an dráma an uair dheiridh ar craoladh ar Twitter é – áit a mbíonn giolcacha gairide agus idir shúgradh agus dháiríre, an naimhdeas agus an grá agus iad ar fad fite fuaite lena chéile.

Tá an dráma Twitter bunaithe ar script an leagain scannáin a léirigh ROSG naoi mbliana ó shin. Beidh 23 carachtar ar an iomlán ‘beo’ ar Twitter ar feadh na coicíse. Craolfar an leagan scannáin féin ar TG4 ag 10 a chlog ar an 29 Deireadh Fómhair mar chuid den tsraith TG4XX.

Fógraíodh níos túisce an tseachtain seo go bhfoilseofar aistriúchán Seicise de Cré na Cille an bhliain seo chugainn i bPrág agus tá sé fógartha ag Cló Iar-Chonnacht go bhfoilseofar eagrán nua de bhunleagan Gaeilge an leabhair roimh an Nollaig.

Fág freagra ar 'Caithfear tvuíteáil! #CrénaCille á ghiolcadh an tseachtain seo chugainn'